Muintir Árainn fós gan seirbhís farantóireachta agus tuilleadh cainteanna beartaithe

Tá cainteanna le bheith ar siúl arís inniu idir lucht , Roinn na Gaeltachta agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Kevin Kelly faoin tseirbhís idir Ros an Mhíl agus Cill Rónáin ar cuireadh deireadh inné léi

Muintir Árainn fós gan seirbhís farantóireachta agus tuilleadh cainteanna beartaithe

Leanfar inniu leis an hiarrachtaí atá ar bun teacht ar réiteach ar an tsáinn ina bhfuil muintir Árainn agus iad fágtha d’uireasa seirbhís farantóireachta.

Bhí agóid ar bun inné ag muintir an oileáin ar ché Chill Rónáin faoin scéal go bhfuil deireadh fógartha le seirbhís farantóireachta Island Ferries Teo as Ros an Mhíl go dtí Inis Móir go dtí an 17 Márta agus tuairiscítear go mbeidh cainteanna ar siúl arís inniu idir lucht an chomhlachta, Roinn na Gaeltachta agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Kevin Kelly.

D’aontaigh comhairleoirí contae na Gaillimhe tráthnóna inné go n-iarrfaí ar Roinn an Taoisigh, ar Roinn na Gaeltachta agus ar an Roinn Iompair go gcuirfí seirbhís éigeandála farantóireachta ar bun do mhuintir an oileáin. Iarradh chomh maith ar Island Ferries Teo tús a chur in athuair lena seirbhís ar cuireadh stop léi inne.

Dúirt an Tánaiste Frances Fitzgerald sa Dáil gur “údar mór díomá” é deireadh a bheith curtha leis an tseirbhís. Thug Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne le fios tráthnóna inné go raibh iarracht ar bun bád farantóireachta eile a aimsiú.

Nuair a bhí an baol ann anuraidh go gcuirfí deireadh leis an tseirbhís farantóireachta go Cill Rónáin, bhí réamhshocrú déanta ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le dhá chomhlacht farantóireachta eile a bhí sásta seirbhís a chur ar fáil. Dúradh an uair sin go raibh an cabhlach réidh le teacht i gcabhair ar mhuintir Árann dá mba ghá freisin.

Is cosúil nach raibh aon socruithe dá leithéid déanta an uair seo, nó má bhí níor cuireadh i gcrích fós iad.

Shocraigh Island Ferries deireadh a chur leis an tseirbhís mar gheall ar aighneas faoin táille 80 cent in aghaidh an phaisinéara a ghearrtar ar an gcomhlacht.

Táille in aghaidh an bháid agus ní in aghaidh an phaisinéara a ghearrtaí go dtí an bhliain 2011, nuair a athraíodh fodhlí.

Anuraidh, thug Island Ferries Teo dhá chás Ard-Chúirte i gcoinne Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus i gcoinne Roinn na Mara sula ndeachaigh siad os comhair na Cúirte Uachtaraí mar gheall na táillí seo.

Rialaíodh san achomharc sa Chúirte Uachtarach i mí na Nollag an bhliain seo caite go raibh sé de cheart ag Comhairle Chontae na Gaillimhe táille €0.80 a ghearradh ag Cuan Chill Rónáin, ach nach raibh sé de cheart ag an Roinn Cumarsáide táille €1.20 a ghearradh ag Cuan Ros an Mhíl.

De réir an bhreithiúnais, bhí táille €1.20 in aghaidh an duine ‘ró-ard’, agus dúradh nár cuireadh san áireamh ‘an conradh sóisialta’ a bhí i gceist le muintir Oileán Árann a iompar ó na hoileáin go dtí an mhíntír agus ar ais arís.

Dúirt Aran Island Ferries gur fhág na táillí go mbeidh orthu €120,000 in aghaidh na bliana a íoc le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus nach mbeadh sé d’acmhainn acu an t-airgead sin a íoc.

Dúirt Island Ferries Teo go mbeadh siad sásta anois glacadh le táillí in aghaidh an phaisinéara, a fhad is a laghdófaí an táille sin ó €0.80 an duine go €0.40 an duine. Bheadh an comhlacht sásta táillí atá le híoc ó 2012 a aisíoc ag an ráta sin freisin – rud a d’fhágfadh go mbeadh tuairim is €50,000 in aghaidh na bliana le híoc acu, dar le hurlabhraí an chomhlachta.

Dúirt urlabhraí ón gcomhlacht gur “géilleadh mór” ag Island Ferries Teo a bhí sa mhéid sin.

Fág freagra ar 'Muintir Árainn fós gan seirbhís farantóireachta agus tuilleadh cainteanna beartaithe'