Na 4 imreoir is fearr ar rugadh i Sasana iad ach a d’imir d’fhoireann na hÉireann

Agus Éire ag tabhairt aghaidh ar Shasana an deireadh seachtaine seo agus scéal Jack Grealish go mór sa nuacht, breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar na himreoirí is fearr a d’imir d’Éirinn a rugadh i Sasana

Republic of Ireland 1989 Jack Charlton manager © INPHO/Billy Stickland

… you want me to compete with the best in the World, I’ve got to have the f*****g best in the world. And it’s not here in Ireland that I can find it, I’ve got to go to England to find it, or Scotland…Now, if you don’t want to do that, tell me, and I’ll f*****g concentrate on the League of Ireland and we’ll win nothing.” – Jack Charlton

In ainneoin chluiche an lae inniu i gcoinne Shasana a bheith ag teannadh linn, ba é an t-aon scéal a raibh suim ag na meáin ann le tamall anuas ná scéal Jack Grealish. (Nó b’shin mar a bhí go dtí gur oscail John Delaney a chlab mór.) Tháinig críoch sheafóideach leis an scéal nuair a rinne Martin O’Neill iarracht an t-imreoir óg a thabhairt isteach sa phainéal don chluiche seo in aghaidh na tíre inar rugadh Grealish, an tír eile atá ag iarraidh go n-imreodh sé dóibhsean.

Chuir an scéal ar fad samhnas ar dhaoine ach tá go leor imreoirí ann a rugadh i Sasana ach a rinne a gcion d’fhoireann na hÉireann. Ba é Shay Brennan, i 1965, an chéad imreoir a rugadh i Sasana ach a d’imir d’Éirinn, ach cé hiad an cúigear is fearr?

Mark Lawrenson – 39 cluiche (1977-1988)

Chuir gortaithe isteach ar seal Mark Lawrenson i ngeansaí na hÉireann ach ní beag an tionchar a bhí aige. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Chuir gortaithe isteach ar seal Mark Lawrenson i ngeansaí na hÉireann ach ní beag an tionchar a bhí aige. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Ní raibh Mark Lawrenson fiú feicthe ag imirt ag Johnny Giles nuair a thug sé isteach ar phainéal na hÉireann i 1977 é. Bhí Alan Kelly Snr, a bhí ag obair taobh le Giles, ag obair ag an gclub céanna le Lawrenson, Preston North End, agus eisean a mhol do Giles seans a thabhairt don chosantóir óg.

Ach is beag a shíl Kelly fiú go mbeadh an oireadh sin ratha ar Lawrenson, a chúig shraith agus Corn na hEorpa le Liverpool ina dhiaidh sin. ‘Tá Mark ina mháistir, is cuma cén áit a n-imríonn sé,’ a dúírt bainisteoir Liverpool, Bob Paisley, faoi.

Bhí ról lárnach ag Lawrenson i bhfeachtas cáilithe na hÉireann do Chraobh na hEorpa i 1988 ach gortaíodh é roimh thús an chomórtais. Dá mbeadh sé ar an bpáirc an lá stairiúil sin i gcoinne Shasana, seans go go dtabharfaí níos mó aitheantais dó mar cheann de na himreoirí is fearr a d’imir don tír riamh.

Mick McCarthy – 57 cluiche (1984-1992)

Iarimreoir agus iarbhainisteoir na hÉireann, Mick McCarthy. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Iarimreoir agus iarbhainisteoir na hÉireann, Mick McCarthy. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Níl aon dabht ach go raibh stíl imeartha dhifriúil ag Paul McGrath agus Mick McCarthy i lár aonad cosanta Jack Charlton ach d’fheil siad a chéile agus seans nach raibh aon bheirt eile riamh ann a bhí chomh maith i dteannta a chéile.

Ba chuma gur rugadh McCarthy i mBarnsley; níor ghéill sé orlach riamh nuair a d’imir sé d’Éirinn. Bhí sé ina chaptaen ar fhoireann na hÉireann ag Corn an Domhain i 1990 agus in ainneoin na conspóide ar fad i Saipan, tá meas i gcónaí ar McCarthy sa tír seo agus an meas sin tuillte aige tar éis a ndearna sé don fhoireann náisiúnta, mar imreoir agus mar bhainisteoir.

Andy Townsend – 70 cluiche (1989-1987)

Andy Townsend, a bhí ina chaptaen ar Éirinn ag Corn an Domhain i 1994.
Andy Townsend, a bhí ina chaptaen ar Éirinn ag Corn an Domhain i 1994.

Bhí Townsend 26 nuair a d’imir sé d’Éirinn den chéad uair agus bhí sealanna caite aige le Welling Utd, Weymouth, Southampton agus Norwich faoin am gur thug Jack Charlton faoi deara é. Imreoir eile nach raibh iontach sciliúil, ach a rinne a dhícheall don fhoireann agus b’shin a bhí ó Charlton.

Tar éis sárthaispeántas ag Corn an Domhain san Iodáil, chuaigh Townsend chuig Chelsea ar chostas £3 milliún agus ina dhiaidh sin arís d’imigh sé chuig Aston Villa, áit a raibh Paul McGrath, Ray Houghton agus Steve Staunton ar an bhfoireann chéanna leis. Bhí an ceathrar acu ar aon fhoireann le chéile ag Corn an Domhain sna Stáit Aontaithe chomh maith nuair a fuair Éire an ceann is fear ar an Iodáil agus Townsend mar chaptaen.

John Aldridge – 69 cluiche (1986-1996)

Republic of Ireland v Turkey 17/10/1990 John Aldridge © INPHO
John Aldridge ag ceiliúradh ceann de na trí chúl a d’aimsigh sé in aghaidh na Tuirce i 1990.

Is cinnte go bhfuair Jack Charlton luach a shaothair nuair a thaistil sé chuig Oxford chun labhairt le John Aldridge faoi imirt d’Éirinn. Dúirt an tosach le Charlton go raibh fear eile sa seomra feistis a bhí níos Éireannaí ná Aldridge é féin – Ray Houghton!

Mar a tharla sé, d’éirigh le Charlton a chur ina luí orthu beirt go mba chóir dóibh geansaí glas na hÉireann a roghnú, comhrá a d’fhág a lorg ar stair sacair na tíre seo.

Nuair a chuimhnítear ar Aldridge i ngeansaí na hÉireann, cuimhnítear go minic air ag cailleadh an chloiginn le hoifigeach éigin ar an taobhlíne le linn Chorn an Domhain i 1994 agus is fíor nár scóráil sé chomh minic d’Éirinn is a scóráil sé dá chlubanna. Ach bhí ról eile aige faoi Jack Charlton agus dualgas air i bhfad níos mó oibre a dhéanamh, rud a rinne sé le fonn in ainneoin nach é sin a bua is mó a bhí aige. Bhí tús mall aige le foireann na hÉireann, ach mar sin féin d’aimsigh 19 gcúl dá thír, níos mó ná aon imreoir eile roimhe.

Fág freagra ar 'Na 4 imreoir is fearr ar rugadh i Sasana iad ach a d’imir d’fhoireann na hÉireann'

  • Páid Ó Donnchú

    Paul McGrath?