‘Ná ceadaígí an scannal seo atá náiriúil amach is amach’ – dúshlán an Fhorais tugtha faoin tionscadal foclóra

Tá litir oscailte scríofa ag Jake Mac Siacais chuig Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an bhoird ag impí orthu gan dul ar aghaidh leis an tionscadal foclóireachta atá beartaithe ag an bhForas. Níor cheart, dar leis, acmhainní a úsáid ar an gcaoi seo fad is atá ciorruithe á ndéanamh ar an Scéim Pobal Gaeilge

Foclóir-cropped3

dúshlán cheannasaíocht Fhoras na Gaeilge tugtha ag iarbhall dá bhord maidir le tionscadal nua foclóireachta atá molta ag an eagraíocht. Tá litir oscailte scríofa ag Jake Mac Siacais chuig Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an bhoird ag impí orthu gan dul ar aghaidh leis an tionscadal foclóireachta atá beartaithe ag an bhForas. 

Ba ina ról mar Stiúrthóir ar an eagraíocht Forbairt Feirste a scríobh Mac Siacais chuig Liam Ó Maoilmhichíl, Cathaoirleach Bord Fhoras na Gaeilge agus chuig Eoghan Mac Cormaic, Leas-Chathaoirleach an bhoird.

Dar le Mac Siacais nár cheart acmhainní an Fhorais a úsáid ar an gcaoi seo fad is atá ciorruithe á ndéanamh ar an Scéim Pobal Gaeilge. Tuairiscíodh inné go bhfuil beartaithe ag an bhForas togra mór foclóireachta a chur ar bun sna seacht mbliana amach romhainn ar chostas €12.6m. Má ghlacann an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas le moladh an Fhorais, déanfar forbairt ar fhoclóirí Gaeilge-Béarla agus Gaeilge-Gaeilge idir na blianta 2016-23.

In agallamh le Nuacht TG4 tráthnóna, dúirt Príomhfheidhmeanach an Fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh, nach raibh aon bhaint ar chor ar bith ag plécháipéis ar an bhfoclóireacht a sceitheadh chuig na meáin leis an Scéim Pobal Gaeilge.

Ghlac Bord an Fhorais leis an moladh seo i bprionsabal ag a gcruinniú le linn Oireachtas na Samhna, ach níl iarratas déanta go fóill chuig na Ranna Urraíochta maidir leis an tionscadal nua foclóireachta a fhaomhadh. De réir an phlean seo, chruthófaí 35 post nua, idir phoist bhuana agus phoist pháirtaimseartha.

sásta atá Mac Siacais faoin bplean seo, áfach.

ag scríobh na litreach seo chugaibh le himpí oraibh ó mo chroí istigh gníomh scoir fiúntach a ghlacadh ar son Pobal na Gaeilge sula n-éiríonn sibh as an bhord,” a scríobh sé ina litir oscailte.

Tiocfaidh deireadh le tréimhse bhord reatha Fhoras na Gaeilge taobh istigh de choicís agus tá Mac Siacais den tuairim gur cheart dóibh stop a chur leis an togra atá beartaithe ag an bhForas roimhe sin.   

“Impím oraibh gan na postanna buana atá molta sa tionscadal Foclóra a cheadú agus gan an tionscadal mar atá molta a cheadú ach an oiread. Tá a fhios agam go mbeidh bhur mballraíocht ar an Fhoras istigh ar an 12/12/15.

Níl ach tamaillín fágtha agaibh. Ná ceadaígí an scannal seo atá náiriúil amach is amach,” a scríobh sé.                                                                                                                                    

Ciorruithe ar an Scéim Pobal Gaeilge is mó atá ag déanamh imní do Jake Mac Siacais. Faoin scéim sin, cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil d’eagraíochtaí Gaeilge ar bhonn uile-oileánda le hoifigeach forbartha a fhostú chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn pobail.

Faoi láthair, tá 19 oifigeach fostaithe ag grúpaí pobail faoin Scéim. Is i dTuaisceart Éireann atá 11 acu sin lonnaithe. Ach faoi na coinníollacha nua atá molta ag an bForas don chéad bhabhta eile maoinithe, deir grúpaí Gaeilge go ndéanfar dochar mór dóibh.

Déanfar ciorrú 20% ar thuarastal gach Oifigeach Forbartha Gaeilge, chomh maith le ciorruithe eile ar bhuiséad an chláir imeachtaí agus ar dheontas cíosa faoin scéim nua a chuirfear i bhfeidhm an bhliain seo chugainn.

Anuas air sin, ní bheidh cead ag aon ghrúpa pobail a n-éiríonn leo faoin gcéad bhabhta eile den Scéim iarratais a dhéanamh ar scéimeanna eile pobail de chuid Fhoras na Gaeilge ar nós scéimeanna óige, scéim na gcampaí samhraidh srl. Cúis imní é seo do go leor de na heagrais Ghaeilge, i mBéal Feirste go háirithe.

“Tuigim go maith go dtuillimid foclóir,” a scríobh Mac Siacais, “ach i bhfianaise an ghanntanais airgid, agus an gearradh siar uafásach, scannalach, náiriúil atá á dhéanamh ar an Scéim Pobal Gaeilge, ní thiocfadh le haon Ghael a bhfuil coinsias acu an tionscadal foclóra reatha seo a cheadú.

“Níl sé rómhall. Déan an rud a shíleann tú bheith ceart agus ná lig do ‘féinshuim’ na ndaoine a bheas ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin fríd an mholadh reatha dallamullóg a chur oraibh. Níl an tionscadal seo a dhíth sna téarmaí reatha atá molta dó. Cuir stad leis agus bíodh deis ag an phobal guth s’acu a nochtadh ar an cheist seo,” a dúirt Mac Siacais.

Fág freagra ar '‘Ná ceadaígí an scannal seo atá náiriúil amach is amach’ – dúshlán an Fhorais tugtha faoin tionscadal foclóra'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Teastaíonn foclóirí.
    Cosnaíonn foclóirí airgead.
    Cruthaíonn a leithéid de thionscnamh fostaíocht ghairmiúil.

  • Concubhar

    Roinnt ceisteanna do Dhaithí agus eile atá ag cosaint an chaiteachas seo atá beartaithe ag an bhForas.
    Sara gcuirim ceist ar bith, ní miste a rá nach bhfuilim i gcoinne foclóir nua bheith ann, cé go bhfeictear dom go mbeidh dhá fhoclóir nua ann, ar chostas €6m, laistigh de dhá bhliain. Ní thuigim go bhfuil práinn ann ag an pointe seo le foclóir eile agus ní thuigim cén fath go bhfuil costas chomh súntasach luaite leis, sé sin €12.5m. Níl an cás gnó déanta – go deimhin níl aon chás déanta le pobal na Gaeilge faoin ngá atá leis na bhfoclóírí seo anois agus cén fath go mbeadh an oiread sin de phota teann na Gaeilge caite leo.
    In ainneoin go séanann príomh fheidhmeannach Fhoras na Gaeilge go bhfuil nasc ann idir na ciorruithe ar leithéidí Scéim Phobal na Gaeilge agus an plean seo €12.5m a chaitheamh ar fhoclóir nua Gaeilge Gaeilge, tharla an dhá chiinneadh ag an cruinniú céanna agus tá lúb ar lár idir rá le lucht Scéim Phobal na Gaeilge go gcaithfidh siad gearradh siar go 4 lá oibre in aghaidh na seachtaine agus feidhmiú gan airgead togra nó cíosa agus an Foras ag maíomh nach bhfuil airgead ann chuige agus, ar an láimh eile, bheith ag lorg suim ollmhór mar seo do thogra foclóra eile.
    An gceapann daoine gur cheart tosaíocht a thabhairt d’fhoclóír thar obair na ngniomhaithe atá ar a ndícheall ag spreagadh úsáid agus cur chun cinn na teanga i measc an phobail? Cén fath nach bhfuil an Fhoras ag iarraidh airgead breise don airgead tabhachtach seo? Cén fath go bhfuil práinn leis an bhfoclóir nua anois? Ar cheart obair na bhfoclóirí a fhagáil leis na hollscoileanna seachas ag Foras na Gaeilge? Is léir ón Oxford English Dictionary go n-oibríonn an múnla seo i Sasana i leith an Bhéarla. Cén fath nach bhfagtar an obair faoin NUI/Coláiste na Tríónóide/Ollscoil Uladh/Ollscoil na Ríona anseo in Éirinn?

  • Jake MacSiacais

    A Dháithí , a chara,
    Teastaíonn obair Pobal-bhunaithe.
    Cosnaîonn obair Pobal-bhunaithe.
    Cruthaíonn a leithéid de thionscnaimh fostaíocht ghairmiúl.

  • Jake MacSiacais

    https://www.forbairtfeirste.com/forbairt-news/spotsholas-ar-sheodra-mhic-adhaimh-macadam-gems-under-the-spotlight/ seo píosa ón am seo 2 bliain ó shin a léiríonn an tabhacht a leagán Forbairt Feirste ar shathaor na foclóireachta. Ba chóir dóibh siúd atá ag cur I mo leith go bhfuil mé “in éadan foclóirí” an léacht a thug Dr Charlie Dillion, ball reatha de Choiste Téarmaíochta FnaG, ar chuireadh uaim, ar tabhacht na hoibre seo.

  • Glór í Eo

    Idir an dá linn tá caifé Fraincise agus caifé Spáinise timpeall an chúine ó oifigí an Fhorais i mBÁC ach gan caifé nó spás poiblí don Ghaeilge sa bpríomh chathair.