Mura bhfuil aon fhadhb agat díriú ar an alt seo a léamh, is dátheangaí thú!

Maítear i dtaighde a rinneadh in Ollscoil Birmingham go gcuireann an dátheangachas feabhas ar chumas an duine díriú ar rudaí

Mura bhfuil aon fhadhb agat díriú ar an alt seo a léamh, is dátheangaí thú!

Léirítear i dtaighde a rinneadh in Ollscoil Birmingham go gcuireann an dátheangachas feabhas ar chumas an duine díriú ar rudaí.

Tugtar le fios sa staidéar Bilingualism: Language and Cognition gurbh é an cumas dírithe seo is cúis le ‘buntáiste an dátheangachais’ agus ní smacht coisctheach, mar a measadh go dtí seo.

Maíodh le fada go mbaineann buntáistí cognaíocha leis an dátheangachas ach bhí éiginnteacht faoi bhunúdar na mbuntáistí sin.

Bhí fianaise áirithe ann a léirigh go raibh an duine dátheangach níos ábalta ag cur eachtraí nó eolas nár bhain le hábhar as a intinn chun díriú ar an bpríomhrud nó ar rud ar leith. Smacht coisctheach a thugtar ar an gcumas sin.

Ghlac 99 duine páirt sa staidéar nua seo in Ollscoil Birmingham agus iarradh orthu trí thástáil síceolaíochta aitheanta a dhéanamh a thomhaiseann an cumas coisctheach sin: tástáil Simon, tástáil spásúlachta Stroop agus tástáil Flanker. Cainteoirí cumasacha Béarla-Sínise, a d’fhoghlaim a gcuid Béarla sula raibh siad deich mbliana d’aois, a bhí i 48 acu agus cainteoirí Béarla a bhí sa 51 duine eile sna trialacha.

Ba í an ghné ba thábhachtaí sna tástálacha ar fad ná an t-am a thóg sé ar na rannpháirtithe freagra a thabhairt ar rudaí éagsúla a phreab aníos ar scáileán ríomhaire.

I dtástáil Flanker, cuireadh sraitheanna saighead os comhair na rannpháirtithe agus iarradh orthu treo na saighde sa lár a chur in iúl trí chnaipe ‘clé’ nó ‘deas’ a bhrú.

Bhí orthu neamhaird a thabhairt ar na saigheada cliathánacha a bhí ag dul sa dá threo.

I dtástáil spásúlachta Stroop, bhí ar na rannpháirtithe treo saighde aonair a chur in iúl trí chnaipe a bhrú agus clé nó deas a roghnú.

Phreab na saigheada aníos ar fud an scáileáin, rud a chabhraigh leis na rannpháirtithe i gcásanna áirithe ach a chuir moill orthu i gcásanna eile. Bhí tástáil Simon an-chosúil le tástáil Stroop, ach amháin gur cearnóga gorma nó dearga a bhí i gceist in áit na saighead.

Bhí sé mar aidhm ag lucht an staidéir anailís ar leith a dhéanamh ar na freagraí malla i gcomparáid leis na freagraí tapa, rud nach ndearnadh cheana. Léiríodh san anailís sin go raibh an dá ghrúpa chomh maith céanna ag díbirt rudaí nach mbaineann le hábhar amach as a n-intinn, ach léiríodh nach raibh an oiread céanna freagraí malla ag na cainteoirí dátheangacha is a bhí ag na cainteoirí aonteangacha.

Maítear go léiríonn na torthaí sin gur fearr i bhfad na cainteoirí dátheangacha ag díriú go leanúnach ar rud ná cainteoirí aonteangacha, ach nach bhfuil aon difríocht i gcumas coisctheach an dá dhream.

“Tá an t-uafás fianaise ann go mbaineann buntáistí cognaíocha leis an dátheangachas, tá scoláirí ann a cheistíonn an fhianaise sin toisc go dteipeann go minic ar iarrachtaí na torthaí céanna a chruthú faoi dhó. Léiríonn ár gcuid torthaí go bhféadfadh gur baineadh an tátal mícheart as an gcaoi a ndearnadh anailís ar an bhfianaise sin agus gur maíodh dá bharr go mbíonn cumas coisctheach as an ngnáth ag dátheangaigh.

“Léiríonn an taighde seo againne, chomh maith le fianaise eile roimhe seo, go gcuireann an dua a bhaineann le síormhalartú idir teangacha le cumas an té atá dátheangach a aird a dhíriú agus a choinneáil ar rud,” a dúirt an Dochtúir Andrea Krott, ó Ollscoil Birmingham.

Dúirt sí go raibh dúshlán eile anois roimh a foireann.

“Tá a fhios ag an saol go n-athraíonn an dátheangachas struchtúr na hinchinne agus an chaoi a n-oibríonn sí. Ach ní thuigimid i gceart go fóill conas a thagann athrú ar an iompar dá mbarr. Sin an chéad dúshlán taighde eile,” a dúirt an Dr Krott.

Fág freagra ar 'Mura bhfuil aon fhadhb agat díriú ar an alt seo a léamh, is dátheangaí thú!'