‘Mura bhfuil tú pósta, pós duine Gaelach agus ná pós ar son spré’…agus ‘comhairlí cúnta’ eile ón gClaidheamh Soluis i 1916

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (15 Eanáir 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

C solais

Eanáir 15, 1916                                              An Claidheamh 3

Comhairlí Cúnta

bliain nua tosaithe anois againn, agus ba chóir dúinn cur romhainn rudaí maithe tairbheacha a dhéanamh sula dtiocfaidh Lá Caille arís. Rudaí ba chóir dúinn a dhéanamh anuraidh agus nach ndearnamar ba cheart iad a dhéanamh i mbliana. Os Gael gach léitheoir, geall leis, a léifidh é seo, agus ó ar Ghaeil atáim ag machnamh agus mé á scríobh seo tuigtear mar sin nach do Ghaill a scríobhtar é ach do Ghaeil, agus duitse go mór mór a léitheoir óig mhacánta.

Murar fhoghlaim tú do dhóithín Gaeilge anuraidh, foghlaim i mbliana í. Murar chreid tú anuraidh gur cúnamh mór d’Éirinn a teanga féin faoi réim aici creid i mbliana é, agus cuir in iúl do dhaoine eile é. Má bhíonn tú ag caint mar gheall ar an nGaeilge bíodh fios do ghnó agat, agus beidh toradh ar do chaint; agus bíodh eolas agat ar sheanchas na hÉireann agus beidh meas ar do chaint. Creid uaimse gur fearr an teanga seo againn a bheith á labhairt, mar shlí chun saoirse a bhaint amach, ná aon bhladhmann dá fheabhas i mBéarla na nGall; agus is fearr í gunnaí díomhaoine ag lucht eagla. Dá bhíthin sin más Gael ceart thú déan cion Gaeil i mbliana ar son teanga na nGael, agus ná sásta le beagán saothair mar beidh a lán daoine go díomhaoin sa tír agus beidh orainn a gcuid sin a dhéanamh leis.

chaith tú airgead ar earraí Gallda anuraidh ná déan a leithéid i mbliana, agus comhairligh daoine eile mar gheall ar an gceist sin. Ná bíodh eagla ort in aon áit ag cur in iúl gur Gael thú. Tír na nGael an tír seo, le ceart, agus is againn atá an cead ceart a bheith ann. Mura ngéillir géillfear duit, ach má ghéilleann tú bheidh ionat ach meirleach.

chuir camchaint agus bréagbhladaireacht Gall púicín ort anuraidh féach chugat féin i mbliana agus ná chomh dall sin. Má chreid tú anuraidh gur ar mhaithe leat a bhíodh lámh leis i do phóca ag an bhfear thall, agus an dara lámh ullamh aige le cur ar do scornach bíodh ciall i mbliana agat, agus mura dtugann tú cúnamh dóibh seo a bhainfeadh an lúth den dá lámh santacha sin ná éinne a cháinfidh Gael toisc gur mó leis Éire na talamh na nGall go dtí go mbeidh an-deimhniú agat air go háirithe, mar is sean-chleas namhad é Gaeil a chur i gcoinne Gael. Ná creid scéal toisc go mbeidh sé faoi chló. Mura focal a deir daoine móra ar ceird dó caint a labhairt i gcuma go gcaochfadh sí a lán, agus nach í an fhírinne is mó a bhíonn mar chúram orthu ach a mhalairt ar fad. Ní bheadh iontu sin ach daoine beaga dá mba í an fhírinne a gcéile.

Más fear thú, nó garsún crua, agus gan gunna agat faigh gunna, mar is ionann nó daor fear gan gunna, abair agus ná scaoilfeadh sé urchar as go brách ach le préachán dubh nó le maidrín rua.

cheap tú anuraidh gur fearr d’fhear Gall ná Gael, agus gur faoi Ghaill ba cheart rialú na tíre seo a bheith ná chomh caoch sin i mbliana. Déan athscrúdú ar an gceist gan mhoill.

cheap tú anuraidh gur comhchruatan agus comhbhuairt agus chomhthubaiste cruatan agus buairt agus tubaiste Shasana agus Éireann ná i d’amadán i mbliana, ach bíodh a fhios agat go raibh saol maith i Sasana nuair a bhí an Drochshaol á chur díobh ag Gaeil Éireann tráth. “Ní beag nod don eolach.”

Mura bhfuil tú pósta, agus tú inphósta pós, pós duine Gaelach agus ná pós ar son spré.

clann agat bídís mar ba dhual do Ghaeil a bheith, agus féach chuige nach oideachas Gallda a gheobhaidh siad. Más sagart thú agus gan do dhícheall á dhéanamh agat ar son do thíre cuimhnigh ar an Athair Eoghan Ó Gramhna, nó ar an Athair Mac Sithe a bhí tráth i gCloichín an Mhargaidh, i dTiobraid Árann, agus cuimhnigh ar na sagairt atá sa bhearna inniu ag cosaint ár gclú. Bí díobh.

Más bean rialta thú duit a bheith díomhaoin. Bíodh le maíomh againn mar gheall ort gur chuir tú roinnt cailíní ar bhóthar a leasa. Déan gníomh i mbliana.

Más oide scoile thú bíodh do rian ar na mic léinn, agus ná bíodh rian na nGall orthu, ná rian na lagGhael meata, ná rian na daoirse mar a bhí ar iomad Gael lenár linn. Daoine atá ag obair i gceart ar son na hÉireann inniu ní inné a fuair siad an t-eolas atá acu. Déan níos mó i mbliana ná mar a rinne tú aon bhliain fós. Má bhí Gaeilge á múineadh agat anuraidh ar feadh cúpla uair a chloig gach seachtain caith tuilleadh aimsire ina bun i mbliana.

sórt duine thú déan dearmad go mbeidh daoine maith misniúla in Éirinn nuair a bheimid imithe, agus ná ag ceapadh go bhfuil an scéal ró olc againn in Éirinn anois chun é a leigheas, mar níl. Is iontach an méid Gael atá againn anois agus grá d’Éirinn ina gcroí agus gan aon eagla acu roimh an namhaid.

áit oiriúnach agat chun crainn a chur cuir cuid acu ann. Má leag an ghaoth crainn sa chomharsanacht déan do dhícheall chun nach mbeidh an bhearna ann i bhfad.

Agus áit agat do bhláthanna? Má bídís agat. Má slí chun críoch a chur ar do ghairdín nó ar chosán ina cé do theach nó ar do theach déan é.

bhí an Claidheamh agat á léamh anuraidh, faigh léitheoir eile dó i mbliana nó beirt má fhéadann tú. Beannacht Dé ort, a léitheoir! Eol Mac Cirt

Fág freagra ar '‘Mura bhfuil tú pósta, pós duine Gaelach agus ná pós ar son spré’…agus ‘comhairlí cúnta’ eile ón gClaidheamh Soluis i 1916'