Mura caitheamh aimsire an Ghaeilge againn, ná bímis ag dul thar fóir faoi Mhotherfoclóirí is aistir teanga

Tá @theirishfor agus Motherfoclóir tar éis dul i gcion go mór ar chainteoirí Gaeilge, ach ní réabhlóid mar a tuairisc í ach adhradh na Gaeilge mar mhaisiúchán cultúrtha arís

Mura caitheamh aimsire an Ghaeilge againn, ná bímis ag dul thar fóir faoi Mhotherfoclóirí is aistir teanga

Tá cuntas Twitter tagtha chun cinn le cúpla bliain anuas agus go leor ag maíomh go bhfuil réabhlóid teanga tosaithe aige agus na mílte meallta i dtreo na Gaeilge aige. Tá mé ag caint, ar ndóigh, faoi @theirishfor, cuntas ar a bhfuil fáil ar “smithereens of the Irish language translated with grá for your pleasure”.

Tá os cionn 26,000 cuntas eile, mo chuntas féin ina measc, ag leanacht @theirishfor agus ní fios cé mhéad alt atá scríofa ag The Daily Edge agus foilseacháin eile faoin a iontaí is atá an cuntas agus fear a stiúrtha, Darach Ó Séaghdha. 

Foilsíodh leabhar, Motherfoclóir, ó pheann Uí Shéaghdha an mhí seo caite agus cuireadh tús cúpla seachtain ó shin le podchraoladh nua leis an teideal céanna ar an ngréasán podchraoltaí Headstuff. Bhain an leabhar áit amach ar liosta leabhar mórdhíola na hÉireann, taobh le Harper Lee, JK Rowling agus Stephen King, agus tá an podchraoladh, a chuireann Ó Séaghdha féin i láthair in éineacht le haoi-láithreoirí eile uair sa tseachtain, i measc na bpodchraoltaí is mó a íoslódáiltear in Éirinn faoi láthair. 

Níl aon cheist faoi ach go bhfuil éacht déanta ag Ó Séaghdha, ach tá roinnt mhaith ceisteanna le cur faoi éacht fhear Dheilginse agus cén tionchar, má bhíonn tionchar dá laghad aige, a bheidh aige ar dhán na Gaeilge in Éirinn. 

Tréaslaím le Ó Séaghdha as an éacht poiblíochta atá déanta aige in imeacht trí bliana nó mar sin agus guím gach rath air le díolachán a leabhair agus leis na fiontair eile a d’eascair as @theirishfor.

Cainteoir laethúil Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais, mar a thugtar anois orainn, is ea mise agus braithim nach bhfuil aon éadach ar an impire fad is a bhaineann sé le cuid den áiféis a chloistear i dtaobh @theirishfor. 

Ba cheart dom a rá, nach ar an gcuntas féin ná ar Ó Séaghdha atá mé ag fáil locht, ach níl, dar liom, sa ‘réabhlóid teanga’ a chloisim luaite ag daoine eile leis an gcuntas go minic ach tuilleadh den chur i gcéill.

An cur i gcéill céanna ba chúis, cuid mhaith, le meath na Gaeilge ó thús an tSaorstáit i leith: an teanga ag dul ar gcúl fad is atá sí á hadhradh mar sheoid chultúrtha. 

Is cuma liom a leithéid de mheon faoin nGaeilge a bheith ag daoine nach labhróidh go brách í nó nach orthu atá a bhfuil i ndán di ag brath, ach is scéal eile ar fad é nuair a bhíonn lucht labhartha na teanga féin ag déanamh ‘réabhlóid’ de chur chuige a chuireann an Ghaeilge i láthair mar chaitheamh aimsire.

Dá mhéid againn a ghéilleann don chineál seo meoin, is ea is fusa a bheidh sé ag lucht polasaí cúlú tuilleadh óna ndualgais i leith na Gaeilge agus i leith phobal na Gaeilge.

Ar bhealach, is tráthúil é scéal @theirishfor i gcomhthéacs an chur chuige i leith na Gaeilge atá ann le fada ag an leibhéal is sinsearaí de shaol na polaitíochta. Cheap Enda Kenny Joe McHugh ina Aire Stáit Gaeltachta agus cuireadh ar aistear teanga é. Cheap Leo Varadkar McHugh san aireacht chéanna don dara huair agus an Taoiseach nua den tuairim gur eiseamláir iontach a bhí in aistear Joe don uile dhuine a bheadh ag smaoineamh ar an nGaeilge a fhoghlaim. Agus McHugh á cheapadh aige, dúirt Varadkar gur Aire don Ghaeilge seachas don Ghaeltacht a bheadh ann. Dúirt McHugh féin gurb é an dualgas is mó a bheadh air ná daoine ar fud na tíre ‘a spreagadh’.

An é seo anois an ról atá ag Aire na Gaeltachta? Cainteoir spreagúil do dhaoine ar mhaith leo caitheamh aimsire nua a bheith acu ach a bhfuil beagáinín leisce orthu.

Tá @theirishfor tar éis dul i gcion go mór ar chainteoirí Gaeilge, ach is léir nach bhfeictear do roinnt mhaith acu gur bréagréabhlóid atá ar bun. Maítear go bhfuil síol ‘spéis sa nGaeilge’ curtha i measc leantóirí Uí Shéaghdha, ach is bocht an fómhar a bhainfear más fianaise ar bith na beartais eile ar fad a ndúradh fúthu cheana go spreagfaidís spéis sa Ghaeilge i measc an phobail. 

Tá an Ghaeilge i mbaol i gcónaí agus tá géarchéim teanga sa nGaeltacht, agus ní dóigh go mbeadh mórán tuisceana ag formhór de lucht leanta @theirishfor ar an méid sin. Dream iad a bhformhór atá sásta go bhfuil an Ghaeilge ann go fóill mar mhaisiúchán cultúrtha, mar chaitheamh aimsire, nó fiú mar thobar spioradálta ar féidir bolgam beag a ól as ó am go chéile.

Sin mar atá agus sin mar a bhí, is dóigh, agus is fearr go mbeadh na daoine sin ag póirseáil i Motherfoclóir agus ag déanamh iontais d’aistear Joe ná iad a bheith patuar nó naimhdeach faoin teanga.

Is beag Gaeilge atá ag Ó Séaghdha féin ach is léir go bhfuil spéis aige sa teanga, go bhfuil teacht aige ar lear mór foclóirí agus go bhfuil tuiscint ghlinn aige ar mheon, ar mhianta agus ar chlaonta lucht na meán sóisialta in Éirinn.

Agus is léir freisin go bhfuil a chaitheamh aimsire tógálach go maith.

Go n-éirí leis, ach ná bíodh muide ar mó againn an Ghaeilge ná caitheamh aimsire nó ábhar do leabhar tábla caife ag cur dallamullóg orainn féin go dtiocfaidh aistear teanga aire nó cuntas Twitter ar bith i gcabhair orainn agus muid ag seoladh in aghaidh na taoille.

Fág freagra ar 'Mura caitheamh aimsire an Ghaeilge againn, ná bímis ag dul thar fóir faoi Mhotherfoclóirí is aistir teanga'

  • Maidhc

    Maith thú, a Mhaitiú. An-alt.

  • Roddy

    Is meafar gránna foréigneach AnglaMheirceánach atá sa teideal “máthairfucklore”. Céard a tharla don dignit agus don dúchas?

  • Tadhg Mac Dhonnagáin

    Tá an-mheas agam ar Mhaitiú Ó Coimín ach feictear dom féin go bhfuil an t-alt áirithe seo an-diúltach. Tá fíorthábhacht leis an obair leanúnach atá ar siúl ag Ó Séaghadha maidir le saibhreas agus samhlaíocht na teanga a chur i láthair na nGael agus na nÉireannach gan Ghaeilge líofa araon. Más ag caint ar ‘chaitheamh aimsire’ muid, sílim gur fíor a rá go bhfuil daoine ann chomh maith a bhfuil cúis na teanga mar ‘chaitheamh aimsire’ acu is gan mórán eolais acu ar a bhfuil cruthaithe sa teanga le dhá mhíle bliain anuas. Tá an bhearna eolais sin á líonadh ag Mac Uí Shéaghdha. Is léir go bhfuil idir lucht léite agus lucht éisteachta aige a bhfuil suim aige san eolas atá á roinnt aige. Treise leis! Is baolach gur mionlach beag imeallach muid i saol na hÉireann agus dá mhó aird a tharraingítear ar ár dteanga i gcomhthéacs dearfach is ea is fearr.

  • Seán S. Mac Seáin

    Sílim go bhfuil tú ró-ghéar ar an tionscadail áirithe seo. ‘Easy target’ atá iontu, dream ata taobh amuigh den champa. B’fhearr liom alt a fheiceáil a dtugann fogha faoin cur i gcéill a bhaineann le tionscadail Ghaeilge atá taobh istigh den champa (agus atá meon an ‘caitheamh aimisire’/’maisiúcháin chultúrtha’ acu).

  • Feardorcha

    Ardfhear a Mhaitiú, lom na fírinne.
    Déarfadh éinne leis an oiread béime atá leagtha ar dhaoine a bheith báúil don Ghaeilge go mbeadh an tír ar fad ag ropadh airgid is moladh uirthi faoin dtráth seo…

  • Mise Áine

    @Treise leis!

    Aontaím le Tadhg.

  • Eoin Ó Brolacháin

    Leabhar do Bhéarlóirí é ‘Motherfucklore’. Cén chaoi le ‘Meadhbh’ agus ‘Fionnuala’ a rá etc. Tá cúpla botún fírice agus typo ann agus tá cuid den ‘saibhreas’ bunaithe ar fhriotal nuachumtha nach mbeidh sa gcaint go deo. Níl sé chomh maith is atá na Gaeltachtpopups ag rá ach an bhfuil aon dochar ann?

  • concubhar

    Foclóir aon foclóir dó foclóir trí and I ain’t got no motherfoclóir at all

  • Tuigim

    Níl meas agam ar Mhaitiú Ó Coimín (neart daoine maslaithe aige cheana agus is cuma leis faoi) agus cinnte, tá an t-alt seo an-diúltach. Éad ort, a Mhaitiú? Peann nimhneach anseo le rá leis an domhan aird a thabhairt ortsa?
    Mar a dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin:
    “Tá fíorthábhacht leis an obair leanúnach atá ar siúl ag Ó Séaghadha maidir le saibhreas agus samhlaíocht na teanga a chur i láthair na nGael agus na nÉireannach gan Ghaeilge líofa araon.”
    Tú as bealach ag ionsaí daoine a thugann meas don teanga, Maitiú. Ní páisitiúil ach numhneach atá tú anseo. Níl sin oiriúnach. Ba chóir duit ‘Tá brón orm’ a rá leis.
    Treise le Mac Uí Shéaghdha.

  • donncha

    Níl aon spéis agam féin sa ‘Motherfucklóír’. Más mar ghléas ‘caitheamh aimsire’ atá ann do dhaoine a thugann pléisiúr dóibh, ní fheicim gur dochar ar bith é sin, agus ní léir dom cén caoi a gcuirfeadh sin isteach nó amach ar na daoine ar nós Maitiú, ar ghléas cumarsáide í an Ghaeilge go príomha dóibh. Ach caithfidh go gcuireann nó ní scríobhfadh sé faoi.

    Ach ritheann sé liom an bealach ar thrialláil an eaglais Rómánach thar na céadta bliain peaca marfach a dhéanamh de usáid a bhaint as gléas eile ar mhaithe le pléisiúr! Níor mhaith liom go mbeadh an puratánachas sin ag baint le lucht na Gaeilge faoi usáid a bhaint as an nGaeilge mar gléas pléisiúrach!