Mórchuid ceisteanna, gannchuid freagraí

An bhfuil slí éalaithe ar fáil don Rialtas as poll an uisce?

22/10/2014. Irish Water. Pictured Managing Directo

Tá bealach éalaithe ón duibheagán ar a dtugtar Uisce Éireann ag teastáil go géar ón Rialtas. Agus go luath.

An bhfuil slí éalaithe ar fáil? Bhí an cheist á plé arís ar chaon taobh ó chuir Enda Kenny slí elaithe amháin as an aireamh, de réir cosúlachta, sa Dáil Dé Máirt.

Dúirt an Taoiseach go raibh ‘lánmhuinín’ aige as príomhfheidhmeannach Uisce Éireann John Tierney.

Anois, chuimhmigh cuid againn láithreach ar na ráitis lánmhuiníne a eisíonn cathaoirligh chlubanna sacair sa Bhreatain go gairid sara mbristear bainisteoir as a phost.

Ní fiú mórán na ráitis chéanna, mar is eol do Roy Keane, mar shampla. Dúirt cathaoirleach Ipswich Town i 2008 go raibh ‘ardmheas’ aige ar an gCorcaíoch cantalach. Faoi cheann míosa, bhí Roy díbeartha.

Ní haon iontas é, mar sin, nár mhaolaigh a ndúirt Enda Kenny an stoirm amhrais a spreag foinsí rialtais a spreag tuairiscí sna nuachtáin faoi dhíbirt John Tierney a bheith pléite ag airí. Neosfaidh an aimsir.

Idir an dá linn, thug idir naimhde agus lucht tacaíochta an Taoisigh aird ar a admháil sa Dáil:

  1. Go raibh cúiseanna réasúnta le míshásamh an phobail maidir le cúrsaí uisce.
  2. Gur pléadh a míshásamh ag cruinniú an rialtais Dé Mairt.
  3. Go ngníomhódh an rialtas chun déileáil leis an míshásamh.

Céard atá beartaithe?

Fiú má fhágtar i leataobh tuairimí na sluaite a bhí páirteach san agóid mhór frith-tháillí coicís ó shin, agus a bheidh i mbun mairseála arís ar 1 Samhain, is deacair an tuairim seo a leanas a sheachaint.

Mura n-íslófar na taillí a fógraíodh, nó mura gcuirfear moill ar a n-íoc, ní lagóidh an míshásamh. Cibé laige atá ar scileanna cumarsáide Uisce Éireann, níl seans ar bith ann go laghdóidh feabhsú éigin na gearáin atá ag dul i líonmhaire in aghaidh an lae.

Cibé réiteach a thairgfear, is fiú cuimhneamh ar dhrochnós Dála a bhaineann go dlúth leis an ngéarchéim uisce atá ag déanamh tinnis do gach teachta rialtais.

Gach uair a phléifear reachtaíocht thábhachtach faoi dheifir i nDáil Éireann, bí cinnte go mbeidh an scéal trína chéile ar dhóigh éigin níos deireanaí.

Shiúil páirtithe an fhreasúra amach as an Dáil ar 19 Nollaig, nuair a chuir an rialtas guillotine ar phlé an bhille inar sonraíodh cúraimí agus cearta Uisce Éireann.

Bhí údar lena ngearáin.

Níor cheadaigh an rialtas ach ceithre huaire an chloig go leith leis an dara léamh agus céim an choiste den phlé ar an mbille. Bhí siad ag iarraidh é a chríochnú in aon lá amháin.

Dúirt an rialtas nach bhféadfaí an díospóireacht a shíneadh, toisc go mbeadh deireadh le maoiniú sheirbhís uisce na n-údarás áitiúla ar 31 Nollaig.

Ach freagra níor thug an rialtas ar an gceist a chuir teachtaí éagsúla ar bhinsí an fhreasúra: cén fáth nach leanfaí le maoiniú ón státchiste, ar feadh míosa, abair, ionas nach gcuirfí srian ar phlé an bhille?

Ní tearc iad samplaí sa Dáil de phlé faoi dheifir.

Cháin gach freasúra a leithéid, sula ndeachaigh siad féin i mbun rialtais. Agus céard a rinne siad ansin? An rud ceannann céanna.

– Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTE.

Fág freagra ar 'Mórchuid ceisteanna, gannchuid freagraí'