‘Murdair Mhám Trasna’ le taispeáint den chéad uair ag Oireachtas na Samhna

Tá an scannán nua faisnéise bunaithe ar an leabhar Éagóir le Seán Ó Cuirreáin, atá ainmnithe do Ghradam Uí Shúilleabháin, faoi scéal Mhaolra Seoighe agus na dúnmharuithe brúidiúla a tharla i Mám Trasna in 1882

‘Murdair Mhám Trasna’ le taispeáint den chéad uair ag Oireachtas na Samhna

Taispeánfar den chéad uair an scannán Murdair Mhám Transa, dráma faisnéise nua faoi scéal Mhaolra Seoighe agus na dúnmharuithe a tharla i Mám Trasna os cionn 130 bliain ó shin, ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne.

Tá an scannán nua faisnéise bunaithe ar an leabhar Éagóir le Seán Ó Cuirreáin, atá ainmnithe do Ghradam Uí Shúilleabháin, mórghradam litríochta na Gaeilge a bhronnfar ag an bhféile chéanna.

An comhlacht léirithe ROSG, atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara, a rinne an scannán agus Dara Devaney, Pól Ó Gríofa, Eoin Mac Diarmada agus John Keane sna príomhróil ann.

Ciontaíodh ochtar fear as Dúiche Sheoighe as dúnmharú teaghlaigh i Mám Trasna sa bhliain 1882. Bhain an cás le dúnmharú cúigear as an aon teaghlach amháin i ndorchadas na hoíche i bpobal iargúlta ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo.

D’fhág an tslí ar láimhseáladh an scéal gur crochadh triúr san éagóir agus gur chaith cúigear eile blianta fada dá saol i bpríosún mar gheall ar choir uafásach nach raibh baint ná páirt acu léi. Bhí daoradh na bhfear bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle.

Ba é t-iar-iriseoir Seán Ó Cuirreáin, a bhí ina choimisinéir teanga idir 2004-2014, údar an tsaothair nua – Éagóir, Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna, an chéad leabhar i nGaeilge faoi chás a tharraing oiread conspóide ag an am go luaitear le titim Rialtas na Breataine é.

Thug Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn cuairt ar an Spidéal le linn an tsamhraidh chun agallamh a thaifeadadh don scannán faisnéise. Ba é an t-agallamh leis an Uachtarán an mhír dheiridh a bhí le taifeadadh don dráma.

Meascán d’agallaimh agus míreanna drámaíochta atá sa scannán a ríomhann scéal na ndúnmharuithe brúidiúla a tharla in 1882 agus an éagóir a lean.

Beidh an dráma faisnéise á thaispeáint, do shlua teoranta, in Amharclann an Oireachtais in Óstán an Brehon ag 9.30 oíche Aoine an Oireachtais, an 3 Samhain.

Tá líon teoranta ticéad ar fáil don taispeántas agus moltar dóibh siúd a bhfuil spéis acu a bheith i láthair teagmháil a dhéanamh le ROSG a luaithe agus is féidir.

Thug an BAI maoiniú beagnach €300,000 don chomhlacht ROSG chun an faddráma faisnéise a dhéanamh de leabhar Uí Chuirreáin. Fágadh go raibh buiséad nach mór €500,000 ag Murdair Mhám Trasna nuair a cuireadh san áireamh an maoiniú a chuir TG4 féin ar fáil agus maoiniú eile ó scéim chánach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Fág freagra ar '‘Murdair Mhám Trasna’ le taispeáint den chéad uair ag Oireachtas na Samhna'

  • Puililiú!

    Is maith go bhfuil an séimhiú ar ais san áit is dual dó, ar an M i Mám Trasna. Bhí imní orm gurbh é ‘léim an gheilt sa duibheagán’ an chaighdeánaithe é, an “Murdair Mám Trasna” seo.