Moladh go gcuirfí deireadh leis an nGaeilge d’iontráil ollscoile fágtha ar lár sa cháipéis is déanaí ón IUA

D’fhéadfaí, áfach, filleadh arís ar cheist riachtanas na Gaeilge d’iontráil Ollscoile ag brath ar athruithe ar pholasaí náisiúnta

University-College-Cork-Panorama-2012
Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, a chuir i gcoinne mholadh an IUA go gcuirfí deireadh leis an riachtanas Gaeilge.

Ní mholtar go gcuirfí deireadh leis an riachtanas Gaeilge d’iontráil ollscoile sa cháipéis is déanaí a bhaineann leis an athbhreithniú atá á dhéanamh ag Cumann na nOllscoileanna Éireannacha (IUA) ar an gcóras roghnaithe agus iontrála do mhic léinn chuig na hOllscoileanna.

Moladh sa chéad tuarascáil ag tascghrúpa an IUA go gcuirfí deireadh leis an riachtanas teanga d’iontráil ollscoile.

Deirtear sa cháipéis is déanaí, a bhfuil cóip de faighte ag Tuairisc.ie, “the National University of Ireland may retain the requirement to present Irish in order to matriculate”.

Tá aguisín, áfach, leis an gcinneadh an moladh faoin nGaeilge a mhaolú.

“It is a matter for the Senate of the National University of Ireland to review this requirement in the contect of emergent national policy on language learning,” a deirtear sa cháipéis is déanaí ón tascghrúpa.

Is léir mar sin go bhfuil údair an cáipéise – Task Group on Reform of University Selection and Entry – Matriculation Proposal (for initial consultation) – den bharúil go bhfillfear arís ar cheist riachtanas na Gaeilge d’iontráil Ollscoile.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, ba é an chéad mholadh ag an tascghrúpa ná nár cheart go mbeadh an Ghaeilge riachtanach do mhic léinn ach amháin do na cúrsaí ollscoile sin a bheidh á gcur ar fáil trí Ghaeilge.

Grád D3 i bpáipéar onóracha nó pas a bheadh ag teastáil sna cásanna sin agus bheadh an riachtanas seo teoranta do chúrsaí “where Irish is the language of instruction”.

Uachtaráin na seacht n-ollscoil sa Phoblacht atá ina mbaill de Chomhairle Chumann na nOllscoileanna Éireannacha agus is é an tOllamh Philip Nolan, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, atá ina chathaoirleach ar an tascghrúpa ar a dtugtar ‘Task Group on Reform of University Selection and Entry’.

Dhiúltaigh Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, do mholadh thascghrúpa Chumann na nOllscoileanna Éireannacha (IUA) deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge i gcomhair iontráil ollscoile.

Ar fhoilsiú an scéil ar an suíomh seo, rinne idir pholaiteoirí agus eagraíochtaí teanga cáineadh láidir ar an moladh faoin nGaeilge.

Tuairiscíodh anseo chomh maith gur chuir léachtóirí teanga iasachta i roinnt institiúidí tríú leibhéal  i gcoinne mholtaí Chumann na nOllscoileanna Éireannacha (IUA) maidir le deireadh a chur leis an riachtanas teanga iasachta d’iontráil ollscoile.