Molly Goddard, réalta nua i saol faisin na Breataine

Bíonn suas le 30 méadar éadaigh a úsáid i gcuid de ghúnaí an dearthóra óig seo a bhfuil Rihanna i measc a cuid custaiméirí

Molly Goddard, réalta nua i saol faisin na Breataine

Is cinnte go bhfuil dearadh faisin i measc na ngairmeach beatha a bhfuil sé an-deacair go deo dul chun cinn a dhéanamh iontu. Tá sé níos deacra fós cáil idirnáisiúnta a bhaint amach sa ghnó sin. Is gnách go mbíonn blianta fada d’obair chrua chomh maith le cumas agus bua ar leith ag teastáil le go mbeadh ainm in airde ar dhearthóir nua.

Ach is cosúil go bhfuil ainm nua á lua go rialta anois i measc na réaltaí móra. Níl Molly Goddard ach 28 bliain d’aois ach tá sí á háireamh i measc na saoithe mar dhuine den ghlúin nua dearthóirí a bhfuil nó a mbeidh tábhacht mhór leo.

As iarthar Londan ó dhúchais í agus rinne sí staidéar acadúil ar chúrsaí faisin ag institiúid tríú leibhéal ansin. Fuair sí deis oiliúna mar phrintíseach le John Galliano a raibh aithne mhór air ag an am mar dhearthóir faisin. Tá cáil uirthi go háirithe as na gúnaí ‘móra’ a dhearann sí agus is minic 30 méadar éadaigh a bheith in úsaid iontu. Roghnaíonn sí dathanna geala, lonracha agus fabraicí ar nós fialsíoda agus síoda.

Molly Goddard

An rud is suntasaí faoin mbean óg seo a bhfuil ardmholadh faighte aici as a cuid cruthaitheachta ach go bhfuil bunús láidir tráchtála faoina gcuid oibre cheana féin. I measc na ndaoine a roghnaigh gúnaí le Molly Goddard, tá an ceoltóir Rihanna agus Alexandra Shulman, eagarthóir as Vogue na Breataine.

Tugadh faoi deara go raibh eagarthóirí éagsúla as Vogue sa ró tosaigh ag ceann de na seónna a bhí aici i Londain le gairid agus gúnaí de chuid Goddard á gcaitheamh acu.

Tugadh suntas di ar dtús nuair a dhear sí ceithre cinn de ghúnaí don chomhlacht ASOS in 2013. An bhliain dár gcionn, a chuir sí a céad seó ar an ardán ach tá an dul chun cinn atá déanta aici i mbeagán le cois dhá bhliain dochreidte ar fad.

Tharraing na gúnaí a bhí ar taispeáint aici le linn London Fashion Week na bliana seo cuid mhór cainte fúithi – bhí pictiúir de chuid acu le feiceáil ar leathanaigh tosaigh nuachtáin náisiúnta de chuid na Breataine agus na léirmheastóirí ag maíomh go raibh réalta nua aimsithe acu.

Ach ní taobh le gúnaí amháin atá Molly Goddard; tá conradh déanta ag Topshop léi le bailiúchán de bhróga nua a dhearadh dóibh. Tá ocht gcinn de stíleanna difriúla i gceist agus iad ar fáil ar phraghsanna idir €130 agus €235.

Tá an phoiblíocht atá faighte ag Molly Goddard chomh mór sin in irisí, blaganna agus colúin faisin, go bhfuiltear ag ceapadh go mbeidh sí áirithe i measc dearthóirí móra an domhain gan mórán moille.

Níl sí fós ach 28 bliain d’aois agus tá sí á lua san aon abairt le Alexander McQueen, Stella McCartney agus Vivienne Westwood, triúr de dhearthóirí móra na Breataine.

Ach más ar dhearthóirí nua Éireannacha is fearr leat do shúil a choinneáil ba cheart aird a thabhairt ar fhear óg as Loch Garman, Richard Malone, atá lonnaithe i Londain. Roghnaíodh é as breis agus 1,000 iomaitheoir le bheith ar an ngearrliosta do cheann de ghradaim móra faisin na bliana, Gradam Louis Vuitton ar fiú £300,000 é agus a fhógrófar ar an 16 Meitheamh. Imeasc na moltóir don ghradam seo tá Karl Lagerfield, Maria Grazia Chiuri (Dior) agus Kendall Jenner.

 

Fág freagra ar 'Molly Goddard, réalta nua i saol faisin na Breataine'