Na cluichí ag teacht go tréan agus an caighdeán ar fheabhas

JOHN ALLEN: Bhí cluichí iontacha againn an tseachtain seo caite agus tá a thuilleadh cluichí suimiúla romhainn amach

Na cluichí ag teacht go tréan agus an caighdeán ar fheabhas

Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Ní aon dabht ach go raibh oíche go maidin ag an Ionad Comhdhála aréir agus na gradaim do na peileadóirí agus iománaithe is fearr sa tír á mbronnadh. Is ócáid speisialta í seo do na himreoirí, go háirithe iad siúd a fhaigheann an gradam luachmhar, agus tugann sé seans dóibh chomh maith bualadh lena chéile taobh amuigh de pháirc fhuar na himeartha, áit ar naimhde iad.

Ach cad é mar seacht lá iomána a bhí againn, tús curtha le comórtais na gcúigí agus cluichí ceannais contae fós á n-imirt chomh maith.

San ardchathair bhuaigh seaimpíní chraobh shinsir chlubanna na hÉireann, Cuala, corn an chontae den tríú bliain as a chéile .
Dar ndóigh tá súil ghéar á coinneáil acu ar an bpríomhghradam náisiúnta arís ach beidh foireann nua i gcomórtas Laighean agus agus gaoth sna seolta acu, sin iad Baile Dic, curaidh nua Chill Chainnigh, a thug leo craobh an chontae den chéad uair ó 1993.
Is iontach an cluiche a sholáthraíonn ocht gcúl agus fiche a cúig cúilín dúinn agus b’in a bhí againn nuair a bhuadar ar a gcomharsana James Stephens sé lá ó shin. Seans go bhfeicfimid foireann seo Bhaile Dic go rialta agus iad san iomaíocht do na gradaim mhóra agus deichniúr den chúigear déag a thosaigh faoi 22 bliain d’aois. Is buntáiste í an óige ach, b’fhéidir, an t-am seo bliana, gur fiú níos mó an taithí, rud atá go láidir ag Cuala. Casfaidh na foirne seo ar a chéile amárach i bPáirc Parnell, agus pé foireann a bhuafaidh é seo bheifeá ag ceapadh gurb iad a bheidh ag ceiliúradh roimh Nollaig i gcluiche ceannais an chúige, go háirithe agus Abhallort Loch Garman as an rás. Caithfidh go mbeidh ardchoimhlint anseo againn.

Bhí a leithéid d’ardchoimhlint againn cheana san ‘eipic’ idir Baile Mhic Gonair agus Sáirséalaigh Dhurlais an Domhnach seo caite. Ní raibh ach cúilín amháin eatarthu anuraidh nuair a bhuaileadar lena chéile agus ní raibh ach dhá cheann eatarthu sé lá ó shin agus sin i ndiaidh am breise. B’in an seachtú cluiche as a chéile atá buaite ag foireann na nDéise ach seachain go luífidís ar na maidí mar tá siad ag dul chun páirce arís amárach agus seaimpíní an Cláir Droichead Abhann Uí gCearnaigh rompu i bPáirc an Bhreathnaigh. Is breá le himreoirí a bheith ag imirt cluichí agus má fhaigheann siad a ndóthain sosa idir cluichí agus cóir leigheas cheart dá gcolainn bíonn siad ag imirt i mbarr a maitheasa.
Bheinn ag ceapadh go mbeidh foireann na nDéise rómhaith do na Cláirínigh an uair seo.

Sa chluiche leathcheannais eile tabharfaidh An Dúcharraig as Corcaigh aghaidh ar Chill Mhoceallóg chun iarracht a dhéanamh neart, cumas, ealaín agus taithí Phiarsaigh Luimnigh a chloí. Ní dóigh go mbeidh siad ábalta chuige. Beidh na Piarsaigh d’uireasa an tosaí ábalta Shane Dowling atá gortaithe ach fós ceapaim go mbeidh siad rómhaith do na Corcaígh. Cuimhnigh gur bhuaigh an fhoireann dúiche Uí Mac Coille ar Charraig Dubh i gcraobh Chorcaí ach dar ndóigh níl foirne dúiche ceadaithe sa chraobh chúige.
Mar sin mórán ar siúl ar pháirc na himeartha agus lasmuigh di.

Fág freagra ar 'Na cluichí ag teacht go tréan agus an caighdeán ar fheabhas'