Na cait in uachtar arís

Ba iad na Cait a bhí in uachtar arís i 2014, ach tá feabhas ag teacht ar chaighdeán na hiomána bliain i ndiaidh bliana.

Richie Power, Chill Chainnigh, chun tosaigh ar Paddy Stapleton, Tiobrad Árainn. ©INPHO/Ryan Byrne
Richie Power, Chill Chainnigh, chun tosaigh ar Paddy Stapleton, Tiobrad Árainn. ©INPHO/Ryan Byrne

Bhuel sin é. Tá deireadh déanta agus seaimpíní nua iomána againn i gCraobh na Sinsear (‘Nua’! a deir tú).

Dá mhéid a athraíonn cúrsaí is ea is mó a fhanann siad mar a bhí, a deir an seanrá. ’Sea, Cill Chainnigh ar bharr an dréimire arís i ndiaidh bliain amháin a chaitheamh i ngéibheann. Anuraidh bhí an chuma ar an scéal go raibh ré órga na gCat thart. Faraor, níor aontaigh Brian Cody leis an smaoineamh sin. Arís i mbliana, thugadar leo Corn Liam Mhic Cárthaigh, Corn Chraobh Laighean, Corn an Bhreathnaigh agus Corn na Sraithe, agus é sin go léir déanta gan ach achar gairid ar an bpáirc a thabhairt don laoch Tommy Walsh, agus fíorbheagán ama ach oiread faighte ag Henry Shefflin.

Is iontach an contae iomána iad i láthair na huaire agus is iontach an bainisteoir é Brian Cody. Deich gcraobh Éireann buaite faoi stiúir Cody agus deich mbonn ag Shefflin. Cad é mar éacht agus mar choriarracht. Bhí an t-ádh linn go bhfacamar Shefflin i mbarr a réime.

Ach cén sórt bliain iomána a bhí againn? Ní dóigh go raibh sé chomh maith agus chomh suimiúil agus a bhí sé anuraidh. Bhí seampíní nua i gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean againn i 2013 agus nuair a shroiceamar na cluichí leathchraoibhe, ní raibh ach foireann amháin de na trí cinn “mhóra” fágtha agus i ndeireadh na dála, bhuaigh an Clár le foireann óg, fhuinneamhach, chliste, a d’imir an spórt ar luas lasrach.

I mbliana, bhí na trí fhoireann mhóra sin ar ais ar barr agus, dar ndóigh, Tiobrad Árann agus Cill Chainnigh ag troid don duais is luachmhara san iomáint. Agus cad é mar chluiche craoibhe a bhí againn. An ceann is fearr riamh, a deir na saineolaithe, agus aontaím leo. Bhí an athimirt ar fheabas freisin agus taispéantas dian, lán de spiorad agus de chrógacht tugtha ag Cill Chainnigh.
Tríd is tríd, ní féidir mórán d’údar gearáin a bheith ann faoi chaighdeán na hiomána i láthair na huaire. Tá an spórt ag feabhsú bliain i ndiaidh bliana.

Is maith an rud freisin go bhfuil cuma na maitheasa ar Loch Garman agus an chosúlacht ar an scéal nach fada go mbeidh siad ar ais i measc na mboc mór. Rinneadar éacht i gcoinne an Chláir sa Chraobh Sinsear agus thaispeáin an fhoireann faoi 21cgo bhfuil cuid mhaith imreoirí eile beagnach ullamh do ghrád na sinsear.

Mar an gcéanna le Luimneach. Tá an fhoireann sinsear ag feabhsú an t-am ar fad agus tá sé cruthaithe ag scata maith ógánach ón bhfhoireann mionúr go bhfuil an cumas iontu an chéim in airde a thabhairt sara i bhfad. Chun bheith macánta faoi, níl ach leathdhosaen contae go bhfuil aon seans acu Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt leo i 2015.

Tá sé deacair go leor a rá cé acu runga den dréimire ar a bhfuil Baile Átha Cliath, an Ghaillimh, Corcaigh agus Port Láirge faoi láthair. Ach taobh amuigh des na contaetha atá luaite agam, is beag seans atá ag aon chontae eile ar Chorn Liam Mhic Cárthaigh sna blianta beaga amach romhainn.

Ní fada uainn anois 2015 agus seo leis an timpeallán ar luascadh arís. Agus nach iontach an rud bheith ag súil leis sin agus oícheanta fada an gheimhridh ag síneadh amach romhainn?