Murphy ar an ‘ardán’ mícheart

Thug idir lucht agóide agus na gardaí aitheantas do Paul Murphy mar cheann feadhna na hagóide i Ráth Miontáin - agus bhí sé féin ag maíomh as an ról sin. Ach arbh shin an ról ceart do TD sa chás áirithe seo?

18/9/2014. Paul Murphy Against Water Charges
Paul Murphy, Teachta Dála. Pictiúr: Photocall Ireland

 

I Stiúideó 1 in Ionad Raidió Mhontrós a casadh Paul Murphy orm den chéad uair i 2011 – an bheirt againn ann mar aoíanna ar chlár Domhnaigh Marian Finucane.

Bhí Joe Higgins tar éis a shuíochán Dála a bhaint amach arís in olltoghchán na bliana sin agus, in ainneoin nach raibh a fhios ag éinne cérbh é féin, ba é Murphy a tháinig i gcomharbacht air i bParlaimint na hEorpa.

Baineadh geit asam nuair a cuireadh in aithne muid.

Ní hamháin gur bhreathnaigh Murphy i bhfad ró-óg agus saonta le bheith ina bhall de pharlaimint ar bith.

Ach ba léir dom ar an bpointe – óna chanúint agus óna chuid geáitsí – nach de bhunadh an lucht oibre an sóisialach áirithe seo.

Níl aon dlí ina choinne sin, ar ndóigh, ach is mó an meas a bheadh agam i gcónaí ar shóisialach a raibh cleachtadh aige féin ar bhochtaineacht agus ar chruatan an tsaoil.

I gcás Murphy, ní hamháin gur fhás sé aníos i mBaile an Ghabhair, bruachbhaile meánaicmeach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, ach chuaigh sé chuig scoil phríobháideach roimh dó céim sa dhlí a bhaint amach ó UCD agus dul isteach sa Pháirtí Sóisialach.

Ar ndóigh, ní hé an t-aon sóisialach amháin i dTeach Laighean a raibh a mhuintir go maith as.

In ainneoin a canúna féin, is iníon le hoifigeach Airm í Clare Daly agus is cuntasóir saibhir é athair Richard Boyd-Barrett.

Ach baineadh gáire asam nuair a d’úsáid Murphy an mana ‘For Real Jobs’ ar a chuid póstaer i dtoghchán na hEorpa níos luaithe i mbliana.

De réir mo thuisceana ar cad is  ‘real job’ ann, ní raibh ceann aige féin riamh!

Le bheith macánta, is beag suim a chuir mé ann tar éis an mhaidin Domhnaigh sin: priompallán beag neamhurchóideach, dar liom, nach gcloisfí mórán ina thaobh amach anseo.

Nach orm a bhí an dul amú i bhfianaise an deiridh seachtaine!

Faraor, is mó i bhfad an t-olc na an maitheas a thiocfaidh as an aird a tharraing Murphy air féin i gcíréib Ráth Miontáin, ní hamháin dó féin ach don ghluaiseacht lena mbaineann sé.

Creidim go láidir gur cheart go mbeadh lánchead ag daoine dul i mbun agóide – a fhad is a bhíonn siad síochánta.

Creidim freisin go n-aontódh tromhlach mhuintir na hÉireann liom sa méid sin.

Is fiú cuimhniú sa chomhthéacs sin nach bhfuil sé ach coicís ó shin ó thug 150,000 duine na sráideanna orthu féin, i ngach cearn den tír, chun cur i gcoinne na dtáillí uisce.

Is mór an chreidiúint dóibh siúd a mhairseáil agus don lucht eagair nach raibh trioblóid dá laghad ann.

Ní hionann ar aon bhealach an mhóragóid sin, áfach, agus an méid a tharla nuair a d’fhreastail Joan Burton ar ócáid bhronnadh céime i Ráth Miontáin Dé Sathairn seo caite.

Agus bhí baint lárnach ag Paul Murphy leis an scéal.

Ní hé a chaith ‘buama uisce’ le Joan Burton, ní hé a chaith uibheacha agus buidéil phlaisteacha ina treo, ní hé a chraith a carr ná a bhí ag réabadh na fuinneoige. Deir sé nach eisean a d’eagraigh an agóid, fiú amháin.

Ach is cinnte go raibh sé i lár an aonaigh ón tús. Go deimhin, bheifeá ag súil go mbeadh: nárbh iad na na táillí uisce an t-aon chloch a bhí ar a pháidrín nuair a toghadh é mar TD don dáilcheantar seo an mhí seo caite?

Agus is léir ón méid atá feicthe againn ar an teilifís agus ar Youtube gur thug idir lucht agóide agus na gardaí aitheantas dó Dé Sathairn mar cheann feadhna – agus go raibh sé féin ag maíomh as an ról sin.

Ach arbh shin an ról ceart do TD sa chás áirithe seo?

Ní dóigh liom é. Is bealach é agóid mar seo chun árdán a thabhairt don chosmhuintir; uaireanta, is é an t-aon ardán a bhíonn acu.

Mar TD, áfach, bíonn ardán eile ag leithéidí Murphy i gcónaí – an Dáil féin.

Má bhí ról ar bith ann dá leithéid Dé Sathairn, b’shin lena chinntiú nach rachadh cúrsaí ó smacht.

Ina áit sin, is amhlaidh gur ghríosaigh sé an lucht agóide.

Níos measa fós, nuair a chuaigh sé ar an raidió Dé Domhnaigh chun é féin a chosaint, ní raibh sé sásta a admháil go ndeachaigh an lucht agóide thar fóir ar aon bhealach sa scliúchas a tharla.

Go deimhin, rinne sé tréan-iarracht an milleán ar fad a bhualadh ar na gardaí – leagan den scéal nach dtagann ar aon bhealach leis an bhfianaise atá feicthe agus cloiste agam féin.

Glacaim leis go ndearna Murphy staidéar ar an mBunreacht dá chéim sa dlí.

Ba cheart go dtuigfeadh sé mar sin go dtéann freagracht le cearta i gcónaí.

Mar TD, tá lánchead aige seasamh a thógáil i gcoinne pholasaí Rialtais; ach tá dualgas air freisin institiúidí an Stáit a chosaint.

Nuair nach féidir leis an Tánaiste a cuid gnaithe oifigiúla a dhéanamh de bharr círéibe den tsórt seo, tá institiúidí an Stáit i mbaol. Agus is boichte muid ar fad dá bharr.

 

* Is colúnaí leis an Irish Daily Maily é Paul Drury

Fág freagra ar 'Murphy ar an ‘ardán’ mícheart'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    “Nuair nach féidir leis an Tánaiste a cuid gnaithe oifigiúla a dhéanamh de bharr círéibe den tsórt seo, tá institiúidí an Stáit i mbaol. Agus is boichte muid ar fad dá bharr.”

    Chaith isteach geáitsíocht Mary Lou sa Dáil an tseachtain seo chaite agus neamhfhreagaireacht SF as ionsaithe gneis ar Mhairia Cahill agus tá an feachtas mór i gcoinne na taillí uisce curtha ó mhaith.

    Mór an trua mar bhí an Rialtas ar an gcúl cós agus seans ar dheireadh go mbeadh tuiscint níos fear acu ar fadhbanna an cosmhuintir i gcomparáid leis na boic mhóra atá ag feitheamg ar na BMW`S i mi Eanair seo chughainn.

    Cé a shamhlódh gurbh iad na diabhaill “smoked haddock socialists” a bhíodh sa Shelbourne fadó i gcomhluadar Míchaél ó Laoire, iar cheannaire FG, nách maireann, agus a chuaigh isteach le FG ansin.

    Níos measa fós tá damáiste déanta freisean do na teachtaí dála neamhspleacha measartha cosúil le Shane Ross agus Stephen Donnelly go mbeadh seans ann agus borradh faoi na neamhspléachaigh ról a bheith acu sa Rialtas taréis an olltoghacháin.

    Seans freisean go bhfuil buaicphoinnte SF sroichte agus ceal seasamh síos ó Ghearóid MacAdhamh go bhfaighidh said vóta níos lua san olltoghacháin na faigheann said sna pobal breitheanna.

    Nuair a thiocaigh an crua ar an táirne ní vótalfaidh muintir na hÉireann, atá caoiméadach, don saghas polaitaíocht a chonaiceamar ar na sráideanna an tseachtain seo chaite.

    Bhí Éanna agus Joan i mbéal a mbáite ach thug lucht an éite chlé tarrtháil dóibh.Gach seans anois go naththógfaí an Rialtas seo arís agus go leanfaidh Éire ar aghaidh mar “the best small country to do banking” go mór mór do na hinsiders cosúil le comhlachtaí ilnáisiúnta Mheiriceá, John Bruton/Redmond a bhfuil post mór baincéireachta aige san IFSC agus lucht íoch mar a thoilleas[“pay as you like”] cosúil le Bona le cabhair ón Isiltír fad agus a bheidh muid ag íoch mar a thuillir, lucht PAYE.

    Is áit an mac an saol.Cé a chuirfeadh geall anois nách mbeidh Éanna Ó Cionnaith ag bronnadh Chor Mhic Úidhir ar chaptaen buacach Maigh Eó ar chéimeanna Ardáin Uí Ógáin amach anseo.

    “Cuir chughan an mála breoiteachta a Phól”, más é do thoil.

  • Gearóid de Grás

    Is beag an meas ná an tuiscint atá ag institiúidí an Stáit ar an gcosmhuintir cé gur ag freastal ar an gcosmhuintir ba cheart dóibh a bheith dar liom. An raibh laochra 1916 (in Éirinn seachas ar mhachairí méithe na Fraince) ag súil lena leithéid nuair a bheartaigh siad tabhairt faoi impireacht na Breataine? Tá an fhís a bhí ag na laochra sin á folú ó shin áfach ag institiúidí an Stáit. Tugann institiúidí an Stáit aire d’institiúidí an Stáit agus a lucht tacaíochta abhus agus i gcéin. Ach tá daoine ag éirí bréan den chur i gcéill leanúnach seo.

  • Cuaiteoir

    Áibhéil as cuimse san alt seo. Ní ‘cíbréib’ é dornán daoine ag beiceaíl ar pholaiteoir. Tá lánchead ag TD bheith i measc na ndaoine ar an tsráid. Agus sotal uafásach é bheith ag déanamh a bheag de pholaitíocht nó luachanna duine mar gheall ar a gcúlra. Tá an colúnaí seo breá compordach i measc na bunaíochta reatha, is léir.

  • Darren Ó Riagáin

    Níl a fhios agam an dtiocfadh liom duine éicint a scríofadh dhon “Irish Daily Maily” a ghlacadh i ndáiríre. Tá sé ró chlaonta ar taobh fine gaely éily, agus graithí uiscí fuiscí. An fhoilsítear and Irish Daily Maily i nDúiche Sheoigheach?

  • Mairéad Ní Chathasaigh

    Caithfidh mé a rá go bhfuil buanna faoi leith ag Paul Drury. Is bolscaire iontach, iontach claonta é, ag scaipeadh soiscéal chlann Bruton ó dhubh go dubh. Chomh maith leis sin, tá anailís do-chreidte déanta aige ar chúrsaí polataíochta na tíre. Máthair an oilc, dar leis, na Neamhspleáchaigh (Tony Gregory, Mildred Fox, agus a leithéidí). Tá na bithiúnaigh go léir aimsithe aige dúinn, buíochas le Dia. Le déanai, tugaim faoi deara go bhfuil PD ag dul ó neart go neart. Is saineolaí anois é. An saineolaí staire é? Ní hea, cé go ndéanann sé tagairt do ‘Chiréib’ Ráth Miontáin agus don Chéad Cogadh Domhanda. Leid nó dhó ag teastáil uait?? ‘Priompallán’, míoltóg, míol mór? Creid é nó ná creid: is saineolaí na míolta móra é Paul, i gcónaí ag déanamh míol mór de mhíoltóg! Agus ní nach ionadh, is féidir leis a mhalairt a dhéanamh chomh maith. An-solúbtha ar fad! Tá an t-uafás de na buanna sin de dhíth ag na taiblóidigh. Déarfainn go bhfuil ardú céime tuillte go maith ag PhD!

  • Ciarán Ó B

    @Seán Míchaél Ó Donnchadha “geáitsíocht Mary Lou sa Dáil” a deir tú.

    Ní dhearna Mary Lou ach ceisteanna a chur. Ba í Joan Burton a léirigh drochmheas ar an gcóras parlaiminte agus í ag diúltú freagraí a thabhairt agus ba é an ceann comhairle a rinne ceap magaidh den chóras céanna nuair a ghearr sé pionós uirthi as an bhfód a sheasamh in aghaidh shotal an rialtais.

  • @seancomheas

    B’fhèidir go ndeachaigh rudaí as smacht ach siùlfaidh an rialtas seo orainn muna ndèantar rud eicint. Níl meas mada ag Kenny nà FG lofa ar phobal na tíre agus ní mòràn níos fearr iad an Lucht oibre, is fada ó bhí siadsan ar an eite chlè. Dà mbeadh suim acu sa ghnàth phobal is iadsan a bheadh ag tabhairt na sràide orthu fèin, ní hè go mbeadh siad ina gcladhairí ag na Lèinte Gorma\Denis O Brien agus An Indo (nó pàipèar leithris ach sin masla don phàipèar leithris)

  • @seancomheas

    Anois go bhfuil lucht oibre na tíre tréigthe ag An Lucht Oibre le fada an lá agus Enda agus a chomhbhádòirí níos tógtha leis Na Gaill ná Na Gaeil tá sé thar ama don dá pháirtí ainm nua aontaithe a thabhairt orthu féin. B’fhéidir agus cùrsaí uisce ag dó na geirbe don dá dhream i láthair na huaire gur dheas an t-ainm é The Rainbow Coalition Party a bhaisteadh orthu féin (faraor géar diabhal Gaeilge a bheidh san ainm, sé sin muna dtéann siad I múinín ‘Google translation’ arís). Is féidir leo ansin pictiúr do Enda agus Joan a chur in airde ar na póstaeir (táim cinnte go bhfuil léinte gorma breise ag Enda di) agus mana mar ‘A lot done but more to do’ a chur in íochtar an phóstaeir. Go bhfóire Dia orainn, is maith atá a fhíos againn cad a tharla an geabh deiridh a cuireadh a leithid do chomhartha in airde ar chuaillí na tíre.