Na 10 gceantar Gaeltachta is measa as agus na 10 gceantar Gaeltachta is fearr as…

Is ceantair atá beagáinín faoi bhun an mheáin náisiúnta ó thaobh rachmais agus oideachais, ceantair atá faoi mhíbhuntáiste nó ceantair atá go mór faoi mhíbhuntáiste iad gach ceantar láidir Gaeltachta i gConamara agus i nDún na nGall

Na 10 gceantar Gaeltachta is measa as agus na 10 gceantar Gaeltachta is fearr as…

Is é Cnoc na Cathrach ar imeall thiar chathair na Gaillimhe an ceantar Gaeltachta is fearr as sa tír agus is é An Dúchoraidh i nGaeltacht Dhún na nGall an ceantar Gaeltachta is measa as, de réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua.

Ceantair laga nó imeallacha Ghaeltachta sa Ghaillimh iad formhór na ndeich gceantar Gaeltachta is fearr as agus ceantair faoi mhíbhuntáiste, a bheag nó a mhór, iad formhór mór na gceantar Gaeltachta is láidre ó thaobh na Gaeilge.

De réir na hanailíse ar na figiúirí a bhaineann le toghranna Gaeltachta, is í toghroinn Abhainn Gabhla/Doire Iorrais i gceantar Charna i gConamara an ceantar láidir Gaeltachta is measa as sa tír agus é 17% faoi bhun an mheáin náisiúnta.


Féach táblaí Tuairisc.ie thíos


Tá toghroinn Leitir Móir (- 16.9% faoi bhun an mheáin), toghroinn Gharmna (- 16.5%) agus toghroinn Chamais (-14.51%)  i measc na gceantar láidir Gaeltachta is measa as sa tír chomh maith.

Tá ceantair laistigh de thoghranna Ghaeltacht Chonamara atá áirithe mar cheantair atá ‘go mór faoi mhíbhuntáiste’ – leithéidí Leitir Mealláin (-21%) agus Ros Muc (-26%).

Is ceantair atá beagáinín faoi bhun an mheáin náisiúnta, ceantair atá faoi mhíbhuntáiste nó ceantair atá go mór faoi mhíbhuntáiste iad gach ceantar láidir Gaeltachta i gConamara agus i nDún na nGall.

Is ó dheas atá na ceantair láidre Ghaeltachta is fearr as agus formhór na gceantar is láidre ó thaobh na teanga i gCorca Dhuibhne beagáinín os cionn an mheáin ó thaobh rachmais agus oideachais.

Is i gCorca Dhuibhne atá na ceantair láidre Ghaeltachta is fearr as sa tír – leithéidí Dhún Chaoin, atá 3.8% os cionn an mheáin náisiúnta ar an innéacs díothachta, agus toghroinn Dhún Urlann atá 4.42% os cionn an mheáin.

Bhí Dún Urlann, Cill Chuáin (Paróiste Mórdhach) agus Márthain ar fad áirithe mar cheantair a bhí beagáinín faoi mhíbhuntáiste in 2011, ach faoi 2016 ba cheantair beagáinín os cionn an mheáin iad maidir le buntáiste de.

Tá Gaeltacht na Rinne i bPort Láirge os cionn an mheáin náisiúnta  freisin agus tá na ceantair Ghaeltachta is láidre i gCorcaigh ar fad os cionn an mheáin náisiúnta, seachas aon cheantar amháin.

I nGaeltacht Dhún na nGall atá an t-aon dá thoghroinn Ghaeltachta atá áirithe mar cheantair atá ‘go mór faoi mhíbhuntáiste’ – An Dúchoraidh agus Árainn Mhór. Is é toghroinn an Tearmainn an t-aon toghroinn i nGaeltacht Dhún na nGall atá os cionn an mheáin náisiúnta.

Tá trí thoghroinn i nGaeltacht Mhaigh Eo ar an liosta den deich gceantar is measa as, de réir anailís Tuairisc.ie ar fhigiúirí an innéacs díothachta a d’fhoilsigh Pobal inniu agus atá bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh na Príomh-Oifige Staidrimh.

Beagáinín os cionn an mheáin náisiúnta atá dhá cheann de na trí thoghroinn ina bhfuil Ráth Chairn, Cill Bhríde (+4.75%) agus an Ráth Mhór (+2.69%), agus beagáinín faoi bhun an mheáin atá an ceann eile, Baile Átha Buí (-2.4%).

Tá Baile an Sceilg in Uíbh Ráthach beagáinín faoi bhun an mheáin náisiúnta ar an innéacs díothachta (-1.12%).


Na deich gceantar Gaeltachta is fearr as



Na deich gceantar Gaeltachta is measa as



Na ceantair Ghaeltachta is láidre


Gaillimh


Dún na nGall


Ciarraí


Corcaigh


Port Láirge


Maigh Eo

Fág freagra ar 'Na 10 gceantar Gaeltachta is measa as agus na 10 gceantar Gaeltachta is fearr as…'

  • Lillis Ó Laoire

    Sea. Ach oiread agus gur nuacht é sin. Is maith an scéal é cruthú a fháil air mar sin féin, agus a bhfuil d’airgead a shéanadh ar an Ghaeltacht.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An phíosa oibre déanta agaibh san anailís thuas. Maith sibh.

  • Ruairí

    Boycott ag muintir na Gaeltachta ar “cheiliúradh” 2018 “Bhliain Bhréagach na Gaeilge” an freagra ceart ar an scéal seo. Beidh an Ghaeltacht á úsáid ag Conradh na Gaeilge agus anois ag Varadkar mar cuid den cheiliúradh. Cén ábhar ceiliúrtha atá againn anseo sa nGaeltacht maidir leis an Ghaeilge? Nach bhfuil an daonáireamh agus chuile saineolaí ag taispeáint an meath tubaisteach ar an nGaeilge atá ag bailiú nirt bliain i ndiaidh bliana anseo sa nGaeltacht? Mar bharr ar an donas tá 2018 “bliain ceiliúradh” na Gaeilge ag bagairt orainn, mar is cinnte go mbeidh muintir na Gaeltachta á mhaslú le béal bán agus cur i gcéill gan náire i 2018.