Muna bhfuil Pálás na bPúcaí slán ó ionsaí buamála, cé atá slán uaidh?

Maíodh go raibh beartais ar an gcaighdeán is fearr ar fad ag MI5 agus go raibh Pálás na bPúcaí do-ionsaithe. Mairg don té a dhéanfadh gaisce den chineál sin

Palace Barracks

‘Ní gá dúinne an t-ádh a bheith orainn ach aon uair amháin; ní mór daoibhse a bheith éifeachtach i gcónaí’. B’in a dúirt an tIRA Sealadach le Príomh-Aire na Breataine, Margaret Thatcher nuair a tháinig sí slán ón ionsaí buamála i mBrighton i 1984. Maraíodh cúigear agus gortaíodh 34 duine sa phléascadh sa Grand Hotel le linn chomhdháil bhliantúil na dTóraithe.

Tugadh na briathra bagarthacha sin chun cuimhne le gairid nuair a d’éirigh le heasaontóirí poblachtacha buama a sheoladh isteach i bPalace Barracks in Ard Mhic Nasca. Láthair shiombalach é a bhfuil spleodar ar leith ag baint leis an tslándáil ansin a shárú. Is é Beairic an Pháláis ceanncheathrú na seirbhíse faisnéise MI5 agus bhí cáil air freisin mar bhunáit de chuid Arm na Breataine, mar ionad coinneála agus ceistiúcháin.

Buama loiscneach ab ea an gaireas. Bhí sé i mbeart i veain poist agus phléasc sé taobh istigh den champas. Ar ámharaí an tsaoil, ní raibh an tiománaí sa veain agus, dá bhrí sin, tháinig sé slán. Níor gortaíodh éinne ach scriosadh an veain, dhá fheithicil eile agus garáistí. Níl aon dabht ach gur údar mór imní é an eachtra don PSNI. Is mó fós an dúshlán é do MI5 atá in ainm is a bheith ag faire ar na heasaontóirí agus go maítear go bhfuil faisnéis den scoth acu faoina bhfuil ar siúl ag na miondreamanna paraimíleatacha.

Go dtí seo, bhí an pobal den bharúil go raibh an tslándáil ab éifeachtaí i dTuaisceart Éireann i bpálás na bpúcaí mar a thugtar ar cheanncheathrú na spiairí. Ní mór go leor ceisteanna a fhreagairt faoi conas ab fhéidir buama a sheoladh isteach thar ghardaí, thar gheataí, thar cheamaraí agus thar bhacanna de gach aon uile chineál. Thairis sin, caithfear athbhreithniú tromchúiseach a dhéanamh ar an sórt faisnéise atá ag MI5. Rinne easaontóirí iarracht cúig bliana ó shin Beairic an Pháláis a bhuamáil ach níor eirigh leo a dhul isteach ann. Anois agus an tslándáil in ainm is a bheith feabhsaithe, d’éirigh leo.

Treisíodh ar shlándáil ag gach beairic mhíleata tar éis dúnmharú beirt shaighdiúirí, Patrick Azimkar agus Mark Quinsey, in Aontroim i 2009. Anuas air sin, maíodh go raibh beartais den chaighdeán is fearr ar fad ag MI5 agus go mbeadh pálás na bpúcaí do-ionsaithe. Mairg don te a dhéanfadh gaisce den chineál sin. Dúradh freisin go raibh córais feabhsaithe ag an Royal Mail chun buamaí litreach a aimsiú. Is léir nach raibh feidhm leis na beartais sin ach an oiread an geábh seo.

Bhí an t-ádh dearg ar ghnáthoibrithe sa bheairic, ar fhostaí an phoist agus ar na feidhmeannaigh de chuid MI5 nár bhain gortú dóibh nó íde níos measa. Ba léir gur chuma le lucht an ionsaithe cé a mharófaí ach iadsan a bheith in ann a rá go raibh said ábalta an tslándáil a shárú.

Ar chreid lucht na beairice a bpoiblíocht féin? Ar shíl said go raibh siad go hiomlán sábháilte in aghaidh ionsaithe? An raibh siad míchúramach dá bharr sin? Ar ndóigh, is ar na daoine a sheol an buama isteach atá an milleán ach tá freagracht ar na húdarais freisin as slándáil oibrithe – chomh maith leis an bpobal a choinneáil slán.

Ní mór cúrsaí a fheabhsú.

Fág freagra ar 'Muna bhfuil Pálás na bPúcaí slán ó ionsaí buamála, cé atá slán uaidh?'