Myles na gCopaleen agus Michaella McCollum – ‘béal saibhir’ mhuintir Thír Eoghain

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Fuair ár gcolúnaí lón machnaimh in dhá chlár éagsúla a craoladh an tseachtain seo a raibh duine as Tír Eoghain mar ábhar acu

Michaella McCollum

Más aon chomhartha é allagar na ngiolcacha is beag trua atá ag an bpobal do Michaella McCollum, an cailín óg a gabhadh lena comrádaí Melissa Reid i Lima in 2013 agus luach na milliún euro do chócaon acu.

Ar ndóigh, más ag brath ar Twitter atá tú don trua, don tuiscint ná don trócaire tá do chaid amuigh agat.

D’imigh sciar suntasach d’áitritheoirí dhomhan na giolcaireachta bán ar fad is iad ag féachaint ar bhean Thír Eoghain faoi agallamh Dé Domhnaigh (Prison in Peru: Michaella’s First Interview, RTÉ 1).

Cuid acu ag fiafraí cén uair go mbeadh agallamh tuisceanach á chraoladh le John Gilligan, duine eile ag rá go raibh ionadaí Pheiriú do Rós Thrá Lí aimsithe agus duine eile arís ag tagairt go cliste don scannán A Time to Kill  ‘dún do shúile agus lig ort gurb é Deco as Droimeanach atá ann.’

Tá cúpla rud a thagann go barr uisce agus plé á dhéanamh ar oiriúnacht an agallaimh. Ar cheart agallamh fada a dhéanamh le smuigléir drugaí? Má dhéantar, ar cheart go mbeadh na ceisteanna níos déine? Ba cheart agus ba cheart, dar liom.

Ní dóigh liom go bhfuil na comparáidí le coirpigh chruthanta bailí ná féaráilte. Cé nach ngéillim dá hargóint gur rud é a dhein sí ar ala na huaire agus scal éigin uirthi, is cinnte go raibh baint ag baois na hóige leis.

Bhí baint ag an tsaint agus an cumaliomachas leis chomh maith, dá théama nár chuaigh an t-agallóir go grinneall leo. É sin gan trácht ar an gcaint gan dealramh faoina stíl ghruaige.

Dhein sí beagán den choir ar uairibh á rá gur ‘botún’ a bhí ann. Fé mar a dúirt leábharaic eile is botún é cúpla cartán de thoitíní a bhreith leat i ngan fhios, rud eile ar fad is ea 11 cileagram de dhrugaí mídhleathacha, dainséaracha.

Bhí cuma phéacógach ar Mhichaella, rud a chuir muc ar gach mala ar roinnt daoine ach an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná cé chomh prapáilte is a bhí sí agus an tslí gur éirigh léi taispeántas deisbhéalach a thabhairt uaithi.

Tá a téarma príosúnachta curtha isteach aici agus anois a bheidh an teist uirthi saol fiúntach a chruthú di féin agus corc a chur i lucht an tsearbhais. 

Flann_OBrien_Festival_Flann_OBrien_1380x715

Duine eile ar fad ó Thír Eoghain a bhí faoi chaibidil sa chlár faisnéise Flann O’Brien: An Béal Saibhir (TG4, Dé Sathairn). Flann O’Brien, Brother Barnabus, Brian Ó Nualláin nó Myles na gCopaleen; is mó ainm/ainm cleite a bhí ar an scríbhneoir ceannródaíoch, tábhachtach seo.

Faoi mar a dúirt Louis de Paor, do scríobh sé trí cinn de na húrscéalta Éireannacha is fearr le céad bliain in achar trí bliana: At Swim Two Birds, The Third Policeman agus An Béal Bocht.

Bailíodh anseo meitheal chuidsúlach de chloigne cainte le plé a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar an scríbhneora seo a scríobh tuairim is trí mhilliún focal i rith a shaoil. Bhí lucht léinn againn, leithéidí Bhrian Uí Conchubhair, Alan Titley agus Bhreandáin Uí Chonaire agus

ina dteannta siúd bhí ionchur tuisceanach, greannmhar ann ó leithéidí, Dara Ó Briain, Fintan O’Toole,

Tim Pat Coogan, Éamon Morrissey, Eoghan Harris (a sholáthraigh teideal an chláir is léir) agus deartháir an Nuallánaigh, Micheál.

Bhaineas súp, faoi mar a bhainfeadh Myles féin, as an tslí gur cuireadh isteach cuid de na glugair.

‘You’ll get some shit out of that,’ a dúirt Eoghan Harris tar éis a bheith ag cur de ar feadh scaithimh.

Baineadh úsáid as ábhar cartlainne agus míreanna scigaithrise (a chuaigh ar bóiléagar ábhairín ar uairibh) mar chomhlánú ar an gcaint agus rinneadh plé ar thionchar an óil ar Fhlann, ar thréigean na húrscéalaíochta agus ar an ngearradh a bhí ina ailt nuachtáin.

Dúirt Brian Ó Conchubhair nach féidir plé a dhéanamh ar Fhlann gan a shaothar Gaeilge, a óige as Gaeilge agus a oiliúint as Gaeilge a chur san áireamh.

Níl aon amhras ach gur mórshaothar faoi leith é An Béal Bocht, é nimhneach, réabhlóideach, agus ar cheann de na húrscéalta is fearr a scríobhadh sa Ghaeilge.

Is deacair a shamhlú go bhfuil an té a scrígh na leabhair, na colúin cheannródaíocha sin ar fad básaithe le 50 bliain. Faoi mar a dúirt Fintan O’Toole, ní shamhlaímid mar scríbhneoir é a bhain le lár an chéid seo caite.

Is mór an trua nach bhfuil Myles timpeall inniu.

Fág freagra ar 'Myles na gCopaleen agus Michaella McCollum – ‘béal saibhir’ mhuintir Thír Eoghain'