Múineadh agus béasa, cinnte – ach ligimis do bhuachaillí a bheith ina mbuachaillí

Spreag alt cumhachtach Sheosaimhín Ní Bheaglaoich ar na leathanaigh seo le gairid ár gcolúnaí chun aguisín pearsanta a chur le gáir chatha na mban faoin mana #MeToo

Múineadh agus béasa, cinnte – ach ligimis do bhuachaillí a bheith ina mbuachaillí

‘Caithfear múineadh agus béasa a chur ar bhuachaillí agus fir óga, agus seanfhir leis, mura bhfuil sé ródhéanach i gcás cuid mhaith acu,’ a scríobh Seosaimhín Ní Bheaglaoich ar na leathanaigh seo ag tús na seachtaine. Aontaím léi céad faoin gcéad.

Níl ciapadh gnéis inghlactha.

Ní féidir glacadh ach an oiread le ‘Cultúr ina nglactar le héagothromaíocht stádais. Leis an gcur faoi chois. An chos ar bholg. An dímheas ar leath de dhaonra an domhain,’ mar a scríobhann Ní Bheaglaoich ina halt, ar geall le gáir chatha é.

Seasaim gualainn ar ghualainn léi sa chogadh i gcoinne na héagothromaíochta stádais idir mná agus fir. Ach ba mhaith liom aguisín a chur leis an ngáir chatha. 

Ní toisc gur mhaith liom an focal deireanach a bheith agam in argóint ar bith, díreach toisc gur fear mé.

Ach toisc gur fear mé ar chuir máthair, deirfiúr agus mná eile múineadh agus béasa air nuair a bhí sé óg. 

An iomarca múineadh agus béasa.

Áit thar a bheith feimineach a bhí sa teach ina raibh mo chliabhán, san Ísiltír. Mo mháthair a shaothraigh an chuid is mó den teacht isteach a chuir greim inár mbéal, m’athair a dhéanadh an chócaireacht. Dhéanadh mo dheirfiúr mór mionléamh ar chuile eagrán d’iris fheimineach aitheanta arbh é ‘Amach as an mbealach!’ an bhrí leis an teideal. Bhínn féin sáite sna leabhair do pháistí a scríobh Thea Beckman, leabhair mhór-ráchairte a bhí lonnaithe i sochaí útóipeach sa todhchaí ina raibh mná i gceannas ar an domhan agus ina raibh cosc iomlán ar fhir páirt a ghlacadh sa saol polaitiúil, toisc go raibh praiseach déanta acu sin den saol mar a bhí i gcogadh domhanda núicléach. I bhfógraí stáit ar an teilifís, bhí héileacaptair á n-eitilt agus turgnaimh shaotharlainne á gcur i gcrích ag mná, in iarracht cailíní óga a spreagadh spéis a chur i ngairmeacha nach mbíodh luaite, go traidisiúnta, le mná.

Ní fhéadfainn a rá go raibh eachtra ar leith ann a chuaigh i bhfeidhm orm thar aon eachtra eile, ná ní fhéadfainn a mhaíomh ach an oiread go raibh iarracht ar bun ag mná na hÍsiltíre d’aon ghnó ag an am sin chun inchinn bhuachaillí óga a athmhúnlú.

Ach an tuiscint a bhain mise – gasúr nach raibh aige ach seacht nó ocht mbliana d’aois – as an iomlán ná nach raibh aon mhaith le fir.

In iarracht na mná i mo shaol a shásamh rinne mé meatachán díom féin. Chuir mé faoi chois na hinstinní sin atá i ngach fear ó nádúr: an dúil sa ghaisce, sa mhaistíneacht, san iomaíocht fhisiciúil go háirithe. I mo shúile-se ba í an dúil sa chomhrac, thar aon ní eile, an fhianaise go raibh rud éigin bunúsach ‘mícheart’ leis an bhfear.

Ar eagla na míthuisceana, nílim ag maíomh gurbh iad na mná a bhí i mo shaol nuair a bhí mé óg ba chúis le mo chlaonadh gnéis. Fear mé a bhfuil dúil aige i bhfir, cinnte, ach fear a bhfuil dúil aige i mná é mo dheartháir óg agus fuair muid an tógáil chéanna. (Lena chois sin, ar ndóigh, níl a dhath mícheart leis an gclaonadh gnéis atá agam, ná le claonadh gnéis aon duine eile.)

Ach tá mé ag rá go ndearnadh dochar síceolaíoch dom nuair a tugadh le tuiscint do bhuachaill óg, go díreach nó go hindíreach, nach raibh aon mhaith leis an inscne lenar bhain sé. (Is maith a thuigim gurb é an rud céanna a bhí agus atá á thabhairt le tuiscint leis na cianta cairbreacha do chailíní óga i sochaithe patrarcacha, ach ní réiteoidh cos ar bholg ar an té a mbíodh an lámh in uachtar aige an cheist.)

An dochar síceolaíoch sin, fuair mé leigheas air sin níos moille i mo shaol a bhuíochas le healaíona comhraic éagsúla a chuir ar mo chumas an chuid fhiáin, fhisiciúil de m’fhearúlacht a cheiliúradh. Ach níor thug sin na blianta ar chuir mé an fhearúlacht chéanna faoi chois ar ais dom.

De réir cosúlachta ní mé an t-aon fhear amháin ach an oiread a bhí thíos leis an tógáil a fuair sé, tógáil a rinne beag is fiú, go hindíreach go minic, dá nádúr fireann.

Níos túisce i mbliana, san Ísiltír, cuireadh feachtas ilmheán ar bun inar cuireadh ar a súile do thuismitheoirí gur cheart dóibh ligean do bhuachaillí a bheith ina mbuachaillí.

Agus sin é, i mbeagán focal, an t-aguisín ba mhaith liom a chur le gáir chatha Sheosaimhín Ní Bheaglaoich agus na mílte ban eile ar fud an domhain a bhfuil an feachtas #MeToo tar éis iad a spreagadh a mbun gnímh.

Caithfear múineadh agus béasa a chur ar bhuachaillí agus fir óga.

Ach ná déanaimis coillteáin díobh, nó beidh géarchéim mheabhairshláinte againn amach anseo nach bhfacthas a leithéid riamh.

Fág freagra ar 'Múineadh agus béasa, cinnte – ach ligimis do bhuachaillí a bheith ina mbuachaillí'

  • Éadóchasach

    Tá dul amú ar Alex, sílim. Ní airsean atá an locht, áfach. Níl sé ach ag cloí leis an rud a bhfuil sé cleachta air, sin é an mhíthuiscint a bhí laistiar den ndearcadh a bhí agesna daoine a chuireadh in iúl dó, agus é ina gharsún óg, nach raibh aon mhaith le fir. Tá an mhíthuiscint chéanna le feiscint laistiar den alt so: Amhail na daoine a shíleadh go raibh donas éigin i nádúr an fhir, creideann Alex gur ann do “nádúr an fhir”. Ní ann do rud dá leithéid, áfach – nó, más ann dó, bíonn sé éagsúil. Sin le rá: Ní ann do nádúr an fhir; is ann do nádúir éagsúla na bhfearaibh éagsúla.

    Ní beag an dochar a dhéanann dearcadh na ndaoine a chreideann go bhfuilimid go léir mórán mar a chéile agus nach bhfuil éagsúlacht eadrainn ach de réir na gné atá againn: Más fear thú, a deireann siad, is é nádúr an fhir atá ionat; más bean thú, a deireann siad, is é nádúr na mná do nádúrsa. Ach cad a chiallaíonn sé sin? Cad iad saintréithe na nádúr siúd?

    Dar le hAlex, is iad an dúil sa ngaisce, sa mhaistíneacht agus san iomaíocht choirp saintréithe nádúr an fhir. Sin iad “na hinstinní…atá i ngach fear ó nádúr”, dar leis. Ach cad fésna fearaibh ná fuil in ann iad féin ná na hinstinní atá iontu a aithint sa méid a ndúirt sé. Muna bhfuil dúil dá laghad acu sa ngaisce, ná sa mhaistíneacht, ná san iomaíocht choirp ach oiread, an gciallaíonn sé sin gur “coillteáin” atá iontu? Feictear domsa nach gciallaíonn. Feictear domsa go gciallaíonn sé sin gur daoine atá iontu, daoine a bhfuil a nádúir féin acu.

    Agus cad fé nádúr na mná? An ann dó? Cén dath atá air? Má tá dúil nimhe ag mnaoi sa ngaisce, sa mhaistíneacht agus san iomaíocht choirp, an gciallaíonn sé sin gur drochmhná iad, gur rálacha atá iontu – nó gur “virago” atá iontu, mar a thugtaí ar mhnaoi dá leithéid i mBéarla fadó? Ní chiallaíonn. Fé mar adúras fésna fearaibh: Ciallaíonn sé sin gur daoine atá iontu, daoine nach luíonn a nádúr féin leis an nádúr ar a dtugtar “nádúr na mná”.

    Léiríonn an t-alt so an dochar a ndéanann dearcadh na ndaoine a chreideann i nádúir na ngnéithe. Do chreideadh Alex, agus é óg, go raibh donas an fhir sáite ina nádúr féin toisc gur buachaill ab ea é agus (droch-)nádúr an fhir an nádúr a bhí aige. Anois, ní chreideann sé a thuilleadh gur chóir náire a bheith air lena nádúr féin; is maith an rud san. Creideann sé fós gurb é nádúr an fhir a nádúr féin, áfach, agus sileann sé go bhfuil fios gach fir, agus fios gach coillteáin, aige dá bharr; ní maith an rud san. Más fíor nach leor a bheith id fhear chun bheith id dhrochdhuine – agus ní leor –, ní leor a bheith id fhear chun eolas cruinn a bheith agat ar fhir eile, ach oiread.

    Ceann amháin de mhór-fhadhbanna an chine dhaonna, dar liomsa ar aon nós, ná ná fuilimid in ann – agus is cosúil nach rabhamair in ann riamh – glacadh leis an éagsúlacht: An éagsúlacht atá eadrainn ná an éagsúlacht atá ionainn. Dá bharr, tréaslaím le hAlex sa tslí is go spáineann an t-alt so dúinn an tábhacht a bhaineann le tuiscint chruinn a bheith againn ar an éagsúlacht atá ionainn, ar ár nádúr féin, agus gan náire a bheith orainn leis. Tús maith is ea é an tuiscint sin a bheith againn, ach caithfimid leanúint ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile agus iarracht a dhéanamh glacadh leis an éagsúlacht atá eadrainn. Caithfimid glacadh leis an bhfírinne : Nílimid mórán mar a chéile; ní leor an tuiscint atá againn orainn féin chun ár gcomhdhaoine a thuiscint; ní leor eolas a bheith againn ar ár nádúr féin chun nádúir dhaoine eile a thuiscint. Chun an tuiscint sin a bhaint amach, chun nádúir ár gcomhdhaoine a thuiscint, caithfimid labhairt le daoine eile; caithfimid éisteacht leo. Caithfimid glacadh leis an bhfírinne: Tá daoine ann atá cosúil linn, tá daoine ann atá éagsúil linn, agus is ar scáth a chéile a mhairimid.

    B’fhéidir go mbeadh an saol níos fearr dá mbeadh tuiscint níos fearr againn ar a chéile. B’fhéidir nach mbeimist sásta glacadh le sochaí a bhfuil an éagothromaíocht mar bhunchloch aici, dá mbeimist in ann glacadh le bunús an duine – .i. an éagsúlacht. Fiú dá mbeimist in ann glacadh leis an éagsúlacht, áfach, an mbeimist in ann maireachtáil léi agus le gach a gciallaíonn sí?

    Amanta, bíonn an éagsúlacht, an éagsúlacht atá ionainn agus an éagsúlacht atá eadrainn, ina údar oilc. Amanta, ní bhímid in ann comhréiteach le chéile dá deasca. Amanta, bíonn éagsúlachtaí ann nár chóir dúinn glacadh leo. Amanta, caithfimid glacadh le fírinne atá thar a bheith searbh: Is ar scáth a chéile a mhairimid agus, amanta, bíonn fuacht feanntach le braistint fé scáth ár gcomhdhaoine.

  • Jack

    Aontaím go huille is go hiomlán leat a Alex. Caithfidh muid comhtromaíocht a bhaint amach do mhná cinnte ar bhealaí éagsúla, ach ní chaithfidh muid fír nó na rudaí a bhaineann le fir go traidisiúnta (nó go dúchasach) a chaitheamh amach leis na fir a dhéanann iad. Beidh fadhbanna againn má chuireann muid aon chuid den saol i leataobh.