Na Cait agus Cody in uachtar arís

B'iad an dá líne lán chúil ba thábhachtaí sa chluiche seo. Cé go raibh Port Láirge cothrom go maith le Cill Chainnigh san imirt, is iad na botúin a rinne siad i measc na gcúlaithe a mharaigh iad.

GAA Hurling All Ireland Senior Championship Semi-Final, Croke Park, Dublin 9/8/2015 Kilkenny vs Waterford Kilkenny's TJ Reid celebrates scoring the opening goal goal Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan
TJ Reid ag ceiliúradh. ©INPHO/Cathal Noonan

Tar éis dóibh an lá á thabhairt leo i gcoinne Phort Láirge tráthnóna, tá Cill Chainnigh cáilithe do chluiche ceannais na hÉirean don tríú huair déag faoi cheannas Brian Cody. Ó tháinig Cody isteach i 1999, ní raibh ach trí bliana ann nár bhain na Cait an cluiche ceannais amach (2001, 2005 agus 2013).

B’iad an dá líne lánchúil ba thábhachtaí sa chluiche seo. Cé go raibh Port Láirge cothrom go maith le Cill Chainnigh san imirt, is iad na botúin a rinne siad i measc na gcúlaithe a mharaigh iad.

Bhí foireann Derek McGrath ag treabhadh leo sa chéad ceathrú huaire, iad ar comhscór gan mórán spáis á thabhairt acu do thosaithe Chill Chainnigh. Ansin a tháinig cor cinniúnach sa scéal. Buaileadh ceann fada isteach i dtreo na cearnóige, léim Tadhg de Búrca agus Jamie Coughlan le chéile agus nuair nár rug ceachtar acu ar an sliotar, bhí TJ Reid fágtha agus é i mbun seilbhe gan aon duine thart air. Cúl.

Bhí Port Láirge chun deiridh as sin amach.

Arís ag tús an dara leath, cuireadh stop tobann leis an dul chun cinn a bhí á dhéanamh ag Port Láirge. Bhí na Déisigh i ndiaidh dhá phointe a fháil mar fhreagra ar scóranna ó Chill Chainnigh nuair a sheol Coughlan an liathróid trí bhotún chuig Reid ar an líne 21m. Ba é fear Bhaile hÉil a bhí buíoch agus pointe eile aige. Tháinig scóranna eile ó Cillian Buckley agus Ger Aylward go tréan ina dhiaidh sin i bhfaiteadh na súl agus fágadh Port Láirge cúig phointe chun deiridh, 1-14 in aghaidh 0-12.

Ar an taobh eile den scéal, bhí líne lánchúil Chill Chainnigh ar fheabhas. Ní raibh aon áireamh ar an méid uaireanta a tháinig Paul Murphy, Joey Holden nó Shane Prendergast amach leis an sliotar. Bhí baint ag caighdeán na bpasanna leis an scéal chomh maith, áfach, agus níor tugadh mórán seans do Maurice Shanahan ná Shane Bennett dul i bhfeidhm ar an gcluiche. Ba é Colin Dunford, a d’aimsigh 0-4 sa dara leath, an t-aon Déiseach a bhí in ann beagán dul chun cinn a dhéanamh in aghaidh chosantóirí Chill Chainnigh.

Gan ach ceathrú huaire fágtha, ní raibh ach cúl ag scaradh na bhfoirne ach ba léir nach raibh teacht aniar i ndán do Phort Láirge. Sa deireadh, d’éirigh le Richie Hogan agus Ger Aylward barr smaise a chur ar chlár na scór.

Bhí cluiche sách ciúin ag Hogan ach nuair a tháinig an sliotar ina threo, bhain sé an oiread agus a d’fhéadfadh sé as na seansanna a fuair se. Cé nach é an fear is mó ar an bpáirc é, faoi dhó sa chéad leath, rug sé ar an sliotar san aer chun pointe a scóráil agus d’aimsigh sé dhá phointe eile sa dara leath.

Ina dhiaidh sin féin, ní bheidh mórán eagla ar Ghaillimh ná ar Thiobraid Árann rompu má imríonn siad sa gcaoi chéanna sa chluiche ceannais. Ní raibh Colin Fennelly ná Eoin Larkin le feiceáil ar chor ar bith san imirt agus ba léiriú ar chaighdeán na n-ionadaithe é nach raibh Cody sásta athrú ar bith a dhéanamh.

Maidir le Port Láirge, níor cheart dóibh a bheith ródhian orthu féin sna laethanta atá le teacht. Beidh díomá ar Derek McGrath agus a chuid imreoirí nár imir siad leis an díograis chéanna a thaispeáin siad i gcluichí eile, ach is foireann óg iad agus ba é seo a gcéad chluiche sinsear i bPáirc an Chrócaigh ag cuid acu. Ba chailliúint mór é Pauric Mahony freisin mar is beag a bhí na tosaithe ábalta a chruthú dá uireasa. Ach má réitíonn siad é sin, ní bheidh siad i bhfad as marc.