Na chéad trí phlean teanga seolta ag Aire na Gaeltachta, ach ‘ní féidir ceann acu a chur i bhfeidhm cheal acmhainní’

Deir Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige nach féidir an plean teanga a chuir siad le chéile a chur i bhfeidhm d’uireasa na n-acmhainní atá luaite sa phlean atá á sheoladh ag Aire na Gaeltachta anocht

Na chéad trí phlean teanga seolta ag Aire na Gaeltachta, ach ‘ní féidir ceann acu a chur i bhfeidhm cheal acmhainní’

Tá pleananna teanga do thrí limistéar pleanála teanga á seoladh anocht i nGaoth Dobhair ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh, ach tá ráite cheana féin ag an gcoiste a dhréachtaigh ceann amháin de na pleananna sin nach mbeifear in ann é a chur i bhfeidhm cheal acmhainní.

Dúirt Donncha Ó hÉallaithe ó Fhóram Pleanála Teanga Chois Fharraige le Tuairisc.ie go “nglacann an coiste leis” go bhfuil an plean a cuireadh faoi bhráid an Aire faofa aige ó tharla go bhfuil sé lena sheoladh anocht, ach nach bhfuair siad aon scéala ar ais ón Roinn faoin maoiniú atá á lorg acu don phlean.

“Is cúis imní agus díomá don choiste go bhfuil an chuma ar an scéal anois nach gcuirfear na hacmhainní cuí ar fáil leis an bplean a réitigh an Fóram a chur i bhfeidhm. Aontaíodh Plean Teanga Chois Fharraige le hÚdarás na Gaeltachta agus seoladh chuig Roinn na Gaeltachta é sé mhí ó shin le go bhfaigheadh sé faomhadh ón Aire.

“Is bunmhian sa bplean go bhfostófaí triúr oifigeach leis an bplean cuimsitheach, a iarradh ar an bhFóram a ullmhú agus ar thug an Fóram faoi go díograiseach. Is cosúil nach gceadófar ach duine amháin a fhostú, Oifigeach Pleanála Teanga, le tús a chur le feidhmiú an phlean,” a dúirt Ó hÉallaithe.

Dúirt sé gur “údar díomá agus míshástachta” é nach mbeidh ach fostaí amháin leis an bplean a chur i gcrích mar gur “léir ón obair ar fad” go dteastaíonn beirt eile, Oifigeach Óige agus Oifigeach Oideachais, leis an bplean mar a réitíodh é a chur i bhfeidhm.

“Tá súil againn go mbeidh an Roinn ag suí síos linn, ach níor chuala muid uathu. Tá an plean acu le sé mhí, bhíomar ag súil má bhí aon deacracht acu, go dtiocfaidís i dteagmháil linn,” a dúirt sé.

Suas le €100,000 a fógraíodh don chéad bhliain d’fheidhmiú gach plean teanga.

Maítear go gcosnódh sé thart ar €250,000 in aghaidh na bliana na moltaí atá i bplean Chois Fharraige a chur i bhfeidhm.

Tá ráite ag lucht na pleanála teanga i nGaoth Dobhair chomh maith nach leor na hacmhainní atá á gcur ar fáil.

Seolfaidh Joe McHugh anocht pleananna teanga do Ghaoth Dobhair agus Íochtar na Rosann, Cloich Chionnaola, agus Cois Fharraige.

San áireamh sa dá phlean atá le seoladh do Ghaeltacht Dhún na nGall tráthnóna, tá Rann na Feirste, Anagaire, Loch an Iúir, Gort an Choirce, an Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh.

San áireamh i bplean Fhóram Chois Fharraige tá an chuid sin de Chois Fharraige a shíneann soir ó Dhroichead Chasla go dtí Sruthán na Líbeirtí, ceantar na bhForbacha agus an Spidéil san áireamh.

Tá na pleananna á seoladh anocht in Amharclann Ghaoth Dobhair.

Tá “fáilte mhór” curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh sheoladh na gcéad phleananna teanga faoin bpróiseas pleanála teanga a tugadh isteach faoi Acht na Gaeltachta 2012. I ráiteas a d’eisigh an eagraíocht tráthnóna dúradh gur “céim shuntasach eile í seo atá á tógáil sa bpróiseas pleanála teanga”.

“Níl aon dabht ach gur chuidigh an próiseas pleanála teanga, atá ar siúl le trí bliana anuas, feasacht a chruthú sa bpobal faoi thábhacht na Gaeilge, na dúshláin mhóra atá le sárú agus an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge a fhágáil mar oidhreacht ag an gcéad ghlúin eile. Tá aird shuntasach tugtha sna pleananna seo don tábhacht atá le ról na hóige, mar shampla, agus díríonn gach ceann de na trí Phlean Teanga ar an óige sna bearta atá leagtha amach.

“Tá go leor beart agus gníomhaíochtaí fiúntacha agus cruthaitheacha leagtha amach sna pleananna teanga. Is moltaí iad seo a tháinig ó na pobail féin agus atá bunaithe ar na riachtanais atá acu dar leo,” a dúradh i ráiteas an Údaráis.

Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord an Údaráis go bhfuil na pleananna teanga “tábhachtach iontu féin” ag leibhéal an phobail ach go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis an bpróiseas agus an cur chuige a d’úsáid na heagraíochtaí agus coistí a d’ullmhaigh iad.

“Léiríodh spiorad láidir an rannpháirteachais agus na meithle, na tréithe láidre Gaelacha sin a chuidigh le pobal na Gaeltachta anuas trí na glúine a spriocanna pobail a bhaint amach agus iad ag obair le chéile go deonach, gualainn ar ghualainn, ar mhaithe le leas na gcomharsan agus ar mhaithe le leas na teanga.

“Thuig na Ceanneagraíochtaí agus a gCoistí Stiúrtha go raibh sé riachtanach go mbeadh an pobal curtha ar an eolas faoin phróiseas pleanála teanga agus go bhfeicfeadh siad féin go raibh ról lárnach acu sa phróiseas. Tá úinéireacht an phobail sa phróiseas ó thús tréimhse ullmhúcháin an phlean agus anois sa chéim fheidhmithe riachtanach,” a dúirt Ní Ghallachair.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, go raibh “ard-mholadh tuillte ag na Ceanneagraíochtaí, a gCoistí Stiúrtha Pleanála Teanga agus a bpobail as a ndúthracht agus a n-iarrachtaí san obair dhúshlánach a bhain le réiteach na bpleananna teanga”. Dúirt Ó hÉanaigh go mbeadh an tÚdarás ag obair leis na Ceanneagraíochtaí agus na Coistí Stiúrtha Pleanála Teanga “i dtreo fheidhmiú na bpleananna teanga sin”.

Fág freagra ar 'Na chéad trí phlean teanga seolta ag Aire na Gaeltachta, ach ‘ní féidir ceann acu a chur i bhfeidhm cheal acmhainní’'

  • Páid Ó Donnchú

    Seilpeanna rannáin Rialtas lán le pleananna nach raibh curtha i bhfeidhm. Ní cheart an phlean (plean iontach) a bheith tugtha dhóibh ach tá sé acu anois.
    Bosca tiocáilte.

  • Cráite

    Níl le cloisteáil uaidh Dhonncha ach scéal chaileach an uafáis i gcónaí. Cén mhaith a dhéanann an duairceas seo don teanga, seachas a bheith ag cur droch mhisneach ar dhaoine?

  • Donncha

    Plean eile! Dúisigh mé nuair a bhéas gníomh!