Muintir Ráth Chairn ag fáil faoi réir d’Fhéile na Mí an deireadh seachtaine seo

Tá an baile beag Gaeltachta i gContae na Mí ag fáil faoi réir féin don 'mhionOireachtas' atá á reáchtáil ansin le hos cionn 40 bliain. Bronnfar Corn Cuimhneacháin Chóil Neaine Pháidín oíche Dé Sathairn

Féile na Mí

Níl ach seachtain go leith imithe tharainn ó bhí mórfhéile na nGael, Oireachtas na Samhna, ar siúl in Óstán an Gleneagle i gCill Airne ach tá na Gaeil á réiteach féin arís don “mhionOireachtas”, mar a thugtar go minic ar Fhéile na Mí i Ráth Chairn an deireadh seachtaine beag seo.

Beidh lucht eagraithe na féile, agus muintir na háite i nGaeltacht Ráth Chairn, ag súil le cuairteoirí ó chuile chearn den tír agus níos faide i gcéin Dé hAoine agus Dé Sathairn.

Tá an fhéile ar an bhfód le breis is 40 bliain. Bhunaigh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1974 an fhéile agus tá sí á cur ar siúl go bliantúil ó shin i leith. Ba é an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich a d’oscail an chéad Fhéile i mBaile Ghib, an baile Gaeltachta eile i gcontae na Mí. Tá Féile na Mí á reachtáil i Ráth Chairn le tamall de bhlianta anuas.

Cuirfear tús leis an bhféile tráthnóna Dé hAoine nuair a bheidh comórtas amhránaíochta ar an sean-nós ann do dhaoine óga. Leanfaidh comórtais eile amhrán agus bodhrán ar feadh na hoíche sula gcuirfear tús le seisiún ceoil agus amhránaíochta sa Bhradán Feasa.

Dé Sathairn beidh comórtais damhsa do dhaoine óga agus do dhaoine fásta ar siúl agus bronnfar príomhdhuais na féile, Corn Cuimneacháin Chóil Neaine Pháidín, don amhránaíocht ar an sean-nós do dhaoine fásta. Is fiú €500 an phríomhdhuais amhránaíochta agus is fiú €400 príomhdhuais an damhsa

Tá tuilleadh eolais faoin bhféile ar fáil ó RathChairn.net agus ó leathanaigh Facebook na féile. Den chéad uair riamh, tá Féile na Mí ar Snapchat freisin agus féadfaidh tú an scléip a leanacht ar an meán nua sin.

Fág freagra ar 'Muintir Ráth Chairn ag fáil faoi réir d’Fhéile na Mí an deireadh seachtaine seo'