Na Cláirínigh a chlóigh na Cait ag dul ó neart go neart

Dar ndóigh, ní scaoth breac agus is dána an mhaise ‘bás’ fhoireann ar bith atá faoi chúram Bhrian Cody a fhógairt

Colm Galvin agus Lester Ryany. Pictiúr: ©INPHO/James Crombie
Colm Galvin agus Lester Ryan. Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

Ní raibh ionadh orm gur bhuaigh an Clár ar Chill Chainnigh an Domhnach seo caite ach cinnte bhíos thar a bheith tógtha leis an tslí ina ndearnadar é. Le deich mbliana anuas tá na Cait ina ríthe ar dhomhan na hiomána. ‘Bí ag insint rud éigin dúinn nach bhfuil ar eolas cheana againn,’ a deir tú .

De ghnáth imríonn siad formhór na gcluichí ar a dtéarmaí féin. Dé Domhnaigh seo a d’imigh tharainn ba é ag an Clár a bhí smacht ar an imirt ón tosach agus is iad imreoirí an Chláir a leag síos cén saghas cluiche a bhí romhainn.

Bhuadar beagnach gach cath aonair agus bhí an cluiche thart ag leath ama. Is rí-annamh a rinne aon fhoireann é sin ó 2006. Seasann cluiche ceannais Laighean 2012 amach mar an lá sin bhain díograis na Gaillimhe siar as na Cait sa chéad leath. Ach tríd is tríd imríonn  Cill Chainnigh de réir mar a thograíonn siad. Ar an Domhnach níor ligeadh dóibh é sin a dhéanamh agus b’in an rud a rinne an difríocht don Chlár.

Bhí sé soiléir ó caitheadh isteach an liathróid an lá cheana go raibh cuma fhiánta ar imreoirí an Chláir. D’imríodar i bpacaí agus níor thugadar aon deis do Chill Chainnigh scóranna a cruthú go héasca. Bhí spiorad fíochmar iontu agus aon lá a mbíonn an spiorad sin agus cur chuige tomhaiste ag aon fhoireann, is féidir leo an beart a dhéanamh.

Ta sé ráite go mion minic go bhfuil an mianach sa Chlár i láthair na huaire. Faraor bhí rud éigin in easnamh orthu le dhá bhliain anuas. Bhí cuma leamh orthu, ach i mbliana le cabhair Paul Kinnerk agus an Corcaíoch Dónal Óg Cusack tá lústar flústar ag baint leo agus ag dul i neart atá siad le gach cluiche.

Thug an feachtas in 1B deis dóibh cuid mhaith imreoirí a thriail agus de réir mar a d’imríodar d’fhás muinín na foirne.

Anois agus iad ag prapáil do chluiche ceannais na sraithe tá buntáiste ollmhór eile acu agus an  t-imreoiriontach sin Tony Kelly ag teacht ar ais ón ngortú a bhí á chrá le cúpla mí anuas. Anuas air sin, d’imir Podge Collins a chéad chluiche sraithe iomána iomlán ó 2014 ar an Domhnach freisin.

Ba iad an bheirt sin cuisle na foirne nuair a thug an contae leo Corn Mhic Cárthaigh trí bliana ó shin agus ba laige foireann an Chláir le tamall dá n-uireasa.

Dar ndóigh, ní scaoth breac agus is dána an mhaise ‘bás’ fhoireann ar bith atá faoi chúram Bhrian Cody a fhógairt. Nílimse chomh saonta sin go ndéanfainn a leithéid, ach fós is dea-scéal do chúpla contae eile é go bhfuil fadhbanna ag na Cait chéanna. Thug tú faoi deara a léitheoir gur scríobh mé ‘cúpla contae’ mar níl ach fíorbheagán díobh san iomaíocht don duais is tábhachtaí. Mar atá rudaí faoi láthair, chomhairfeá ar aon lámh amháin na contaetha a bhfuil seans réasúnta acu Craobh Shinsir na hÉireann a thabhairt leo i mbliana.

Ach is cinnte go bhfuil na Cláirínigh ina measc más aon fhianaise a bhfacamar ar an Domhnach.

Fág freagra ar 'Na Cláirínigh a chlóigh na Cait ag dul ó neart go neart'

  • alan

    Is fior dhuit nach scaoth breac agus nil an t-aon bhreac amhain ar an bport ag na Clairinigh sin fos, ta ualach mor breac ag na Cait agus is beagan ar bheagan a itheann an Cat an scadan! Bhi lucht an airm in easnamh ar Codia agus Michael Fennelly. Sin iad na leaids a bhfuil an cruas agus an tathag iontu a bheidh ag teastail sna mionna amach romhainn. Tuigeann Codia e sin go maith agus is e mi Dheireadh Fomhair ata i gcul a chloiginn aige i gconai gan aon amhras. Bearfaidh se ar an uain ar an urla nuair a thiocfaidh an t-ionu. Ach ta ciona no dho eile anois ag na Clairinigh chomh maith, Donall Og, an ciona is mo ar fad acu. Straiteisi agus leitheoir ar leithligh is ea e sin ar an gcluiche agus maistir i mbainistiocht daoine ina theannta sin. Chomh cliste ceanna le Codia no nios cliste fiu. Agus ta na himreoiri eile sin acu a luaigh tu chomh maith. Beidh na Cait ag cronan leo no go dtosnoidh an craobhchomortas ach beidh faobhar ar a gcrucai ansin, geallaimse dhuit.