‘Mothaím ar dóigh!’ – Martin McGuinness ag baint lánleas as cumhacht na Banríona

Thug an t-iriseoir David Gordon le fios gur ag imeacht go Stormont a bhí sé mar phreasoifigeach ag an bhFeidhmeannas. Ní raibh ansin ach tús an scéil…

‘Mothaím ar dóigh!’ – Martin McGuinness ag baint lánleas as cumhacht na Banríona

Ar tvuít a fógraíodh an scéal i dtosach. Iriseoir ardchumais ag éirí as a phost mar eagarthóir ar an gclár raidió is mó a cheistíonn na polaiteoirí i Stormont.

Ansin thug an t-iriseoir David Gordon le fios gur ag imeacht go Stormont a bhí sé, mar phreasoifigeach ag an bhFeidhmeannas. Bhain sé sin siar as daoine mar ní raibh sárú Gordon le fáil chun iniúchadh a dhéanamh ar iompar polaiteoirí. Seift pholaitiúil ó Arlene Foster agus Martin McGuinness? An sionnach meallta acu chun aire a thabhairt do na cearca?

Ní raibh ansin ach an tús. Má bhí nós nua Mhaigh Eo cúil a scóráil do Bhaile Átha Cliath aisteach, b’aistí fós an t-eolas a sracadh le dua as Oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad Aire, nó Oifig an Fheidhmeannais mar a thugtar air anois.

Ó tharla nár fógraíodh an post agus nach raibh sé soiléir an mbeadh an bolscaire nua ag teacht i gcomharbacht ar Cheannasaí Faisnéise Stormont, ceistíodh conas a deineadh an ceapachán.

Trí dhiancheistiú, d’éirigh leis an iriseoir Sam McBride ón Newsletter a fháil amach gur shínigh Arlene Foster agus Martin McGuinness ordú, a cheadaítear faoi Lánrogha na Banríona, chun an dlí a leasú ionas gurbh fhéidir claonbholscaire a cheapadh gan aon chomórtas agus gan aon scrúdú a bheith déanta ar an scéal ag Coimisiún na Státseirbhíse nó teachtaí Tionóil.

Tá oiread cosanta ag úsáid na pribhléide sin – Lánrogha na Banríona – nach féidir leasú an dlí dá bharr a chur faoi scrúdú Chigire na Rialacha Reachtúla a dhéanann scagadh ar reachtaíocht thánaisteach san Tionól.

Bhí gach a deineadh dleathach agus ceart, a dúirt Martin McGuinness san Tionól Dé Luain. Shéan sé go raibh rúndacht nó uisce faoi thalamh ag baint leis an obair. “I feel grand,” arsa fear Shinn Féin mar fhreagra ar dhaoine a d’fhiafraigh de conas a d’airigh an poblachtánach diongbháilte faoi leas a bhaint as an gclóca ríoga.

Bhí an DUP agus Sinn Féin ag súil go gcuirfeadh an seisiún Tionóil sin clabhsúr leis an gconspóid ach ba bheag dá chosúlacht a bhí ar an scéal. Má theastaigh cruthúnas go raibh gá acu le claonbholscaire sholáthair siad féin go flaithiúil é le seachtain! Bhí a láimhseáil ar an scéal chomh ciotach gur tharraing sé aird i bhfad is i ngearr.

Níl éinne ag rá nach sár-rogha don phost é David Gordon. Meastar go forleathan nach mbeadh éinne in ann cur ina choinne dá gceapfaí é i gcomórtas oscailte. ’Sé iompar na gCéad-Airí a chothaigh an fhadhb agus ba é cur chuige a roinne a chuir an lasair sa bharrach.

Rinneadh an ceapachán Dé Máirt. Ar an gCéadaoin d’eisigh an roinn eolas faoi ról an chomhairleora a chuirfeadh teachtaireacht dhearfach amach faoi obair an Fheidhmeannais agus faoin bpá a bheadh aige – £75,000 sa bhliain. Bhí a thuilleadh ceisteanna ag an bhfreasúra agus ag iriseoirí agus in ionad an t-eolas a eisiúint rinneadh scéal fada ar an anró de.

Níor scaoileadh an t-eolas maidir leis an leasú ar an dlí faoi Lánrogha na Banríona amach go dtí an Satharn. Nuair a deineadh sin, bhí an ráiteas giorraisc agus ionsaitheach. Údar suntais ab ea ‘scaoll agus histéire’ an fhreasúra, cé nárbh iontas é ó pháirtithe nach raibh in ann iad féin a chur in iúl go glan, soiléir, a dúirt an ráiteas oifigiúil ó Roinn an Fheidhmeannais.

Bhí ga eile in eireaball an ráitis.

Tuigtear anois an fhírinne faoin éagumas an dreama “ar theip orthu a áitiú ar vótóirí gurbh fhéidir brath orthu mar cheannairí”.

Bhain an bhinb geit as daoine. Ní dual do ráitis ó ranna, murab ionann agus páirtithe, a bheith nimhneach, polaitiúil ach bhí a thuilleadh le theacht.

Ar an Domhnach d’eisigh an roinn ráiteas eile, ag iarraidh an focal deiridh a bheith acu. I measc nithe eile, dúradh go gceaptar bolscairí gan comórtas i mBaile Átha Cliath agus i Londain. Cinneadh polaitiúil a bhí ann a bhain le gnó na polaitíochta, a dúradh.

Ar chúis éigin níor leor sin do lucht eisithe na ráiteas; d’fhill siad arís ar an nimh pholaitiúil agus na síor-ionsaithe ar an bhfreasúra. Ní foláir nó go raibh dearmad déanta acu gurb é an plean teachtaireacht dhearfach a chur amach.

Ar éigean atá tada déanta ag na páirtithe a d’fhág an feidhmeannas go fóill, ach i bhfianaise na ráiteas seo, mhaithfí don té a cheapfadh gurb í Oifig an Fheidhmeannais atá scanraithe roimh an bhfreasúra.

Fág freagra ar '‘Mothaím ar dóigh!’ – Martin McGuinness ag baint lánleas as cumhacht na Banríona'