Muintir na hÉireann ag súil leis an Rás Siúil 50k tar éis seachtain chrua dár lúthchleasaithe

Beidh Robert Heffernan ag iarraidh a léiriú go bhfuil sé fós chun tosaigh ar na hiomaitheoirí eile nuair a dhéanfaidh sé iarracht greim a choinneáil ar an gcraobh anocht (12.30 am am na hÉireann) 

Lúthchleasaí na hÉireann, Rob Heffernan. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Lúthchleasaí na hÉireann, Rob Heffernan. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Gan amhras tá clú agus cáil ar Rob Heffernan (CL Togher), fear 37 bliain d’aois as Corcaigh, i réimse na lúthchleasaíochta. Tháinig slua ollmhór amach ar shráideanna Chorcaí i 2013 chun fáilte mhór a chur roimhe nuair a tháinig sé abhaile ó Mhoscó tar éis an Rás Siúil 50k i gCraobhchomórtais an Domhain a bhuachan.

Bliain roimh ré, faraor, thit an lug ar an lag orainn nuair a thrasnaigh sé an líne sa cheathrú háit sna Cluichí Oilimpeacha i Londain – taobh thiar de Sergei Kirdyapkin, lúthchleasaí ar theip tástáil drugaí air ó shin. Níor chaill sé misneach, áfach, agus rinne sé a mhíle dícheall chun an bonn óir a bhuachan i Moscó. Beidh sé ag iarraidh a léiriú go bhfuil sé fós chun tosaigh ar na hiomaitheoirí eile nuair a dhéanfaidh sé iarracht greim a choinneáil ar an gcraobh inniu. 

Beidh Brendan Boyce (CL Letterkenny) agus Alex Wright (CL Leevale) ag glacadh páirt sa rás céanna freisin. Tá sáriarracht phearsanta 3:37.54 ag Heffernan, 3:48.55 ag Boyce agus 3:51.28 ag Wright. 

Seachtain Chrua d’Fhoireann na hÉireann

Faraor, níor éirigh go rómhaith leis na lúthchleasaithe eile as Éirinn an tseachtain seo. 

Sa léim chuaille, tháinig Tori Peña as California (CL Finn Valley) sa deichiú háit i ngrúpa A. Ghlan sí 4.30m, 5cm níos ísle ná a sáriarracht phearsanta.  

Ghlac Michelle Finn (CL Leevale), Sara Treacy (CL Dunboyne) agus Kerry O’Flaherty (CL Newcastle, An Dún) páirt i rásanna cáilithe an léimrása 3000m Dé Luain freisin ach níor éirigh leo áit a bhaint amach sa rás ceannais.

Ba mhór an trua é toisc gur rith an triúr acu faoi bhun 9:45.00 i mí Iúil chun áit a bhaint amach sna Cluichí Oilimpeacha i Rio de Janeiro i 2016. Rith Finn 9:55.27 sa chéad rás, rith Treacy 9:48.24 sa dara rás agus rith O’Flaherty 10:05.10 sa tríú ceann.

Dá gcothromódh Ciara Everard (CL UCD) a sáriarracht phearsanta de 2:01.21 sa rás 800m, rachadh sí ar aghaidh go dtí na rásanna leathcheannais ach theip uirthi an plean a bhí aici a chur i gcrích agus tháinig sí sa seachtú háit.  

Tháinig Ben Reynolds (CL North Down) sa seachtú háit freisin i rás cáilithe an chliathrása 110m nuair a rith sé 13.72, cé nach ndearna sé traenáil ar bith le hocht lá roimh an rás de bharr gortú. Bhuaigh Hansle Parchment an rás sin i 13.30.

Bhí mí-ádh ar Kelly Proper (CL Ferrybank) an tráthnóna sin sa rás cáilithe 200m. Cé gur bheag nár sháraigh sí a sáriarracht phearsanta de 23.15, rith sí 23.28 chun an seachtú háit a ghnóthú.  

I gcaitheamh an oird, níor éirigh le Conor McCullough (CL Crusaders), áit a bhaint amach sa bhabhta ceannais d’fhoireann Mheiriceá. Chaith sé 74.31m, níos faide ná aon bhall eile ar fhoireann Mheiriceá ach 20cm róghearr le go bhfaigheadh sé áit sa bhabhta ceannais. 

Fág freagra ar 'Muintir na hÉireann ag súil leis an Rás Siúil 50k tar éis seachtain chrua dár lúthchleasaithe'