Na 10 scéal Gaeilge agus Gaeltachta is mó le linn 2016…

Bliain chinniúnach go maith a bhí sa bhliain seo ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de. Seo na 10 scéal is mó, dar le Tuairisc.ie

Na 10 scéal Gaeilge agus Gaeltachta is mó le linn 2016…

10. Bliain chorraitheach d’Oileáin Árann

Bliain chorraitheach amach is amach a bhí inti do mhuintir Oileáin Árann in 2016. Bhí dhá shága maidir le seirbhísí iompair ar siúl le breis agus bliain anuas, agus fréamhacha na ságaí sin ag síneadh siar níos faide fós. Fógraíodh an mhí seo go mbeidh an conradh don tseirbhís aeir d’Oileáin Árann á bronnadh ar Aer Arann Islands. Cuireadh siar an spriocdháta do thairiscintí ar an gconradh seacht n-uaire ar fad le linn an phróisis. Bhain conspóid mhór le fógra na bliana seo caite gurbh iad Executive Helicopters Limited a roghnaíodh le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Árann agus thóg sé tamall fada ceist an chonartha réiteach.  Níl deireadh fós, áfach, le conspóid na seirbhíse farantóireachta as Ros an Mhíl go Cill Rónáin. Cé gur cinntíodh an mhí seo go mbeidh seirbhís ar fáil go dtí an 4 Eanáir, tá éiginnteacht ann fós faoina bhfuil i ndán don tseirbhís ina dhiaidh sin. Mar bharr ar an donas uilig, fágadh muintir Oileáin Árann d’uireasa cumhacht leictreachais ar feadh cúpla lá i mí Lúnasa agus bhí cúpla mí ann sular cuireadh caoi ar an gcábla fothoinn,dhá chiliméadar amach ó chósta na n-oileán, ba chúis leis an mbriseadh cumhachta.


09. An Ghaeilge sna meáin Bhéarla

Ní théann bliain tharainn nach ndéantar ionsaí gránna éigin ar an nGaeilge nó ar chainteoirí Gaeilge ach feictear do go leor daoine gur mheasa i bhfad a bhí 2016 agus ionsaithe ar an teanga á ndéanamh níos rialta sna meáin Bhéarla. Ar an gceann ab áiféisí agus ab aistí de na hionsaithe sin, bhí ráiteas an fhuirseora Gráinne Maguire, Éireannach atá ag cur fúithi i Sasana, faoi Éireannaigh a labhraíonn an Ghaeilge ar na meáin shóisialta.

Dúirt Maguire go raibh giolcacha Gaeilge “creepy” agus gur bhraith sí go raibh daoine a bhíonn ag cur teachtaireachtaí Gaeilge amach “a bit try hard and pretentious”. Dá mhéid freagraí a tugadh ar a cuid cainte, is ea is mó a tharraing Maguire ar steiréitíopaí agus í i mbun “grinn”.

Scríobh colúnaí de chuid The Irish Times, Rosita Boland, alt i mí na Bealtaine faoi riachtanas na Gaeilge sa chóras scolaíochta agus chuir sí an cheist: “can anybody truthfully say that Irish is a necessary language?”. Ar ndóigh, pictiúr de Pheig Sayers a cuireadh le halt Boland, alt inar admhaigh sí gur inis sí bréag ar gach foirm dhaonáirimh go dtí Daonáireamh 2016 agus an cheist faoi líofacht Gaeilge á freagairt aici. Ghoill colún Boland go mór ar chainteoirí Gaeilge, agus spreag sé ailt eile chomh maith le díospóireachtaí raidió agus idirlín.

Cheistigh Victoria White, colúnaí leis The Irish Examiner agus bean a bhfuil Gaeilge aici, cur chuige agus fiúntas na gcoláistí samhraidh in alt eile a chuir olc ar mhórán.

““The Irish language is presented to them in a time warp when everyone went to Mass and saluted the national flag. Except there never was such a time. The Gaeltacht experience of the Irish colleges is a fiction and the kids know it. I fear the Irish gets left behind as soon as the bus leaves for home,” a dúirt sí.

Thug bainisteoirí coláistí samhraidh i nGaillimh agus i gCiarraí cuireadh do White freastal ar chúrsa Gaeilge go bhfeicfeadh sí “an fhírinne faoi choláistí Gaeilge”.

Níos deireanaí sa bhliain, chuir an craoltóir Paul Williams tuin chainte Naitsíoch air féin agus “fundementalism” na Gaeilge á phlé aige ar Newstalk. Rinne Conradh na Gaeilge gearán oifigiúil le hÚdarás Craolacháin na hÉireann faoi agallamh mar gheall ar an eachtra a chuir Williams an lá dár gcionn ar Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha.

Tharraing físeán ar líne a rinne Eoin Butler go leor cainte i measc phobal na Gaeilge ar na meáin shóisialta chomh maith. Chuir Butler roimhe ‘miotais’ mar gheall ar an nGaeilge a bhréagnú ach mheas go leor de lucht na teanga ar Twitter gur meascán den seanscéal agus meirg air agus tuairimíocht dá chuid féin ba mhó a bhí aige. Diúltaíodh d’iarratas Butler ar mhaoiniú ón BAI dá shaothar, cé go raibh RTÉ sásta airgead a chur ar fáil dó dá gcuirfeadh an BAI an maoiniú sin ar fáil.


8. ‘Nonsense Codes’ Eircode

Bhí Eircode go mór i mbéal an phobail le linn 2015. Chuir an comhlacht nua litreacha amach chuig muintir na Gaeltachta inar aistríodh ainmneacha agus logainmneacha go Béarla. Leagadh an milleán ar dhreamanna éagsúla ach i mbliana, ach thug an Coimisinéir Teanga le fios ina thuarascáil bhliantúil a foilsíodh i mbliana gur theip ar an Roinn Cumarsáide a dualgais faoin reachtaíocht teanga a chomhlíonadh. Spreag cás Eircode níos mó gearán ón bpobal ná mar a spreag aon chás eile ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga in 2004 agus thug an Coimisinéir le fios go bhfaigheann a oifig gearán go minic faoi na deacrachtaí a bhíonn ag daoine ainm agus seoladh Gaeilge a úsáid le forais Stáit éagsúla.


7. Foireann an Údaráis in ísle brí

Cuireadh i léith bhainistíocht Údarás na Gaeltachta i mí an Mheithimh nach raibh “aon mheas” á léiriú acu ar fhoireann na heagraíochta agus go raibh “ísle brí ollmhór” ar an bhfoireann sin.

Maíodh i meamram a cuireadh faoi bhráid Bhord an Údaráis agus na Roinne Gaeltachta go raibh an bhainistíocht meáite ar mholtaí maidir le hathstruchtúrú foirne a chur i bhfeidhm beag beann ar an gcóras páirtnéireachta agus ar thuairimí na foirne. I litir a sheol Bainisteoir Réigiúnach an cheardchumann Unite chuig Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta dúradh go raibh an caidreamh idir foireann agus bainistíocht an Údaráis “at an all-time low” agus “on the brink of collapse”. Tá an t-athstruchtúrú bainistíochta a moladh don Údarás i dtuarascáil neamhspleách a choimisiúnaigh Roinn na Gaeltachta curtha i gcrích nach mór anois.


06. Cás Éamoinn Uí Ghribín

Seo scéal eile nach bhfuil deireadh leis fós, ach a tharraing go leor leor airde an fómhar seo agus mionsonraí na conspóide á nochtadh de réir a chéile. Tháinig sé chun solais le linn an fhómhair go ndearnadh gearán i rith an tsamhraidh faoi Éamonn Ó Gribín, comhalta boird de chuid Fhoras na Gaeilge. Líomhnaíodh go raibh “mí-iompar tromchúiseach” ar siúl aige agus é ar cuairt ar oifigí Ghaelscoileanna i mBaile Átha Cliath, líomhaintí a shéan sé as éadan. Cuireadh ar fionraí ina dhiaidh sin é fad is a bhí an cás á fhiosrú, agus mar thoradh ar an bhfiosrúchán sin mhol an Foras go mbrisfí as a chúram ar an mBord. De réir na tuarascála a bhain leis an bhfiosrúchán mhol Bord Fhoras na Gaeilge go mbrisfí óna chúram é mar gur líomhnaíodh go ndearna sé tagairt do dhathúlacht ball foirne de chuid na heagraíochta, Gaelscoileanna Teo, rud atá séanta go láidir aige féin. Fuarthas sa tuarascáil a rinne abhcóide don Fhoras nár sháraigh Ó Gribín rialachais chorparáideacha an Fhorais ná cód iompair don státsheirbhís nó don tseirbhís phoiblí agus nár sháraigh sé ach oiread buanorduithe bhord an Fhorais, meamram airgeadais an Fhorais Teanga nó Polasaí do Chomaltaí maidir le plé i bhfóraim phoiblí éagsúla. Tháinig sé chun solais chomh maith gur aontaigh an eagraíocht teanga i mí Iúil Foras na Gaeilge faoinar féidir aon chomhalta den bhord a chur ar ‘fionraí gan dochar’ sa gcás is go mbeadh gearán tromchúiseach déanta fúthu. Ní fios cá seasann cás Uí Ghribín faoi láthair agus deireadh tagtha an mhí seo lena thréimhse cúig bliana ar an mbord. Tá achomharc déanta ag Ó Gribín maidir le cinneadh an Fhorais agus dúirt sé go mbeadh comhairle dlí á glacadh aige agus go rachadh sé “chun deireadh an bhóthair chun a dhea-chlú a chosaint”.


5. Bliain mhór ceapachán 

Fógraíodh, agus líonadh, go leor post i saol na Gaeilge i mbliana. Tháinig Alan Esslemont i gcomharbacht ar Phól Ó Gallchóir mar Ard-Stiúrthóir ar TG4 agus 20 bliain curtha de ag an stáisiún agus tháinig Seán Ó Coinn i gcomharbacht ar Fherdie Mac an Fhailigh mar Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge.

Ba é Seán Kyne rogha na coitiantachta do phost an Aire Stáit  Gaeltachta, agus ba é a fuair an post nuair a bunaíodh Rialtas nua sa deireadh i mí na Bealtaine. Tháinig Aodhán Mac Cormaic i gcomharbacht ar Mháire Killoran mar Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta agus is é Mac Cormaic anois an Státseirbhíseach is sinsearaí atá ag plé cúrsaí Gaeilge sa stát.

Tá folúntas ann faoi láthair sa Roinn chéanna do phost agus comharba ar Sheosamh Ó hAghmaill le ceapadh mar Ard-Rúnaí an bhliain seo chugainn.


 4. Cinneadh sa Chúirt Achomhairc – ‘is leor an Béarla mar tá Béarla ag cách’

Dar le saineolaithe dlí agus gníomhaithe teanga gur údar imní é breith a tugadh sa Chúirt Achomhairc i mí Bealtaine.

Cuireadh ar ceal sa Chúirt Achomhairc rialú go raibh torthaí tástáil anála, a rinneadh ar thiománaithe, neamhbhailí toisc nár chuir na Gardaí cáipéis i nGaeilge agus i mBéarla araon ar fáil do na tiománaithe a bhí i gceist. Dúirt an Breitheamh John Edwards gur aontaigh sé cuid mhaith le rialú an Bhreithimh Noonan nach seasfadh na torthaí mar fhianaise sa chúirt toisc gur cuireadh ar fáil i mBéarla amháin iad. Dúirt an Breitheamh Edwards áfach nach raibh ‘substaint’ ag baint leis an eolas a fágadh ar lár sna torthaí tástáil anála toisc nach raibh ann dáiríre ach ‘athrá’ i nGaeilge ar eolas a bhí tugtha i mBéarla. Dar leis an abhcóide Antain Delap go raibh an chosúlacht ar bhreith na cúirte i go bhfuiltear ag rá “gur leor an Béarla mar go bhfuil Béarla ag achan duine”. Dúirt an Dr Seán Ó Conaill, léachtóir le Dlí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh gur dheacair dó aon chiall a bhaint as an mbreith “i stát atá in ainm is a bheith dátheangach”. Údar imní é ab ea é don Dr Ó Conaill, go mbeadh breithiúna ag féachaint amach anseo ar an mbreith agus an teachtaireacht inti “gur leor an Béarla mar go bhfuil Béarla ag gach aon duine”. Dúirt sé gur “buille mór” do chearta phobal na Gaeilge a bhí sa bhreith chomh maith.


3. Teip iomlán ar an gcóras earcaíochta don Ghaeilge sa státseirbhís

B’fhéidir nach é seo an scéal is mó a tharraing aird i mbliana ach b’fhéidir gurb é an scéal is fearr a thugann léargas ar dhearcadh an Stáit i leith na Gaeilge.

I mí Mheán Fómhair, dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go raibh “ag teip go hiomlán” ar na cuspóirí a bhí luaite leis an gcóras nua earcaíochta don Ghaeilge a tháinig i bhfeidhm sa Státseirbhís trí bliana ó shin. De réir anailís a rinne Tuairisc.ie i mí Dheireadh Fómhair, as an 18,775 post státseirbhíse a bhí ag 15 roinn Rialtais, ní raibh ach 15 post aitheanta mar phoist a raibh líofacht sa Ghaeilge ag teastáil lena n-aghaidh. Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí féin, atá freagrach as cur i bhfeidhm an chórais, i measc na rann sin a d’admhaigh gur ar bhonn deonach amháin a chuireann a bhfeidhmeannaigh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil.  Tá tús curtha ag Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le fiosrúchán faoi líon na bhfostaithe sa státseirbhís a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu. Tá sraith ceisteanna seolta ag an gCoiste chuig 31 roinn agus oifig, idir ranna stáit agus oifigí rialtais eile, agus an coiste ag iarraidh dul i ngleic le ceist na Gaeilge i gcóras earcaíochta na státseirbhíse. Glaofar ionadaithe ó na ranna agus ó na hoifigí sin os comhair an Choiste Oireachtais le ceisteanna a fhreagairt, bunaithe ar an eolas a chuirfear ar fáil sa cheistneoir a cuireadh chucu.


2. Cás Uí Bhruic agus an Flying Enterprise

Bhí an scéal seo a tháinig chun solais ar dtús ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ RnaG ar an scéal ba mhó a léadh riamh ar Tuairisc.ie agus tharraing sé aird na meán Béarla chomh maith. D’éirigh Cormac Ó Bruic, as Gaeltacht Chorca Dhuibhne, as a phost mar fhear beáir i dtábhairne an Flying Enterprise i gCorcaigh nuair a tugadh le fios dó nach raibh cead aige an Ghaeilge a labhairt agus é i mbun oibre. Bhí alltacht ar lucht labhartha na Gaeilge, agus ar dhaoine nach raibh aon Ghaeilge acu, nuair a chualathas faoin scéal ar dtús agus ba in olcas a chuaigh cúrsaí nuair a d’eisigh The Flying Enterprise ráiteas inar maíodh gurb é an Béarla teanga oibre na háite. D’iarr Gael-Taca, atá lonnaithe ar an tsráid chéanna is atá an bhialann, cruinniú ar lucht bainistíochta The Flying Enterprise, ach níor tháinig aon athrú ar pholasaí na bialainne. Tugadh moladh don fhear óg Gaeltachta as seasamh lena phrionsabail.


1. Oideachas Gaeltachta ar deireadh

Údar misnigh do mhuintir na Gaeltachta ar mian leo a dteanga a chur aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile a bhí i bhfoilsiú an pholasaí nua don oideachas Gaeltachta i mí Dheireadh Fómhair. Sheol an Taoiseach an polasaí ar an gCeathrú Rua, cosamar bliana ó chuathas i mbun comhairliúcháin phoiblí faoi. Ar cheann de na chéad chéimeanna a bheidh ann, cuirfidh scoileanna isteach ar aitheantas oifigiúil mar scoileanna Gaeltachta, próiseas a thógfaidh tamall lena chur i gcrích. Is fada daoine ag fanacht leis an bpolasaí seo — an chéad pholasaí stáit a thugann aitheantas do riachtanais an chainteora dúchais Gaeltachta sa chóras oideachais. Beidh ar aon bhunscoil atá ag iarraidh aitheantas mar scoil Ghaeltachta feasta staonadh ó theagasc an Bhéarla ar feadh an chéad dá bhliain scolaíochta agus polasaí lán-tumoideachais a chur i bhfeidhm. Go n-uige seo, b’ionann scoil Ghaeltachta agus aon scoil a bhí lonnaithe i gceantar oifigiúil Gaeltachta, ach ní hamhlaidh a bheidh níos mó agus stádas Gaeltachta ag brath feasta ar chritéir theangeolaíochta seachas tíreolaíochta. Is é a bheidh i scoil Ghaeltachta ach a chuirfear an polasaí i bhfeidhm “ná scoil a thiomnaíonn do na réimsí curaclaim agus na hábhair churaclaim uile a sholáthar trí mheán na Gaeilge” agus a oibríonn leis an bpobal trí mheán na Gaeilge”. €1 milliún a bheidh ar fáil chun feidhm a thabhairt don pholasaí an bhliain seo chugainn agus tá €3 milliún geallta do 2018.