Moladh i dTithe an Oireachtais go maolófaí ar na ‘canúintí’ a bhíonn le cloisteáil ar nuacht na Gaeilge

Mhaígh Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil gur mó an spéis a chuirfí sa Ghaeilge mura mbeadh an oiread sin canúintí agus canúnachais le cloisteáil le linn feasacháin nuachta na Gaeilge

Moladh i dTithe an Oireachtais go maolófaí ar na ‘canúintí’ a bhíonn le cloisteáil ar nuacht na Gaeilge

Moladh i dTithe an Oireachtais inniu go ndéanfaí maolú ar an gcanúnachas ar sheirbhísí nuachta Gaeilge toisc a leithéid a bheith ina bhac ar fhoghlaimeoirí.

Ba le linn cruinniú de chuid an Choiste Oireachtais a bhíonn ag plé le Comhaontú Aoine an Chéasta a rinne an Teachta Dála Declan Breathnach an moladh i dtaobh cheist na gcanúintí i gcraoltóireacht na Gaeilge.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil gur mó an spéis a chuirfí sa Ghaeilge mura mbeadh an oiread sin canúintí agus canúnachais ar fheasacháin nuachta na Gaeilge.

“Ceann de na cúiseanna nach gcuireann daoine suim sa Ghaeilge ná go mbíonn béim rómhór ar chanúintí ar an nuacht agus bíonn sé deacair [an Ghaeilge] a thuiscint,” a dúirt sé.

Dúirt an Teachta Dála, a thug blianta fad ina phríomhoide ar bhunscoil i nDún Dealgan, go mbeadh Gaeilge i bhfad níos fearr aige féin mura mbeadh “canúintí éagsúla” le cloisteáil ar an nuacht.

Mhol Breathnach, a gheall go gcuirfeadh sé feabhas ar a chuid Gaeilge féin nuair a toghadh chun na Dála anuraidh é, go laghdófaí an bhéim ar chanúintí ar na seirbhísí nuachta Gaeilge ar mhaithe le foghlaimeoirí.

Tharraing an Teachta Dála anuas ceist an chanúnachais i gcúrsaí nuachta le linn don choiste Oireachtais a bheith i mbun plé ar an éileamh ar Acht Teanga ó thuaidh.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, a bhí ar an toscaireacht a rinne cur i láthair don choiste faoin Acht Teanga, nach constaic níos mó iad canúintí na Gaeilge agus go mbíonn taithí anois ag daoine ar na canúintí ar fad, go háirithe ó bunaíodh TG4.

Bhí conspóid anuraidh ann faoin gceist chéanna nuair a dúirt an scríbhneoir Tony Philpott nach raibh aon mhaith á dhéanamh don teanga ag iriseoirí Gaeilge RTÉ toisc go gcuireann a gcaint ‘ornáideach chanúnach’ daoine ó dhoras.

D’áitigh an scríbhneoir scripte, a d’oibrigh ar chláir ar nós Taggart agus Proof, nach bhfuil aon ghaol idir an Ghaeilge a fhoghlaimíonn formhór daoine ar scoil agus an Ghaeilge a chraoltar ar RTÉ.

“RTE Irish is expressed in a regionalised and floridly accented manner, and as such, it ceases to be national and becomes localised and non-inclusive.

“In short, Nuacht readers aren’t doing the language any favours,” a dúirt Philpott in alt a foilsíodh ar an suíomh idirlín Headstuff.

Mhaígh sé go bhfágann na “elisions, enunciations and rhotic embellishments” a bhíonn, dar leis, ag léitheoirí nuachta RTÉ nach dtuigeann an pobal a bhfuil á rá acu.

“It’s as if Nuacht readers are, like peacocks, proudly displaying their speaking ability with coloured vocal acrobatics in order to reveal their high level of competence,” a dúirt sé.

Dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, gur deacair meabhair a bhaint as an tuiscint “go bhfuil milleán éigin ar chainteoirí dúchais Gaeilge a bhíonn i mbun craoltóireachta ar RTÉ maidir le staid na Gaeilge go náisiúnta”.

“Tá seirbhísí nuachta RTÉ, ar theilifís agus ar raidió, curtha i láthair ar bhonn gairmiúil, ó thaobh ábhar agus urlabhraíochta de. Ní dóigh liom gurb é réiteach an scéil maidir le cur chun cinn na Gaeilge laghdú a dhéanamh ar shaibhreas teanga san áit ina bhfuil sí fós saibhir,” a dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ.

Fág freagra ar 'Moladh i dTithe an Oireachtais go maolófaí ar na ‘canúintí’ a bhíonn le cloisteáil ar nuacht na Gaeilge'

  • Mánua

    FF ag iarraidh saibhreas teanga a sciobadh uainn agus gan tacaíocht don Ghaeloideachas á léiriú ag an bpáirtí liom leat. Ciúnas ó FF agus iad ag tacú le FG le díchoimisinú an teanga náisiúnta a chur chun chinn.

  • Cainteoir líofa

    Tá caighdeán ard Gaeilge ag formhór na n-iriseoirí Gaeilge agus cuireann siad an nuacht i láthair ar bhealach gairmiúil sothuigthe. Go deimhin, nuair a fhágtar an raidió as an áireamh, is beag clár eile ar an teilifís inar féidir dea-Ghaeilge a chloisteáil. Cé go bhfuil caighdeán scríofa ann don Ghaeilge níl a leithéid ann do labhairt na teanga agus, mar sin, úsáideann gach iriseoir foghraíocht a c(h)anúna féin. Níl aon locht air sin – sin fuaimeanna nádúrtha na Gaeilge. Cén fáth ar cheart dóibh aithris a dhéanamh ar fhoghlaimeoirí a bhfuil rian an Bhéarla ar a gcuid cainte? Ní ghlacfaí lena leithéid in aon teanga eile! Níor cheart teanga a shimpliú ar mhaithe le foghlaimeoirí! Bítear i gcónaí ag sodar i ndiaidh na bhfoghlaimeoirí – céard faoi na daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu cheana féin?

  • Ruairi O Caisleain

    In ainm Chroim!! Cuir an locht do mheath na teanga ar mhuintir na Gaeltachta!!!

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Mura dtuigeann tú na canúintí éagsúla seans nach bhfuil do chuid Gaeilge chomh maith is a cheapann tú……..

  • Scrios í agus mairfidh sí

    Dúirt an Teachta Dála, a thug blianta fad ina phríomhoide ar bhunscoil i nDún Dealgan, go mbeadh Gaeilge i bhfad níos fearr aige féin mura mbeadh “Gaeilge” le cloisteáil ar an nuacht.

  • Treasa Uí Lorcáin

    A b’shin amadán Aibreáin na Bealtaine?

  • Seosamh Ó Cuaig

    Ó bunaíodh TG4, a deir Julian. Céard faoi ó bunaíodh Raidió na Gaeltachta?
    Fair play dhuitse, a Rónáin.

  • Gearóid de Grás

    Tuigim pointe an Bhreathnaigh go maith. Tá sé i bhfad ródheacair do phríomhoidí scoile mar é féin ligint orthu go bhfuil Gaeilge acu nuair a bhíonn teanga na nGael le cloisteáil go rialta ar an teilifís agus ar an raidió. Sular tháinig an raidió agus an teilifís ar an saol bhí sé i bhfad níos éasca do dhaoine sa Ghalltacht ligint orthu go raibh Gaeilge acu. Ní chloisfeá an Ghaeilge mura dtabharfá cuairt ar an nGaeltacht agus bhíodh sé i bhfad níos éasca don Bhéarlóir a bheith cruthaitheach maidir leis na fuaimeanna a thiocfadh amach as a bhéal nuair a thabharfadh sé faoin nGaeilge. Bhíodh sé níos éasca stádas mar Ghaeilgeoir a chruthú sa Ghalltacht an t-am sin, go háirithe da mba phríomhoide scoile tú. Anois tá muintir na Gaeltachta ar na meáin agus tá baol ann go dtiocfaidh tuismitheoirí na tíre ar an dtuiscint gur rud eile ar fad seachas Gaeilge atá á múineadh ag roinnt mhaith de na múinteoirí agus príomhoidí. D’fhéadfadh sé seo baint dá stádas sa phobal Galltachta agus is gá rud éigin a dhéanamh faoi. “Ridiculus stuff altogether” mar a déarfadh craoltóir áirithe!
    Aon tseans go bhféadfaí an Nuacht a chraoladh i lár na hoíche in éineacht le France 24 agus faoiseamh a thabhairt do na foghlaimeoirí bochta mar mé féin seachas é a chraoladh agus sinn inár ndúiseacht? Nó lucht labhartha na Gaeilge a bhaint de na meáin ar fad b’fhéidir? Thabharfadh sé sin deiseanna breise do pholaiteoirí agus do phríomhoidí áirithe a bheith cruthaitheach faoi na focail a scaoileann siad amach as a mbéal. Muna dtugtar an deis sin dóibh ní bheidh mórán le rá acu agus nár mhór an feall é sin?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Múinteoirí scoile, iar-mhúinteoirí scoile agus córas oideachais na tíre seo…. Agus cá mhéad iar-mhúinteoir scoile atá anois ina pholaiteoir sa tír…?

    Ag bómánú na Gaeilge ar mhaithe le foghlaimeoirí a chuimsiú agus iad a shásamh ach, dár ndóighe, cha dtig achan duine a shásamh sa tsaol seo…

    In áit bheith ag tabhairt ar léitheoirí nuachta Gaeilge aithris a dhéanamh ar an nuacht Bhéarla cad chuige nach ndéanann an nuacht Béarla aithris ar an nuacht Ghaeilg?