Molann a mbuaine buíon na Ríochta

Imirt fhoighneach, thomhaiste a chinntigh go raibh an lá leis na Ciarraígh, a deir ár gcolúnaí

Peter Crowley (Ciarraí) agus Darren McCurry (Tír Eoghain) ag imirt sa chluiche sraithe i gCill Airne anuraidh. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Peter Crowley (Ciarraí) agus Darren McCurry (Tír Eoghain) ag imirt sa chluiche sraithe i gCill Airne anuraidh. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tá Ciarraí thar n-ais san áit is dual dóibh a bheith, ag prapáil do laethanta geala mhí Mheán Fhomhair agus in éineacht leis an uair seo, fuascailt, faoiseamh agus na geasa deireanacha briste. Tír Eoghain cloíte i bPáirc a’ Chrócaigh acu den gcéad uair ó 1986. Ní beag san mar ghaisce.

Ní gnách do Chiarraí bheith ag pocléimnigh ar fuaid na páirce tar éis cluichí i mí Lúnasa ach an té a thuigeann an ainnise a thug Tír Eoghain chuchu le dhá bhliain déag anuas, b’fhéidir go maithfeadh sé a ngiodam agus a dteaspach dóibh.

Ba chosúil, nuair a casadh na tollshoilse ar siúl roimh thús an chluiche leathcheannais idir Ciarraí agus Tír Eoghain, go raibh na déithe féin ag iarraidh cur leis an ócáid agus leis an ndráma.

Nuair ná raibh fágtha ach na faoileáin mar chomhluadar againn agus na foirne ag fágaint na páirce, ba dheas leis, guth binn Iarla Uí Lionáird a chlos agus ‘Samhradh, Samhradh’ mar phort aige.

Sea, b’fhada ó Shamhradh anseo inniu é.

Bhí ualach mór ceisteanna á gcur i rith na seachtaine maidir le gnéithe éagsúla den imirt.

Cén Ciarraíoch a bheadh ag priocadh suas captaen Thír Eoghain, Seán Cavanagh? Cén ról a bheadh ag Tiernan McCann tar éis guais agus bráca na coicíse a d’imigh tharainn? An mbeadh sé i ndán do Chiarraí go scaoilfeadh Tír Eoghain leo agus seilbh na caide a ghéilleadh óna gcic amach féin? Agus conas go raibh sé de thiarnúlacht ag Ciarraí cur chun páirce gan beirt nó triúr dá bpríomhaimisitheoirí, Bryan Sheehan ina measc?

Bhí ár bhfreagraí fachta againn sa chéad deich nóimeat.

Choimeád Peter Crowley súil an tseabhaic ar an gCaomhánach agus é greamaithe isteach ann ar chuma a bhairnigh.

Chuir an liú tacaíochta a thug lucht leanúna Thír Eoghain sa tslua, 53,044, do Tiernan McCann, gliogaire na gruaige ar a shuaimhneas sa tslí dhuit go láimhseáil sé mórán caide luath go maith san imirt.

Thug Tír Eoghain cuireadh do bháideoir Chiarraí, Brendan Kealy a chic amach  gearra a thógaint, cuireadh nár glacadh leis ar an gcéad cúpla iarracht, ach tar éis dhá bhotún le láimhseáil na caide, ba mhinicí a tógadh an cic amach gearra ná a mhalairt as san go deireadh an chéad leatha.

Agus maidir le ceist an n-aimsitheoirí, Sheehan ina measc, dob é comharba Sheehan ar an bhfoireann, Johnny Buckley, a d’aimsigh an chéad trí phointe do Chiarraí.

Ba dheacair gan rian na haimsire ar an imirt a lua chomh maith. Bhí go leor caide sciortha ag sileadh le haon imreoir a chuaigh sa ghleo sa chéad leath agus cé gur stad an bháistigh anois is arís, chuaigh sé dian go leor ar chuid des na himreoirí is fearr amuigh, smacht a choimeád ar an liathróid ar uairibh.

Bhí na foirne ar comhtharrac trí bhabhta i gcaitheamh an chéad leatha agus cé go raibh buntáiste áirithe ag Ciarraí ó thaobh seilbhe de, ní rabhadar in ann aon bhearna mhór a chur idir iad féin agus a gcéilí comhraic toisc nach raibh an chaid ag greamú nuair a bhíodh sí á teilgeadh i dtreo Kieran Donaghy agus Colm Cooper istigh.

Dob é Donaghy a chuir pointe amháin idir na foirne (0-8 le 0-7) ag teannadh le leath ama agus ba chúis iontais dá réir gan fathach Thrá Lí a fheiscint ag teacht chun páirce ar ath-thosnú na himeartha sa dara leath.

Más ea, bhí cuma na gaoise ar chinneadh Éamoinn Mhic Muiris luath go maith sa dara leath nuair a chur an t-ionadaí, Paul Geaney, cosaint Thír Eoghain as riocht agus mearathal anois ag teacht ar bháideoir Thír Eoghain, Niall Morgan, chomh maith. Trí huaire as a chéile a bhris Ciarraí cic amach Morgan i dtús an dara leatha agus tháinig scór as gach ceann acu.

Dealraíodh, agus Ciarraí chun cinn 0-14 le 0-9 gan ach cúig nóimeataí déag fanta san imirt, go mbeadh an imirt ar a dtoil ag fir na Ríochta agus imirt fhoighneach, thomhaiste ag polladh brat cosanta na Láimhe Deirge arís is arís eile.

Bhí Johnny Buckley, Donnchadh Walsh agus Killian Young thar barr sa tréimhse seo ach má bhí féin, fuair Tír Eoghain greim ar roinnt caide sciortha agus b’sheo leo an pháirc aníos chun báide agus dhá phointe a aimsiú in imeacht sé nóimeataí – an báide ag teacht ó chic éirice ag Peter Harte tar éis do chalaois bheith déanta ar an ionadaí, Barry Tierney.

Anois nó riamh, a dúirt an slua tar éis do Mark Bradley cúilín an chomhscóir a fháil sa 62ú nóimeat, ach ba sa tréimhse dheiridh deich nóimeataí sin a nocht Ciarraí a gcumas is a mianach le stropa breá pointí ó Anthony Maher, Paul Geaney,faoi dhó, agus buille maraithe na muice ón ionadaí Barry John Keane.

Ní gan dua a bhuaitear cluichí leathcheannais agus tá a fhios ag Ciarraígh thar aon dream eile nach gan dua a bhuaitear ar Thír Eoghain.

Tá an cúrsa á choimeád ag curaithe na bliana seo caite agus nach méanar dá lucht leanúna anois agus iad ag paidhceáil is ag fuirseadh do thicéadaí órga an Fhómhair don dara bliain as a chéile agus don 9ú babhta ar fad ó tháinig Tír Eoghain ar an bhfód i 2003 chun iad a sciúirseáil is a chrá.

Molann a mbuaine an bhuíon.

Tar éis gorta fiche bliain gan aon chraobh i ngrád na mionúr a theacht chun deiridh anuraidh, tá Jack O’ Connor agus a bhuíon imreoirí á bprapáil féin chun a ngreim ar chorn Tom Markham a dhaingniú ins na seachtainí romhainn amach.

Cé go raibh forlámhas ag Ciarraí ar feadh paistí móra den gcéad leath, ní rabhadar ach trí phointe chun cinn ag leath ama, 0-6 le 0-3, a bhuíochas don ndianchosaint a bhí ar bun ag Doire nuair ná bíodh seilbh na caide acu agus de dheasca easpa gluaiseachta ó thosaithe Chiarraí.

Dob é John Mark Foley ó Chill Garbhán cíoná an chéad leatha agus d’aimsigh sé dhá phointe ana-mhaithe lena chois chlé sa dara nóimeat déag agus arís sa seachtú nóimeat fichead chun deireadh a chur le tréimhse cúig nóimeat déag gan scór ó bhuachaillí na Ríochta.

Bhí sé ag dul dian go maith ar an dá thaobh an chaid a cheansú de bharr na síorbháistí agus ba léir ag leath go mbeadh rith an ráis leis an bhfoireann a sheachnódh botúin pasála agus láimhseála sa dara leath.

Ba chosúil gur tugadh treoir don dá fhoireann an chaid a lascáil níos minicí sa dara leath agus b’as lascadh dá leithéid a tháinig an chéad scór ar ath-thosnú na himeartha. Chuir báide sin Dhoire na foirne ar comhtharrac agus an chosúlacht air go ndéanfadh cluiche ceart dó. Lascadh fada ón lánchúlaí ar chlé, Conor Maunsell, a chuaigh den mbáideoir, Billy Courtney, a cheansú agus d’imigh an chaid isteach an líon de dhroim a mhéaranta.

Níor chuir an scór sin Ciarraí dá mbuille, áfach, agus tar éis dhá phointe ó Conor Geaney an Daingin, d’aimsigh duine de laochra na himeartha, Michael Foley, báide Chiarraí tar éis ardruathar ón bhfear lár páirce, Andrew Barry. Chuir an báide sin solas an lae idir na foirne 1-9 le 1-4 agus nuair a nocht an réiteoir, Jerome Henry Mhaigh Eo, cárta dubh do chruinnaimsitheoir Dhoire, Shane McGuigan san 47ú nóimeat, bhí rás churadh Uladh rite.

Níor luigh Ciarraí ar na maidí as san go deireadh le scata fear ionaid ag iarraidh a gcumas a nochtadh do Jack O’ Connor sara mbeifear ag tabhairt faoina dara cluiche ceannais uile Éireann as a chéile an mhí seo chughainn.

Bunaithe ar fhianaise an lae inniu, tógfaidh sé tréaniarracht iad a stop.

Fág freagra ar 'Molann a mbuaine buíon na Ríochta'

  • Caint na Mumhain

    An anailís is fearr ar an gcluiche go dtí so.. (Dúrtsa cheana agus deirim arís é. Is dealraitheach gurb é an Cinnéideach comharba na mórscríbhneoirí Duibhneacha a dh’imigh thairis, ó Phádraig Ó Maoileoinn siar go dtí an Criomhthaineach, altanna breá le hanailís suimiúil gan teip gach uair dá gcromann sé ar an leathanach.) Bhí na Ciarraígh ana shocair ar feadh an ghleo, ó thaobh na bainistíochta do, ach go háirithe. Bhí na hEoghanaigh i ndán an cluiche a bhuachtaint gan aon agó, ach an svae ages na Muimhnigh de bharr a gcur chuige agus éifeacht néata.