Na 11 scéal Gaeilge is aistí agus is iontaí ó 2016

Bhí go leor scéalta aite agus iontacha ann i saol na Gaeilge le linn 2016. Seo cuid acu…

Na 11 scéal Gaeilge is aistí agus is iontaí ó 2016

Moladh Mhancháin Magan gan aon bhaint a bheith ag an rialtas leis an nGaeilge

RollingNews.ie

Dúirt an t-údar agus an láithreoir teilifíse, agus iarrthóir olltoghcháin in 2016, Manchán Magan nár cheart ról ar bith a bheith ag an rialtas ó thaobh cúrsaí na Gaeilge de agus gur cheart an cheist a fhágáil faoi ealaíontóirí a thabharfadh faoi rudaí “nua” a chruthú i nGaeilge.

Dúirt Magan gur shíl sé gur chóir do dhuine ar bith ar mhian leis an Ghaeilge a fhoghlaim nó a labhairt é sin a dhéanamh, ach nár chóir go mbeadh ról ar bith ag an rialtas i gcúrsaí Gaeilge agus nár chóir go gcuirfí brú ar dhuine ar bith eile í a úsáid ná a fhoghlaim.

“The way to revive the language is to allow the people who are passionate about Irish to speak it and grow it and to allow others who don’t want to walk away from it,” a dúirt Magan.

Ní raibh a pháirtí féin ar aon tuairim le Magan faoi cheist na Gaeilge, áfach, agus dúirt urlabhraí de chuid Chomhaontas Glas go dtacaíonn an páirtí leis na moltaí a rinneadh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

D’iarr Magan i ndiaidh an agallaimh go léireofaí ‘tuiscint’ dó mar gur ‘ionadaí nua’ é.

Gealltanais toghcháin

RollingNews.ie

Tá a fhios ag an saol go dtugtar gealltanais aimsir thoghcháin nach gcomhlíonfar go brách ach bhí samhlaíocht faoi leith ag baint le cuid de na gealltanais a rinne Páirtí an Lucht Oibre le linn an fheachtais.

Mhaígh an páirtí ina bhforógra toghcháin go n-oibreoidís chun a chinntiú go mbeadh “gach aon seirbhís stáit ar fáil i nGaeilge”. Ní raibh a thuilleadh sa cháipéis faoi céard go díreach a bhí i gceist leis an ngealltanas sin ná conas a bhainfí amach é.

Bhí Páirtí an Lucht Oibre sa chomhrialtas ar feadh cúig bliana roimhe sin agus níor éirigh le Brendan Howlin, an tAire Caiteachais Phoiblí, a bhí freagrach as córas earcaíochta na Gaeilge sa Státseirbhís, a chinntiú go raibh riachtanas Gaeilge ag baint le poist ina Roinn féin.

Mallachtaí as ‘Cré na Cille’ do cholúnaí ón New York Times

Thug Tuairisc.ie ceacht Gaeilge do Mhark Oppenheimer, an colúnaí de chuid an New York Times a dúirt gur ‘teanga mharbh’ í an Ghaeilge nach labhraíonn ach ‘twelve real obssessives’.

Nuair a tugadh a dhúshlán ar Twitter ghéill Oppenheimer go mb’fhearr dó “a chuid fíricí a sheiceáil” i dtaobh staid na Gaeilge in Éirinn. Ba i ndiaidh d’Oppenheimer olc a chur ar phobal na teanga ar líne lena thagairt don Ghaeilge a tugadh cuireadh don údar seo teacht ar phodchraoladh an Mheiriceánaigh le staid na teanga mar atá a phlé. Le linn an agallaimh, a bhí idir shúgradh agus dáiríre, iarradh orainn labhairt faoin ‘swirling Irish Twitter mob’ a dhein ‘American enemy of the Irish language’ d’Oppenheimer.

Iarradh ar Tuairisc.ie chomh maith mallacht a chur ar an Meiriceánach i dteanga na nGael agus chuamar i muinín an úrscéil Cré na Cille chun teacht ar na focail chuí.

“Luí fada gan faoilte ort! Seacht n-aicíd déag agus fiche na hÁirce ort! Calcadh fíodáin agus stopainn ort!” a dúramar le láithreoir Unorthodox, podchraoladh faoi chúrsaí creidimh.

‘An Chéad Phornó as Gaeilge’

Cuireadh giolc mistéireach amach i mí Feabhra 2015 ón gcuntas @Fliuchmag inar dúradh go raibh iris phornagrafaíochta “ag teacht go luath”. Ní raibh aon chaint ar Fliuch ar feadh breis is bliain ina dhiaidh sin, go dtí gur foilsíodh an chéad eagrán ar líne i mí Aibreáin na bliana seo.  Mhaígh lucht a foilsithe gurbh í ‘An Chéad Phornó as Gaeilge’, ach de réir an tseanchais bhí a leithéid ann ag tús na 1990idí. Níor éirigh le Tuairisc.ie teacht ar eagrán den iris sin in ainneoin uaireanta an chloig de dhiantaighde ar líne.  Ní léir cé a bhí i mbun an fhoilseacháin ach gabhtar buíochas sa chéad eagrán le ‘Colm, Síofra, Dee agus an geaing ar fad i mBéal Feirste’. Bhí bréagfhógraí san iris dhigiteach freisin agus lán leathanaigh poiblíochta do leithéidí ‘bodanna.com’, suíomh idirlín nach ann dó.

Bhí fógra don siopa ar líne SexSiopa.ie, siopa bréagán gnéis, i measc na bhfógraí a bhí ar an iris ach ní mó ná sásta a bhí úinéir an tsiopa, Shawna Scott, gur cuireadh fógra dá siopa san iris i ngan fhios di.

 

Ba é caighdeán an deartha an rud ba mhó a chuir as do Scott, agus dúirt sí go mbeadh sí lánsásta fógra Gaeilge a chur san iris dá gcuirfí ceist uirthi roimh ré. Dheimhnigh Foras na Gaeilge nach raibh aon bhaint acu leis an ‘bhfógra’ don eagraíocht trasteorann a foilsíodh san iris!

Géin ‘Tír na nÓg’

Is annamh a bhíonn finscéalaíocht na hÉireann agus an eolaíocht luaite le chéile san aon alt amháin, gan trácht ar iad a bheith in aon abairt amháin, ach is mar sin a bhí i mí Iúil nuair a ainmníodh géin nua, a chuireann moill ar an tseanaois, as an oileán Tír na nÓg. Cuireann athbheonn an ghéin ‘Nanog’ na próisis cheallacha a bhíonn ina suan le fada, rud is siocair le cnámha laga, cuislí calctha agus comharthaí sóirt eile na seanaoise. Is Albanach é an t-eolaí a d’ainmnigh an ghéin agus tá cur amach aige ar fhinscéalta na nGael. Dúirt sé gur rith ‘Tìr nan Óg’, litriú Gàidhlig an ainm, leis a luaithe is a fuair sé amach gurb í Nanog an ardghéin a chuireann cealla ag fás.

Aistritheoirí á lorg ag an Church of Scientology

Scríobh an eaglais chonspóideach, Eaglais na hEoleolaíochta, chuig roinnt aistritheoirí Gaeilge i mí Lúnasa ag cuardach duine a bheadh cáilithe agus “spéis aige aistriúchán a dhéanamh”  ar ábhar a bhaineann leis na cláir éagsúla eolais agus oiliúna a bhíonn ag an eaglais.  Tugadh le fios gur theastaigh aistritheoirí Gaeilge le haistriúchán a dhéanamh ar “cláir chearta an duine, ábhar don Fhoras do Dhomhan Saor ó Dhrugaí agus roinnt clár eile a fheabhsódh an tsochaí”. Rinneadh iarracht “an dallamullóg” a chur ar aistritheoirí Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair 2015 nuair a thoiligh siad “trí thimpiste” obair aistriúcháin a dhéanamh don eagraíocht. Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 an uair sin go raibh ‘díomá’ ar aistritheoirí Gaeilge a mheas gur cuireadh dallamullóg orthu le fógra ar líne maidir le hobair aistriúcháin do ‘chumann carthanachta’. Ní fios go fóill ar aimsigh na hEoleolaithe aistritheoirí a bhí toilteanach an obair a dhéanamh, agus má d’aimsigh, cén uair a bheidh an chéad chraobh Eoleolaíochta de Chonradh na Gaeilge ann…

An carr a sáinníodh ag Cé Dhún Chaoin

Dúnadh an ché cháiliúil i nDún Chaoin i nGaeltacht Chiarraí ar feadh leathlae nuair a chuaigh carr i bhfostú ansin i mí Lúnasa.

Chuaigh an carr i bhfostú idir na ballaí ar dhá thaobh an bhóthair chasta chúng ó Bharr na hAille síos go dtí an ché timpeall 9pm ar an 9 Lúnasa, agus bhí an tiománaí sáinnithe ina charr ar feadh na hoíche.

Timpeall meán lae an lá dár gcionn, d’éirigh le tarracóir agus tochaltóir an carr a thabhairt aníos den ché. Dúirt duine amháin a bhí ar an láthair gur chosúil go raibh an tiománaí, arbh Éireannach é, ag súil go bhféadfadh sé dul ag campáil in aice leis an gcé ag bun an bhóthair.  Cuireadh an tseirbhís farantóireachta ó Dhún Chaoin go dtí an Blascaod Mór ar ceal de bharr na heachtra agus bhí slua mór turasóirí, a raibh súil acu bád a fháil go dtí an Blascaod, ag fanacht ar An Móinteán ag barr Bhóthar Ché Dhún Chaoin an mhaidin ar fad.

Teachtaireachtaí Gaeilge ag saighdiúirí ag troid i gcoinne ISIS

Ghlac saighdiúirí de chuid Bhriogáid Bob Crow, briogáid idirnáisiúnta atá ag troid le fórsaí Coirdíneacha i dtuaisceart na Siria cur chuige Óglaigh na hÉireann timpeall 1915 chucu féin nuair a chuaigh siad i mbun bolscaireachta i nGaeilge. Tá cuntas na briogáide ar fionraí ó shin, ach chroch siad dhá phictiúr agus teachtaireachtaí Gaeilge leo i rith an tsamhraidh. Tugadh tacaíocht don fheachtas in aghaidh an Ochtú Leasú ar an mbunreacht i bpictiúr amháin agus beirt bhan ina seasamh go bagrach os cionn cairtchlár ar a raibh an teachtaireacht “Ní Saoirse go Saoirse na mBan” scríofa. Is do thiománaithe bus a tugadh tacaíocht sa phictiúr eile, an Chéachta Réaltach péinteáilte ar bhalla ar chúl na saighdiúirí agus na focail ‘Beir Bua’ os a gcionn. “Is cainteoir líofa Gaeilge é ball amháin den bhriogáid agus nuair a thuig bean atá i gceannas ar an ngrúpa Coirdíneach go labhraíonn sé a theanga dhúchais, dúirt sí go gcaithfeadh sé a theanga a chosaint freisin,” a dúirt urlabhraí na Briogáide.

Caitlín na Tintrí

Cheiliúir TG4 20 bliain a bhunaithe ar an 31 Deireadh Fómhair i mbliana, ach nuair a bhí maithe agus móruaisle na Gaeilge ag an ócáid mhór cheiliúrtha in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, fágadh Caitlín bhocht Nic Aoidh i bhfeighil an tí i mBaile na hAbhann.

Baineadh geit as lucht féachana TG4 nuair a d’imigh Caitlín as amharc go tobann, gan tásc ná tuairisc, nuair a ‘bhuail splanc thintrí í’ agus réamhaisnéis na haimsire á tabhairt aici ‘beo’ ar an teilifís.

Tharraing an eachtra aird ar TG4 agus moladh cleas Oíche Shamhna go mór ar fud na hÉireann agus an domhain mhóir, agus chualathas Gaeilge Chloch Chionnaola ar leithéidí CNN agus an BBC.

Comhrá gan Choinne

Baineadh geit as lucht féachana RTÉ freisin nuair a thosaigh Enda Kenny agus Gerry Adams ag spalpadh Gaeilge agus an bheirt acu i mbun feachtasaíochta i gContae Shligigh aimsir an toghcháin.

“Come over here! Gabh i leith anseo!” a dúirt an Taoiseach le Adams agus é diongbháilte de nach dtabharfadh sé deis do ghrianghrafadóirí pictiúr a thógáil de agus é ag seasamh os comhair bhus toghcháin Shinn Féin. “An bhfuil tú go maith, caidé an chraic leat?” a d’fhiafraigh Adams de cheannaire Fhine Gael.

Níor éirigh le Chris McManus, an t-iarrthóir a bhí in éineacht le Gerry Adams suíochán a fháil ach tá Teachta Dála ag Fine Gael agus ag Sinn Féin i ndáilcheantar Shligigh-Liatroma anois.

Muintir Árann fágtha “sa dorchadas” faoi sheirbhís báid Árann i dTeach Laighean

D’fhág briseadh cumhachta gur sa dorchadas a chríochnaigh cruinniú faoi sheirbhís farantóireachta Árann i dTeach Laighean i mí na Nollag.

Múchadh na soilse i Seomra Coiste 4 Thithe an Oireachais, áit a raibh cruinniú de chuid an Choiste Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ar siúl. Bhí toscaireacht as Árainn os comhair an choiste agus fadhb na seirbhíse farantóireachta go dtí an t-oileán á plé acu le baill an choiste Gaeilge.

Níos túisce sa chruinniú, dúirt Bainisteoir Chomhar na nOileán, Cathy Ní Ghoill, go mbíonn muintir na n-oileán “left out in the dark” nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh fúthu.

Ba é Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe Kevin Kelly a bhí ag caint nuair a chlis an solas agus é ag tagairt d’easpa acmhainní na Comhairle.

Ar an bpointe ar imigh na soilse as, níos tráthúla ná aon fhuirseoir, chríochnaigh ball den choiste abairt an Phríomhfheidhmeannaigh dó. Bhéic an gleacaí sa dorchadas go raibh easpa ‘cumhachta’ chomh maith ar an gComhairle.

Lean an briseadh cumhachta ar aghaidh an cheathrú huaire deiridh den chruinniú