Na 10 gceantar Gaeltachta is measa dífhostaíocht sa tír…

Is i nGaeltacht Dhún na nGall, i nGaeltacht na Gaillimhe agus i nGaeltacht Mhaigh Eo is mó atá fadhb dífhostaíochta

Na 10 gceantar Gaeltachta is measa dífhostaíocht sa tír…

Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland.

Is é Árainn Mhór i nGaeltacht Dhún na nGall an toghroinn Gaeltachta is measa atá buailte ag dífhostaíocht agus nach mór leath d’fhir an cheantair gan aon obair acu. Tá 28% de mhná Árainn Mhór dífhostaithe, de réir na bhfigiúirí nua maidir le saibhreas agus daibhreas a d’fhoilsigh Pobal an tseachtain seo caite.

FÉACH TÁBLAÍ TUAIRISC.IE THÍOS

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar na figiúirí nua, atá bunaithe ar Dhaonáireamh 2016, is é toghroinn Scainimhe i gceantar Chill Chiaráin i gConamara an dara ceantar Gaeltachta is measa ó thaobh dífhostaíochta i measc na bhfear. Is é an Dúchoraidh, an ceantar Gaeltachta is measa as sa tír, atá an ráta dífhostaíochta is airde i measc na mban.

12.9% an meánráta dífhostaíochta náisiúnta  – 13.7% i measc na bhfear agus 12% an meánráta i measc na mban – a bhí ann de réir Dhaonáirimh 2016 in Aibreán na bliana seo caite, ach tá codanna móra den Ghaeltacht ina bhfuil an ráta idir a dhá agus a cheithre oiread sin. I gConamara, mar shampla, tá an ráta dífhostaíochta i measc na bhfear 20% nó os a chionn i ngach toghroinn taobh thiar den Spidéal.

ANAILÍS TUAIRISC.IE AR FHIGIÚIRÍ Pobal

Mar is léir ó na táblaí thíos agus ón anailís a rinne Tuairisc.ie an tseachtain seo caite ar fhigiúirí nua Pobal, is i nGaeltacht Dhún na nGall, i nGaeltacht na Gaillimhe agus i nGaeltacht Mhaigh Eo is mó atá fadhb dífhostaíochta.

Fág freagra ar 'Na 10 gceantar Gaeltachta is measa dífhostaíocht sa tír…'

  • Traolach Ó Sioradáin

    Na 10 gceantar Gaeltachta is measa ó thaobh na dífhostaíochta de sa tír