Mórchluichí peile na mban le craoladh ar fud an domhain ar Facebook

Tá sé fógartha ag TG4 agus LFGA go mbeidh na cluichí leathcheannais agus ceannais i gCraobh Peile na mBan le craoladh beo ar Facebook Live

Mórchluichí peile na mban le craoladh ar fud an domhain ar Facebook

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Craolfar na babhtaí ceannais agus leathcheannais de Chraobhacha Peile na mBan ar fud an domhain an mhí seo agus an mhí seo chugainn.

Tá sé fógartha ag TG4 agus Cumann Peile na mBan (LGFA) go mbeidh mórchluichí an tséasúir á gcraoladh beo Facebook Live, ag tosú le cluichí an tSathairn seo idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí sa Chraobh Shinsir agus idir an Mhí agus Tiobraid Árann sa Chraobh Idirmheánach.

Is é seo an chéad uair riamh go mbeidh cluichí i gcraobhacha na mban á dtaispeáint ar Facebook Live agus déanfar beochraoladh ar sheacht gcluiche san iomlán.

Agus dhá bhilliúin duine ag baint úsáid as Facebook Live gach mí, deir Eagraí Spóirt TG4 Rónán Ó Coisdealbha gur deis iontach a bheidh anseo do TG4 agus don LGFA an spórt a chur chun cinn.

“Is féidir leis an mbeoshruthú ar Facebook lucht féachana níos mó a mhealladh agus feiceálacht an LGFA agus TG4 ar líne a mhéadú. Craoladh na ceithre chluiche ceannais cúige i gCraobh Shinsir TG4 níos luaithe an samhradh seo agus bíonn muid i gcónaí ag obair leis an LGFA chun clúdach na gcluichí a chur ar fáil ar an méid ardán agus is féidir,” a deir Ó Coisdealbha.

Chomh maith leis na cluichí an deireadh seachtaine seo, craolfaidh TG4 na cluichí leathcheannais eile sna Craobhacha Sinsir agus Idirmheánach ar an 2 Meán Fómhair.

Imreofar na cluichí ceannais sinsir, idirmheánach agus sóisir i gCraobhacha Peile na mBan i bPáirc an Chrócaigh ar an 24 Meán Fómhair agus beidh siad uile le feiceáil ar TG4 agus ar Facebook Live.

Mar is gnáth, is í Gráinne McElwain a chuirfidh na craoltaí i láthair agus beidh siad á léiriú ag NemetonTV.

Fág freagra ar 'Mórchluichí peile na mban le craoladh ar fud an domhain ar Facebook'