Na Cait in uachtar arís agus Gaillimh curtha de dhroim seoil acu sa dara leath

Thit an lug ar an lag ag Gaillimh sa dara leath de chluiche ceannais na hÉireann tráthnóna agus is ar éigean a rinne aon imreoir ó Chill Chainnigh botún sa tréimhse chéanna

GAA Hurling All Ireland Senior Championship Final, Croke Park, Dublin 6/9/2015 Kilkenny vs Galway Kilkenny players lift captain Joey Holden and the Liam McCarthy Cup in celebration Mandatory Credit ©INPHO/Morgan Treacy
Joey Holden agus imreoirí Chill Chainnigh agus Corn Liam Mhic Cárthaigh buaite acu don dara bliain as a chéile  ©INPHO/Morgan Treacy

Bliain eile thart agus bua eile ag na Cait. I ndiaidh na cainte uile faoin méid imreoirí a chaill Chill Chainnigh an bhliain seo caite agus an méid a bhí buaite ag na himreoirí sin, is ag cur lena stór bonn a bhí siad arís inniu. Ar feadh 35 nóiméad, dhealraigh sé go raibh seans ag Gaillimh a gcéad chraobh le 27 mbliana a bhuachan ach pé rud a dúirt Brian Cody lena himreoirí sa seomra feistis, rinneadar beart de réir a bhriathair sa dara leath. Ní raibh ach aon fhoireann amháin sa choimhlint sa dara leath agus is ar éigean a rinne aon imreoir i ngeansaí Chill Chainnigh botún sa tréimhse sin.

Iarracht amháin a chuir siad amú sa dara leath agus fiú ansin, bhí Hawk-Eye ag teastáil chun deimhin a dhéanamh de go ndeachaigh iarracht TJ Reid cúpla miliméadar amú.

Naonúr a scóráil do Chill Chainnigh sa 35 nóiméad deireanach. Bhí gach ceann dá dtosaithe ina measc siúd a d’aimsigh an sprioc chomh maith leis an mbeirt lár páirce.

Ar an taobh eile, thit an tóin as Gaillimh go huile agus go hiomlán sa dara leath sin. Tar éis dóibh úsáid chliste a bhaint as seilbh na liathróide sa chéad leath, níor bhreathnaigh sé go raibh mórán smaoinimh ar bun acu i bhformhór na ngluaiseachtaí a bhí acu sa dara leath, seachas an sliotar a sheoladh chomh fada óna gcúl féin agus ab fhéidir.

GAA Hurling All Ireland Senior Championship Final, Croke Park, Dublin 6/9/2015 Kilkenny vs Galway GalwayÕs John Hanbury dejected Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
John Hanbury na Gaillimhe agus é croíbhriste tar éis an chluiche ©INPHO/James Crombie

Níor oibrigh aon cheann d’athruithe Anthony Cunningham sa dara leath ach an oiread. Tháinig Fergal Moore isteach in áit Andy Smith mar ionadaí sealadach agus cé nach raibh sé ar an bpáirc ach 30 soicind, chuir sé iarracht amú. Ba é an scéal ceannann céanna é ag Greg Lally agus Conor Cooney, a chuir iarrachtaí ar fóraoil agus iad os comhair na bpostaí.

Ba é David Collins, a tháinig isteach i ndiaidh 24 nóiméad, an t-aon ionadaí a raibh tionchar ar bith aige ar an imirt, agus é ar a dhícheall a chomhghleacaithe a spreagadh le dhá phointe sa dara leath.

Is é an rud is mó a chuirfidh díomá ar lucht leanta na Gaillimhe agus imreoirí na Gaillimhe ná go raibh siad ag déanamh chomh maith sin sa chéad leath. Cé go raibh cuma sách neirbhíseach orthu ag an tús, tháinig siad isteach sa chluiche go láidir sa dara cuid den leath.

Chuir cúl TJ Reid Cill Chainnigh chun cinn i ndiaidh 12 nóiméad ach níor ghéill na Gaillimhigh agus Jason Flynn go háirithe ar thús cadhnaíochta. D’aimsigh an fear óg cúpla poc saor iontacha, chomh maith le pointe ón imirt, chun go mbeadh farasbarr trí phointe ag na Gaillimhigh ag leath ama, 0-14 le 1-8.

Ba é déine imirt na Gaillimhe a chinntigh go raibh an farasbarr sin acu ach seans go raibh baint ag an iarracht mhór lena gcliseadh sa dara leath agus an oiread sin fuinnimh caite acu sa chéad 35 nóiméad. Trí huaire sa chéad 20 nóiméad don dara leath a d’éirigh le Cill Chainnigh trí phointe as a chéile a fháil. Aon uair go bhfuair Gaillimh pointe sa tréimhse sin, agus ní minic a tharla sé, b’sheo le Cill Chainnigh arís chun cúpla scór eile a fháil. Dealraíonn sé gur bua é seo a bhíonn ag imreoirí na gCat, is cuma cé hiad na himreoirí atá éirithe as.

Maidir le Gaillimh, níor éirigh go maith ar chor ar bith sa dara leath le cuid de na himreoirí is tábhachtaí acu. Ba é Cathal Mannion an tosach is fearr a bhí ag Gaillimh go dtí seo i mbliana ach ní raibh tionchar ar bith aige ar an imirt inniu. Ba é an dála céanna é ag Jonathan Glynn agus Joe Canning sa dara leath.

Agus naoi nóiméad fágtha, bhí deis ag Canning an bhearna a laghdú go dhá phointe ach chuir sé a phoc saor amú. Ón bpoc amach, d’aimsigh Colin Fennelly pointe eile chun ceithre cinn a fhágáil eatarthu. B’shin é scéal an dara leath do Ghaillimh.

Ní dhearna cúl Canning ag deireadh an chluiche ach cuma níos fearr a chur ar chlár na scór. Sula bhfuair an lántosach an scór sin, bhí ceithre cinn déag de phointí aimsithe ag foireann Brian Cody agus gan ach ceithre cinn faighte ag Gaillimh, léargas ar fhorlámas na gCat.

De réir na cainte roimh an gcluiche, ba é seo an fhoireann ba mheasa riamh a bhí ag Brian Cody. Más é seo Cill Chainnigh agus iad ar leathchois, go bhfóire Dia ar na foirne eile nuair a bheidh siad i mbarr a sláinte arís.

Fág freagra ar 'Na Cait in uachtar arís agus Gaillimh curtha de dhroim seoil acu sa dara leath'