Molann an obair an fear óg…

Idir Cian Lynch, Austin Gleeson John McGrath, Ronan Maher agus Aaron Cunningham, tá neart imreoirí óga tagtha inár measc ar fiú go mór a bheith ag féachaint orthu

Cian Lynch (Luimneach) agus Austin Gleeson (Port Láirge) ag imirt i gCraobh Mionúir Mumhan i 2013. Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan
Cian Lynch (Luimneach) agus Austin Gleeson (Port Láirge) ag imirt i gCraobh Mionúir Mumhan i 2013. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Mol an óige agus tiocfaidh sí, a deir an seanrá ach, faraor san iománaíocht, i ngrád na sinsear, caithfear an moladh sin a thuilleadh. Sa chás sin, molann an obair an fear.

Anuraidh sheas an t-ógánach Déiseach Austin Gleeson an fód ina chéad chluiche craoibhe agus thaispeáin sé go raibh mianach speisialta ann. Chuir sé críoch le ruathar céad slat le cúl a bhain an anáil de gach éinne i staid Semple.

Tá sé tagtha in inmhe ceart ó shin agus tugann an réalta óg ardtaispéantais uaidh ar bhonn rialta anois. Cad é mar thaispéantas a thug sé arís an Domhnach seo caite sa chluiche i gcoinne Chorcaí.

Ar an bpáirc chéanna cúpla seachtain ó shin, sheas ógánach eile an fód agus geansaí Luimnigh á chaitheamh aige den chéad uair ag grád na sinsear. Ag cleasaíocht leis an laithróid a bhí Lynch cúpla uair, agus scóráil sé trí chúilín freisin.

Dar ndóigh, is nia é leis hiarlaoch Luimnigh, Ciarán Carey agus d’aithneofá air é. Tabhair sracfhéachaint ar Cian Lynch ‘Freestyle hurling’ ar Youtube agus é feicfidh tú an draíocht a bhaineann leis an bhfear óg seo nuair atá sliotar agus camán ina ghlaic aige. Ach tá fhios againn go léir go ndéanann minic máistreacht.

Ní foláir go bhfuil an cleachtadh sin á chur isteach ag Lynch agus Loinseach eile, Rónán ,a bheidh le feiceáil le Luimneach nuair a bheidh an ardteist críochnaithe aige. 

Ógánach eile atá ag cur lena cháil ná an Gaillimheach Cathal Mannion. Scóráil sé trí chúl sa chéad cheathrú sa Tulach Mór an Satharn seo caite. Thaispeáin sé anuraidh go bhfuil an mianach ann agus ar an Satharn bhí sé dochreidte maith. Beimid ag súil le níos mó uaidh roimh thosach an fhómhair.

Beimid ag súil freisin  leis na hógánaigh ó Thiobrad Árann, John McGrath agus Ronan Maher a fheiceáil an samhradh seo. Thaispeáin siad sna cluichí sraithe go bhfuil siad ullamh chun céim in airde a thabhairt. Bhí an bheirt acu ar fheabhas nuair a thug Tiobrad Árainn leo craobh na mionúr trí bliana ó shin.

Dar ndóigh, caithfidh go bhfuil cuid mhaith imreoirí óga sa Chlár agus iad ag súil leis an nglaoch ón mbainisteoir. Nocht Aaron Cunningham a chumas i gcoinne Luimnigh agus is léir go bhfuil sé ullamh d’áit ar an bhfoireann a thósóidh an chéad lá eile. Sa cluiche i gcoinne Luimnigh, scóráil sé dhá chúl nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí. Agus bí cinnte go bhfuil níos mó ná eisean ann agus ceithre chraobh Éireann faoi 21 buaite ag an gClár ó 2009.

Mar sin, beimid ag súil le saontacht, fuinneamh agus spiorad na hóige a fheiceáil sna seachtainí amach romhainn.

FOCAL SCOIR: Ciarraí abú! (agus ní na peileadóirí an uair seo). Rinne na hiománaithe a ndóthain an Satharn seo caite i bPáirc an Chrócaigh chun Corn Chriostóir Uí Rinn a bhuachan don dara huair.  Ní raibh caighdéan na himeartha go hiontach ach is cuma faoi sin má bhíonn an bua agat. An bhliain seo chugainn beidh Ciarraí i Roinn 1B na sraithe agus beidh siad sa phota do Chorn Liam Mhic Cárthaigh. Tá scil, eitic oibre, luas agus ábaltacht ag an dream seo.

Tá súil agam go leanfaidh níos mó de mhuintir na Ríochta iad agus iad thuas i measc na mboc mór.

Fág freagra ar 'Molann an obair an fear óg…'