Moladh le linn na gcainteanna ó thuaidh go gcuirfí £140 milliún ar fáil don Ultais

Ba é Príomhfheidhmeannach Ghníomhaireacht na hUltaise, Ian Crozier, a sheol an cháipéis chuig ceannaire rannóg na dteangacha sa Roinn Pobal.  Cuireadh síos go beacht ar an gcaoi a gcaithfí an £140m leis an Ultais agus an cultúr a ghabhann léi a chur chun cinn

Moladh le linn na gcainteanna ó thuaidh go gcuirfí £140 milliún ar fáil don Ultais

Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Moladh i gcáipéis a cuireadh faoi bhráid na bpáirtithe polaitíochta ó thuaidh le linn na gcainteanna a bhí ar bun le cúpla mí anuas chun Stormont a athbhunú go gcuirfí £140 milliún breise ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise, thar thréimhse deich mbliana.

De réir tuairisce ar an nuachtán News Letter, a fuair an cháipéis féin, rinneadh na moltaí tráth a raibh achrann mór ann idir Sinn Féin agus an DUP faoi cheist an Achta Gaeilge don Tuaisceart. Tá Sinn Féin ag iarraidh Acht Teanga don Ghaeilge amháin agus tá an DUP ag iarraidh go mbeadh an reachtaíocht teanga mar chuid d’Acht Cultúir a chuimseodh go leor rudaí eile.

Ba é Príomhfheidhmeannach Ghníomhaireacht na hUltaise, Ian Crozier, a sheol an cháipéis chuig ceannaire rannóg na dteangacha sa Roinn Pobal.  Cuireadh síos go beacht ar an gcaoi a gcaithfí an £140 milliún leis an Ultais agus an cultúr a ghabhann léi a chur chun cinn.

Moladh go gcuirfí £9.1m ar fáil le 20 duine breise a fhostú mar oifigigh oideachais agus oifigigh forbartha agus go gcuirfí £3.1m ar fáil le hoifigigh forbartha pobail a fhostú. Moladh go gcuirfí £2.2 milliún a chur ar fáil do Chónaidhm Bhannaí Máirseála Uladh.

Maíodh sa cháipéis gur “easpa tuisceana agus tiomantais san earnáil phoiblí” agus an bealach a raibh Stormont ag feidhmiú le 20 bliain anuas ba chúis leis an easpa soláthair a rinneadh don Ultais i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta agus comhaontuithe eile.

“Fuair an Ghaeilge, agus dá réir sin an fhéiniúlacht chultúrtha Éireannach, na céadta milliún punt ón gcóras oideachais, agus ní bhfuair an Ultais faic,” a scríobhadh sa cháipéis.

Tagraíodh inti do phreasráiteas a chuir an DUP amach mí Feabhra inar maíodh gur caitheadh £171 milliún ar an nGaeilge ó 2011 go 2016 agus gurb ionann sin agus a dhá oiread an méid maoinithe a caitheadh ar an Ultais sa tréimhse chéanna.

Maíodh dá gcuirfí £139.55 milliún ar fáil don Ultais agus an cultúr a ghabhann léi thar thréimhse deich mbliana, go mbeadh £30 milliún níos lú faighte ná mar a tugadh don Ghaeilge le cúig bliana anuas.

“Tá leithcheal á dhéanamh ar phobal na hUltaise agus tá an easpa cothromaíochta idir earnáil na Gaeilge agus earnáil na hUltaise chomh mór sin nach bhféadfaí aon chothromas ceart a bhaint amach in achar gairid,” a scríobhadh.

Chas Crozier le hArlene Foster agus Christopher Stalford ón DUP sna laethanta i ndiaidh dó an cháipéis a chur faoina mbráid. Thug Stalford le fios ar Twitter, i ndiaidh an chruinnithe, go raibh níos mó i gceist leis na moltaí ná an Ultais a chur chun cinn agus go raibh sé i gceist oidhreacht agus cultúr lucht a labhartha a fhorbairt freisin.

Dúirt an DUP, áfach, gur “iomaí cáipéis” a bhí sa chiorclaíocht agus na cainteanna ar bun agus nár aontaíodh rud ar bith faoi aon cheann acu ná faoi aon mholadh a rinneadh iontu.

“Agreement has not been reached on any of the issues because of Sinn Féin intransigence. Our position on the Irish language has been spelt out repeatedly and the issues involved cannot be solved by trade-offs. There must be mutual recognition of culture and not one culture being given prominence over another,” a dúirt urlabhraí de chuid an DUP.

Fág freagra ar 'Moladh le linn na gcainteanna ó thuaidh go gcuirfí £140 milliún ar fáil don Ultais'

  • uinseann mac thómais

    Más seo an luach atá lucht na hUltaise ag cur ar an teanga acu, léiríonn sé go dtuigeann siad tábhacht aon teanga atá faoi léigear. Is údar misnigh é sin do lucht na Gaeilge.

  • Con

    An ‘teanga’ i an Ultais?