Moladh Ó Gribín a bhriseadh as Bord an Fhorais bunaithe ar ‘thagairt do dhathúlacht’ ball foirne ó Ghaelscoileanna

Tá eolas tagtha chun solais faoin bhfiosrúchán a chuir Foras na Gaeilge ar bun faoi líomhaintí go raibh ‘mí-iompar’ ar bun ag ball de Bhord an Fhorais agus é ar cuairt ar oifigí Gaelscoileanna

Moladh Ó Gribín a bhriseadh as Bord an Fhorais bunaithe ar ‘thagairt do dhathúlacht’ ball foirne ó Ghaelscoileanna

Tá moladh déanta ag bord Fhoras na Gaeilge go mbrisfí ball den bhord óna chúram mar gur líomhnaíodh go ndearna sé tagairt do dhathúlacht ball foirne de chuid na heagraíochta, Gaelscoileanna Teo, rud atá séanta go láidir aige féin.

Tá iarrtha ag an Fhoras ar an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas, Éamonn Ó Gribín a scor ó bhallraíocht ar an bhord tar éis dóibh tuairisc 90 leathanach a fháil ó abhcóide a d’fhostaigh siad leis an chás a iniúchadh.

D’fhiosraigh an t-abhcóide Cathal Ó Braonáin sraith líomhaintí faoi Éamonn Ó Gribín a bhí curtha i scríbhinn i ngearán oifigiúil a rinne Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Ghaelscoileanna, i Meitheamh na bliana seo. Bhain na líomhaintí le cuairt a thug Ó Gribín gan choinne ar oifigí Ghaelscoileanna coicís roimhe sin, ar an 13 Meitheamh. (Tá ainm na heagraíochta Gaelscoileanna athraithe go Gaeloideachas ó shin.)

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 tráthnóna go ndeir an t-abhcóide Cathal Ó Braonáin ina thuairisc, nár sháraigh Ó Gribín rialachais chorparáideacha an Fhorais ná cód iompair don státsheirbhís nó don tseirbhís phoiblí agus nár sháraigh sé ach oiread buanorduithe bhord an Fhorais, meamram airgeadais an Fhorais Teanga nó Polasaí do Chomaltaí maidir le plé i bhfóraim phoiblí éagsúla.

Deir an t-abhcóide go raibh ‘bona fides’ i gceist le cúis na cuairte a thug Éamonn Ó Gribín ar oifigí Ghaelscoileanna agus léirigh a fhiosrúchán nár thug an tUasal Ó Gribín le fios go raibh sé ansin ar son bhord an Fhorais.

Bhí an t-abhcóide idir dhá chomhairle, áfach, ar sárú ar threoirlínte faoi Chód Iompair do Chomhaltaí Bhord an Fhorais Teanga a bheadh i gceist le líomhain amháin. Nuair a ceistíodh é faoi chúis na cuairte aige, maíodh go ndúirt an tUasal Ó Gribín le feidhmeannach mná de chuid Gaelscoileanna “go raibh sé ag súil le cruinniú le duine dathúil” cosúil léi féin. Shéan an tUasal Ó Gribín go ndúirt sé a leithéid, ach dúirt sé gur thagair sé den “gúna iontach deas” a bhí uirthi.

Mhaígh an t-abhcóide Ó Braonáin don Fhoras go raibh tagairt Uí Ghribín do chuma na mná “mí-oiriúnach” agus mhol sé “gur ábhar é seo don Choiste Osradhairc [coiste de chuid an an Fhorais] le plé”.

Ag eascairt as an phlé sin, chinn an Foras go molfaí go mbrisfí an tUasal Ó Gribín as ballraíocht ar an mbord.

De réir na tuarascála, níor cruthaíodh roinnt líomhaintí eile a bhí déanta ag Gaelscoileanna in aghaidh an Uasail Uí Ghribín.

I measc na líomhaintí eile sin a dtagraítear díobh sa tuarascáil ach nár cruthaíodh iad, deirtear gur thug an tUasal Ó Gribín ainm bréagach nuair a tháinig sé chomh fada le hoifigí Ghaelscoileanna gan choinne,  gur chuir sé in iúl go raibh sé ansin ó bhord an Fhorais, gur shuigh sé an-ghar don fheidhmeannach ag cur ceisteanna uirthi gan a bheith ag tabhairt deis di iad a fhreagairt agus gur fhág sé “láithreach” nuair a tuigeadh dó “gur aithníodh é”.

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin ina gearán go raibh sí “buartha faoi shábháilteacht m’fhoirne leis an eachtra seo agus faoin gcur chuige a ghlac an duine seo…”

Tuigtear nach raibh sí féin i láthair in oifigí Ghaelscoileanna nuair a thug an tUasal Ó Gribín cuairt ar an áit agus go ndearna sí an gearán thar ceann baill dá foireann.

Ag deireadh an Mheithimh rinne Bláthnaid Ní Ghréacháin an gearán le Seán Ó Coinn, a bhí ina Leas-Phríomhfheidhmeannach ar an Fhoras ag an am, ach atá ainmnithe anois le bheith ina Phríomhfheidhmeannach ar an eagraíocht.

Ba i ndiaidh cruinniú de chuid Bhord an Fhorais ar an 1 Iúil a cuireadh na líomhaintí seo ar a shúile d’Ó Gribín agus socraíodh go gcuirfí ar thréimhse fionraíochta ‘gan dochar’ é fad is a bhí an fiosrúchán ar siúl.

Ag an gcruinniú sin, chuir Seán Ó Coinn eolas faoin litir ghearáin ón cheanneagraíocht Ghaeilge i láthair Uí Ghribín agus ceistíodh é faoina chuairt ar oifigí Gaelscoileanna Teo. Bhí comhalta boird eile, Seán Micheál Ó Domhnaill, in éineacht le Ó Coinn nuair a ceistíodh Ó Gribín faoi na líomhaintí. Shéan Ó Gribín líomhaintí na litreach nuair a labhair sé le Ó Coinn agus le Ó Domhnaill. Ina dhiaidh sin a tosaíodh ar an phróiseas foirmiúil fiosrúcháin faoin ghearán agus fostaíodh abhcóide le dul ina bhun.

Níos túisce an mhí seo sheol Foras na Gaeilge litir eile chuig CATT chun a chur in iúl dóibh go raibh achomharc ar bun ag Ó Gribín faoi chinneadh an Fhorais go n-iarrfaí é a bhriseadh as a chúram.

Tá os cionn 90 leathanach sa tuarascáil faoin fhiosrúchán a rinne Cathal Ó Braonáin faoi na líomhaintí agus tá an chosúlacht ar an scéal gurb í an tagairt “mí-oiriúnach” do dhathúlacht an bhaill foirne i nGaelscoileanna an chúis go bhfuil an Foras ag moladh go mbrisfí as a bhallraíocht ar an bhord é.

Tá achomharc á dhéanamh ag an Uasal Ó Gribín faoin chás – ní léir an bhfuil achomharc beartaithe ag Gaelscoileanna.

Ní léir ach an oiread an dtiocfaidh deireadh leis an bpróiseas achomhairc sin faoi lár na míosa seo chugainn, tráth a mbeidh deireadh ar aon nós le tréimhse cúig bliana Uí Ghribín ar bhord an Fhorais.

Ba é seo an chéad uair ó bunaíodh Foras na Gaeilge gur moladh comhalta boird a bhriseadh as a chúram.

Le linn an fhiosrúcháin, mhaígh Éamonn Ó Gribín go bhfuil éagóir á dhéanamh air de bharr gur ball den SDLP é agus gur beag meas a bhíonn ag baill de Shinn Féin ar bhord an Fhorais ar a chuid tuairimí.

Dhiúltaigh an Foras aon eolas a thabhairt faoin chostas a bhain le fiosrú na ngearán sa chás seo ach meastar go mbeidh na mílte euro i gceist.

I ráiteas a thug urlabhraí de chuid an Fhorais do Nuacht TG4 tráthnóna, dúradh nach raibh ar a gcumas “gnóthaí inmheánacha an bhoird a phlé go poiblí”. Is leis na páirtithe uilig a chosaint atá Foras na Gaeilge “ag cloí leis an dea-chleachtas sa chás seo”, a dúradh. Thug Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ard-Fheidhmeannach Gaeloideachas, le fios nach mbeidh aon ráiteas á thabhairt ag an eagraíocht faoin scéal.

In agallamh le Nuacht TG4 tráthnóna, mhaígh Éamonn Ó Gribín go raibh “léamh diúltach” déanta ag Foras na Gaeilge ar an tuairisc faoina chás agus gur chreid sé féin nach raibh “aon bhunús leis an scéal ó thús deireadh”. Dúirt sé go mbeadh comhairle dlí á glacadh aige agus go rachadh sé “chun deireadh an bhóthair chun a dhea-chlú a chosaint”.