An 12 albam ceol traidisiúnta is fearr a eisíodh in 2016…

Port Eile! Roghnaíonn ár léirmheastóir cuid de na halbaim is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi le bliain anuas

An 12 albam ceol traidisiúnta is fearr a eisíodh in 2016…

Bhí suas le sé scór dlúthcheirnín traidisiúnta ar fad ar an mbord os mo chomhair amach nuair a bhailigh mé dlúthcheirníní 2016 ar fad le chéile agus tá mise á rá leatsa nach jab éasca ar bith dosaen a roghnú as an méid sin. Bhí togha na dtaifeadtaí ag teacht chugainn ó na ceithre hairde i rith na bliana agus is iontach an rud é sin agus léiríonn sé go bhfuil an traidisiún beo beathach i gcónaí.

TSCD680T-pack-shot-300x265Ní fhéadfainn gan an bailiúchán breá le Reg Hall a d’fhoilsigh Topic Records a lua ar dtús – tá sé cinn de dhlúthcheirníní sa mbailiúchán seo agus iad curtha le chéile mar dhá phacáiste éagsúla It Was Mighty! – The Early Days of Irish Music in London agus It Was Great Altogether! – The Continuing Tradition of Irish Music in London. Tá 196 rian ceoil ar fad ann agus na taifid ar fad beo beathach agus iad taifeadta istigh i dtithe ósta ar nós The Favourite agus The Auld Triangle. Tá ceoltóirí le cloisteáil anseo nach gcloisfí go deo murach gur chaith siad tamall i Londain agus gur chuir Reg Hall an stró air féin iad a thaifeadadh. 

Ní fhéadfainn gan an dlúthcheirnín de cheol Tommy Peoples a tháinig amach i rith na bliana seo a lua. Recorded at Fiddler’s Hearth an teideal atá ar an gceann seo agus is taifeadadh beo é a rinneadh i dTeach Ósta Terry agus Carol Meehan i South Bend, Indiana in 2003 agus arís in 2005.  Tá sé seo ar an sampla ceoil is fearr a tháinig amach riamh d’fhidléireacht Tommy Peoples agus meascán breá de phíosaí traidisiúnta air chomh maith le roinnt mhaith píosaí ceoil a chum sé féin.

Fear eile nár chuala muid uaidh le roinnt blianta ná Matt Molloy ach chuir sé féin, John Carty agus Arty McGlynn dlúthcheirnín nua amach i mbliana, Out of the Ashes ar lipéad Racket Records. Is i dteach ósta Mhatt i gCathair na Mart a rinneadh an taifeadadh agus tá cúig cinn déag de rianta air agus Brian McGrath agus Noel O’Grady mar aoicheoltóirí ina dteannta. Tá ceol fíorthraidisiúnta ar an taifeadadh seo agus iad ag díriú isteach ar cheol thuaisceart Chonnacht, ceantar láidir ó thaobh an cheoil de.

CathreimCludachCD_300_297_c1Chuir Síle Denvir dlúthdhiosca breá le chéile Caithréim agus í ag díriú ar cheol agus amhráin ó Dhrámaí an Phiarsaigh agus ar ndóigh bhí sé seo ar cheann den mhórán a tháinig amach le ceiliúradh a dhéanamh ar an gcéad bliain ó Éirí Amach 1916. I dteannta Shíle ar an taifeadadh, tá Thomas Johnston, Aoife Ní Argáin, Éadaoin Ní Mhaicín, Síomha Mulligan agus Claire Dolan agus seacht gcinn d’amhráin cóirithe go hálainn acu, amhráin aitheanta ar chuid acu agus cuid eile nach raibh cloiste le blianta. Is iad Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh an taifeadadh seo.

Is as Lios Uí Chathasaigh i gCo. an Chláir do Jack Talty, fear a chasann an consairtín agus an pianó. Tá traidisiún fada ceoil ag a mhuintir ó thaobh an cheoil de agus ar ndóigh an-aithne ar a uncail Noel Hill. Thug Jack a chéad dlúthcheirnín aonair amach i mbliana In Flow ar lipéad Raelach Records. Tá fíorthraidisiún ar an dlúthcheirnín seo ó thús go deireadh agus tionlacan aige ó John Blake ar ghiotár agus Ruairí McGorman ar bhasúcaí.

Is iad Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh an dlúthdhiosca The Reel Note le Mick Mulcahy agus a bheirt iníonacha, Louise agus Michelle. Tá aithne mhór ar Mhuintir Uí Mhaolchatha le blianta fada agus an-mheas ar a gcuid ceoil anseo sa mbaile agus i bhfad i gcéin. Tá Mick ag casadh ar an mbosca ceoil agus ar an mileoidean, Louise ar an bpíb uilleann agus ar an bhfliúit agus Michelle ar an gcláirseach, an pianó agus an consairtín. Is ceol fíorthraidisiúnta atá ar an dlúthcheirnín ó thús go deireadh.

Music from The Lost ContinentTháinig dlúthcheirníní an-bhreá againn as Meiriceá anall i rith na bliana agus ina measc bhí Music from The Lost Continent leis an bhfidléir Jesse Smith, an fliúiteadóir Seán Gavin agus fear Londain Shasana ina dteannta, John Blake ar an bpianó. Tá Johnny ‘Ringo’ McDonagh ina dteannta mar aoicheoltóir ar an mbodhrán. Tá an-tóir ag na ceoltóirí óga seo a bheith ag éisteacht leis na taifid a rinneadh siar sna blianta, leithéidí Michael Coleman, James Morrison, Paddy Cronin, Pádraig O’Keefe agus Julia Clifford agus ceoltóirí eile dá leithéid agus tá a dtionchar siúd le cloisteáil ar an gceol atá ar an dlúthdhiosca seo. 

Tá John Blake le cloisteáil ar an dlúthcheirnín The Truckley Howl freisin i dteannta an Mheiriceánaigh Nathan Gourley ar an bhfidil agus bean Shligigh Mairéad Hurley ar an gconsairtín. Is grúpa nua iad seo agus seo an chéad taifead atá déanta acu le chéile. Tá an-suim ag na ceoltóirí seo sa seancheol traidisiúnta freisin agus a thrácht sin le cloisteáil ar a gcuid ceoil.

Bean a bhfuil an-traidisiún aici ó thaobh amhránaíochta agus ceoil de í Saileog Ní Cheannabháin agus thug sise dlúthcheirnín aonair amach i rith na bliana dár teideal Roithleán. Is iad Raelach Records a d’fhoilsigh an dlúthcheirnín agus tá amhráin bhreátha sean-nóis air chomh maith le ceol binn á chasadh ag Saileog ar an bhfidil agus ar an bpianó. Tá an ceol go smior sa mbean óg seo a d’fhás suas i mBaile Átha Cliath ach a chaith tréimhsí thiar in Aill na Brún freisin, áit dhúchais a hathar, Peadar Ó Ceannabháin. Tá roinnt aoicheoltóirí ina teannta ar an taifead seo, a deirfiúr Muireann, a deartháir Eoghan chomh maith le Marie agus Tim McHugh as Co. Mhaigh Eo, Eoin Ó Beaglaoich as Ciarraí agus Jack Talty as Co. an Chláir.

Na MooneysTá muintir Uí Mhaonaigh as Gaoth Dobhair le cloisteáil ar an dlúthcheirnín Na Mooneys agus tá meascán breá ceol uirlise agus amhráin le cloisteáil ar an taifeadadh seo. Tá aithne mhaith againn ar Mhairéad a chasann leis an ngrúpa Altan agus ar Chiarán, a fuair gradam an cheoltóra óig ó TG4 roinnt blianta ó shin ach tá tuilleadh de muintir Uí Mhaonaigh le cloisteáil againn ar an taifeadadh seo, Anna a chasann ar an bhfeadóg agus Gearóid, athair Chiaráin a chasann an giotár. Tá iníon óg Mhairéid, Nia Byrne, le cloisteáil anseo freisin agus an ceol agus na hamhráin á dtabhairt ar aghaidh go dtí glúin nua de Na Mooneys! Ina dteannta freisin tá bean chéile Chiaráin, Caitlín Nic Gabhann agus Manus Lunny. Ar ndóigh tá Gradam Ceoil TG4 2017 le bronnadh ar Mhairéad Ní Mhaonaigh agus déanann muid comhghairdeas léi agus go maire sí a nuacht.

Tá an ceol dúchais go smior i Muintir Uí Iarnáin as Roisín na Mainiach in Iorras Aithneach agus tá dlúthcheirnín breá tagtha ó Mharcus Ó hIarnáin i mbliana dar teideal Coigil an Tine. Tá meascán de sheanphoirt thraidisiúnta agus píosaí nuachumtha le cloisteáil ar an taifeadadh seo agus a chlann Proinsias agus Breandán ina theannta chomh maith lena nia Labhrás. ’Sé mian a chroí ag Marcus an ceol dúchais a fuair sé fhéin ar an teallach agus é ag éirí aníos a thabhairt don ghlúin atá ag teacht ina dhiaidh agus tá sin déanta go paiteanta aige. Tá amhráin á gcasadh ag Don Stiffe agus ag Mary Éinniú ar an dlúthcheirnín seo freisin.

siar-johnny-og-770x770Siar an teideal atá ar an dlúthcheirnín is déanaí atá tagtha ó Johnny Óg Connolly agus cé gur ceol nua-chumtha atá anseo, tá blas an traidisiúin orthu ar fad agus is cinnte go bhfuil dúchas agus traidisiún a athar, Johnny Phádraig Phetair tugtha leis go breá aige. Tá tionlacan álainn tugtha ag Garry Ó Briain agus ag John Blake dó agus is pléisiúr a bheith ag éisteacht leis ó thús go deireadh.

Fág freagra ar 'An 12 albam ceol traidisiúnta is fearr a eisíodh in 2016…'

  • James

    Céard faoi Stéibh Eile ó Nan ?