Ná bac deis a thabhairt do na contaetha laga, tabharfar deis dóibh nuair a bheidh siad cothrom

Ba bhocht an feic é an cluiche idir Baile Átha Cliath agus Longfort agus níl aon ní cóir i ndán don chraobhchomórtas nó go ndéanfar athruithe radacacha air

Leinster GAA Football Senior Championship Quarter Final, Croke Park, Dublin 31/5/2015 Dublin vs Longford The final score Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Stánáladh ainniseoirí Phort Láirge agus Longfort agus adaíodh an díospóireacht faoi struchtúr an chraobhchomórtais, ar na meáin shósialta ach go háirithe. Dar liom gur ag adú tine ar loch atáthar mar nach bhfuil aon dúil ag na piardaí móra an fód a sheasamh i gcoinne na leasanna dílsithe. Beidh gothaí móra againn ach buillí beaga.

Ba bhocht an feic é an cluiche idir Baile Átha Cliath agus Longfort agus meitheal an Sunday Game ag iarraidh beocht éigin a chur san ócáid. Ba sheó bóthar ar fad é an cúram agus sinn ag tarraingt ar cheann scríbe. Dar liom nár dhein córas an chúldorais mórán difríochta, tagann an t-asal agus capall ráis, an sop agus an scuab chun cuimhne. Tá an díospóireacht ag géarú le tamall anuas. Ní lia duine ná tuairim. Seo luach mo leathphingne:

  • Dhá chomórtas craoibhe a bheith ann: ceann sinsear agus ceann idirmheánach, 16 foireann sa cheann uachtair, an fuílleach sa rannóg íochtair.
  • Ceithre grúpa de cheithre fhoireann. Imríonn siad a chéile faoi dhó, ag baile agus as baile
  • An dá fhoireann ar bharr ag dul ar aghaidh go dtí na babhtaí ceathrú ceannais.
  • Na grúpaí réimnithe in ord feabhais agus tar éis na céad bhliana, shocródh torthaí na ngrúpaí an t-ord feabhais, cáiliú agus dícháiliú don bhliain dár gcionn. Chinnteodh sin iomaíocht agus bóithre chun feabhais.
  • Fáil réidh leis an tSraith Náisiúnta, an t-aon chomórtas gurb eol dom a éiríonn níos mí-iomaíche de réir mar a tharraingíonn sé ar cheann scríbe. Faoi mar a dúirt an té a dúirt agus é faoi agallamh tar éis an tSraith Náisiúnta a bhuachan: “níl faic buaite fós againn.” Agus ní le drochmheas a dúradh é.
  • Cluichí ar an Satharn.
  • Féachaint ar an moladh a bhí ag Dónal Óg Cusack maidir le foirne a chur le chéile ó chontaetha nó cúigí le dul san iomaíocht.

Chinnteodh seo ar fad go mbeadh na foirne is fearr ag tabhairt aghaidh ar a chéile go rialta agus go seachnófaí an stánáil náireach. Ní ghéillim in aon chor don bhladar seo faoi cothrom na féinne a thabhairt do na contaetha laga agus deis a thabhairt dóibh. Tabharfar deis dóibh nuair a bheidh siad cothrom.

Má táthar chomh buartha sin faoi na contaetha laga, déantar acmhainní substainiúla airgid agus daonna a infheistiú iontu (sna clubanna, sna scoileanna, i gcampaí traenála, i bhfearas spóirt, ionaid bharr feabhais srl.) le gur féidir leo dul chun cinn a dhéanamh agus a bheith i measc na bpiardaí móra. Is ansin go mbeidh craobhchomórtas againn gur fiú a bheith ag tnúth leis agus gur fiú féachaint air.

I láthair na huaire (ó thaobh na caide), ní fiú luí ar an gcnaipe go dtí mí Lúnasa.

Fág freagra ar 'Ná bac deis a thabhairt do na contaetha laga, tabharfar deis dóibh nuair a bheidh siad cothrom'