Na 10 leabhar ‘scéine’ Gaeilge is fearr d’Oíche Shamhna

Tá liosta de leabhair ‘scanrúla’ curtha le chéile ag Tuairisc.ie a chabhróidh le daltaí scoile na hÉireann Oíche Shamhna a chaitheamh go scéiniúil

Na 10 leabhar ‘scéine’ Gaeilge is fearr d’Oíche Shamhna

Agus na laethanta ag dul i ngiorracht agus muid ag druidim i dtreo Oíche Shamhna, beidh seachtain saor ón scoil ag daltaí na hÉireann an tseachtain seo chugainn. Is beag bealach is fearr le hoícheanta dorcha an gheimhridh a chaitheamh ná leabhar a léamh.

Chuige sin, tá liosta de leabhair ‘scanrúla’ do léitheoirí óga curtha le chéile ag Tuairisc.ie agus súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as an léitheoireacht Oíche Shamhna.

Dónall Dána: Teacht na dTaibhsí

Cló Iar-Chonnacht €8

Nuair a théann Dónall Dána ag fanacht thar oíche i dteach a chol ceathrair saibhir cuirtear ina luí air go bhfuil taibhsí sa seomra ar an áiléar ina mbeidh sé ag codladh na hoíche. Ach an bhfuil taibhse ar bith ann, dáiríre? Nó an measa Dónall Dána féin ná taibhse ar bith?

Lios na Leanaí

Coiscéim, €7.50

Tá Dónal Ó Briain ag súil le samhradh breá. Tá sé ar saoire ón scoil, agus tá a chara Pilib ag fanacht leis. Beidh an-spraoi ag an mbeirt acu lena madraí. Ach lá amháin, siúlann siad chomh fada le Lios na Leanaí, agus tá strainséir ansin a chuireann chun siúil iad. Tá drochscéal ag baint le Lios na Leanaí ón sean-am agus ní maith le daoine dul ann san oíche. An bhfuil drochobair ar siúl ann arís? Tá roinnt daoine aisteacha le feiceáil ar an mbaile, cinnte. D’fhéadfadh sé a bheith contúirteach, ach tá rún ag Dónal agus Pilib an scéal a fhiosrú…

An Chailleach

Leabhar Breac — €7.50

Tá ocras ar an gCailleach Liath. Tá sí bréan de choiníní draíochta agus úlla nimhe. Níl aon rud eile le hithe sa teach! Ach cad a tharlóidh di nuair a théann sí go teach atá déanta as seacláid?

An Zombaí

Leabhar Breac — €7.50

Níl sé éasca zombaí maith a fháil. Bhí an draoi ag iarraidh zombaí do chomórtas mór na zombaithe, ach meas tú cén sórt zombaí a fuair sé dó féin sa deireadh?

An Vaimpír

Leabhar Breac — €7.50

Tá ocras ar an vaimpír, Ladaslás. Ach tá a chuid fiacla maol, agus níl sé in ann plaic a bhaint as duine ar bith. Níl an saol éasca ag an vaimpír!

Frankenstein

Leabhar Breac — €7.50

Tá an t-eolaí Victor Frankenstein ag iarraidh teacht ar rún na beatha. Cruthaíonn sé fathach mór gránna, ach cuireann an fathach sin scanradh chomh mór sin air go n-imíonn sé uaidh le faitíos. Ar dtús uaigneas a bhíonn ar an bhfathach, ach ansin buaileann fearg é. Agus téann sé sa tóir ar an bhfear a chruthaigh é.

Na 10 gCinn is Measa de Mhistéirí Aisteacha

Cló Iar-Chonnacht — €7.50

Déanann an leabhar seo comhaireamh síos ar na mistéirí is aistí dá bhfuil ann chomh maith leis an stair agus na fíricí a bhaineann leo. Dírítear ar eolaíocht agus ar fhíricí an ábhair chomh maith leis an tionchar a bhíonn acu ar an saol mór.

Vaimpírí san áiléar

Cois Life — €8

Tá cónaí ar Marius, an vaimpír, ar áiléar Ailfí. Gabhann sé timpeall an tí mar is toil leis agus tógann a bhfuil uaidh as cófra an bhia. Níl saol na vaimpíre saor ó thrioblóid agus buaileann tinneas fiacaile é. Cuirtear leis na deacrachtaí nuair a théann Ailfí chuig an stiúideo teilifíse leis na tiripíní. Tá an fhoireann ag iarraidh físeán a dhéanamh de Marius ach an féidir físeán a dhéanamh de vaimpír?

I Measc Vaimpírí

Cois Life — €8

Tá Ailfí agus Marius, vaimpír eile, sa Trasalváin. An bhféadfadh an vaimpír eitilt a mhúineadh dá chara? Nó, áitiú air triail a bhaint as cónra? Ach is nithe iad siúd atá ag cur intinn na mbuachaillí ar seachrán ón gcúis ar tháinig siad chuig tír na vaimpírí ar an gcéad dul síos. Agus cá fhad a mhairfidh siad ann?

Greim na Vaimpíre

Cois Life — €8

Caitheann Marius, an vaimpír, a shaol ar a sháimhín só fad is atá a sháith rollóga figí aige. In ainneoin iarrachtaí a chara Ailfí, is beag suim a chuireann Marius i gcúrsaí an tsaoil mórthimpeall air go dtí go dtugann sé cailín faoi deara atá pas beag cosúil leis féin. Éiríonn an vaimpír níos dána agus é ag iarraidh a chuid buanna buacacha vaimpíreacha a léiriú di. Tá imní an domhain ar Ailfí go dtarraingeoidh an vaimpír aird air féin. Nach bhfuil údar aige a bheith buartha! Níl gach duine sásta maireachtáil taobh le vaimpír, fiú más feoilséantóir é… Tugtar suntas do Marius ar shlite nach raibh na buachaillí ag súil leo. Téann siad i bhfostú i gcogadh agus cuirtear fíricí loma ar gá dó déileáil leo ar a shúile d’Ailfí.

Fág freagra ar 'Na 10 leabhar ‘scéine’ Gaeilge is fearr d’Oíche Shamhna'