Moladh ag eacnamaí mór le rá go mbainfí stádas AE den Ghaeilge i ndiaidh Brexit

Tá molta ag John FitzGerald go n-athrófaí teanga oifigiúil na hÉireann san Aontas Eorpach ón nGaeilge go dtí an Béarla i ndiaidh don Bhreatain an tAontas a fhágáil

John FitzGerald
John FitzGerald

Ba cheart d’Éirinn iarraidh ar an Aontas Eorpach stádas oifigiúil a bhaint den Ghaeilge agus an Béarla a chur ina háit i ndiaidh Brexit, dar leis an eacnamaí mór le rá, John FitzGerald.

Ag labhairt dó ar an gclár Marian Finucane ar RTÉ Radio One Dé Domhnaigh, dúirt FitzGerald nach mbeidh “aon tír ina labhraítear Béarla, chomh fada is a bhaineann sé leis an AE” fágtha san Aontas nuair a fhágfaidh an Bhreatain agus gur cheart d’Éirinn a chur in iúl “gurbh fhearr linn dá ndéanfaí an obair i mBéarla”.

Mhaígh sé go bhféadfadh sé tarlú nach mbeadh fáil ar cháipéisí de chuid an Aontais Eorpaigh i mBéarla i ndiaidh Brexit agus go mbeifí ag súil go mbeadh na hÉireannaigh atá ag obair in institiúidí éagsúla na Roinne ag plé leis na cáipéisí i nGaeilge nó i mórtheanga eile de chuid na hEorpa, seachas an Béarla.

Dúirt sé le Tuairisc.ie go measann sé go mbeadh sé “thar a bheith deacair” ar Éireannaigh dul i mbun cainte agus plé san Aontas Eorpach dá bhfaighfí réidh le stádas oifigiúil an Bhéarla san Aontas.

“Is í an Ghaeilge teanga oifigiúil na hÉireann san Aontas Eorpach, níl aon stádas ag an mBéarla. Go dtí seo, bhí an Béarla mar theanga oifigiúil ag an Ríocht Aontaithe. Is í an imní atá ormsa ná nach mbeidh tír san Aontas a bheidh an Béarla mar theanga oifigiúil acu agus go mbeadh ar na hÉireannaigh dul i mbun gnó i bhFraincis nó i nGearmáinis. Bheadh sé thar a bheith deacair,” a dúirt sé.

Dúirt sé go mbeadh ar Thithe an Oireachtais a shocrú nár theastaigh stádas oifigiúil ón nGaeilge níos mó agus go gcuirfí an Béarla ina háit. Dá socrófaí air sin a dhéanamh, chaithfí iarraidh ar an Aontas Eorpach an stádas a bhaint den Ghaeilge agus a thabhairt don Bhéarla.

“Caithfidh na cáipéisí móra ar fad a bheith ar fáil i nGaeilge. Beidh siad ar fáil i nGaeilge agus i bhFraincis agus i nGearmáinis ach ní bheidh siad ar fáil i mBéarla. Ní dóigh liom go n-éireofaí as a bheith ag Béarlóireacht ó bhéal sna hinstitiúidí éagsúla, is é an Béarla an teanga is coitianta i measc na mballstát uile, ach más ar cháipéisíocht atá muid ag caint, tá machnamh le déanamh ar an gceist,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Nuair a chuaigh Éire isteach san Aontas Eorpach i 1973, beartaíodh gan stádas oifigiúil a lorg don Ghaeilge toisc go raibh stádas oifigiúil á lorg ag an Ríocht Aontaithe don Bhéarla. D’fhág sé sin nach raibh teanga oifigiúil ag Éirinn san Aontas go dtí gur iarradh stádas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge sa bhliain 2005.

Is í Málta an t-aon tír eile san AE a bhfuil stádas oifigiúil ag an mBéarla ann, ach tá an Mháltais roghnaithe aici sin mar theanga oifigiúil san Aontas.

Bhí conspóid mhór ann an tseachtain seo caite nuair a thuig príomh-idirghabhálaí an Aontais Eorpaigh le fios go mb’fhearr leis dá n-oibreodh oifigigh na Breataine agus an Aontais i bhFraincis agus an Brexit á plé sna míonna amach romhainn.

Fág freagra ar 'Moladh ag eacnamaí mór le rá go mbainfí stádas AE den Ghaeilge i ndiaidh Brexit'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Is í an Ghaeilge teanga oifigiúil na hÉireann san Aontas Eorpach, níl aon stádas ag an mBéarla. Go dtí seo, bhí an Béarla mar theanga oifigiúil ag an Ríocht Aontaithe. Is í an imní atá ormsa ná nach mbeidh tír san Aontas a bheidh an Béarla mar theanga oifigiúil acu agus go mbeadh ar na hÉireannaigh dul i mbun gnó i bhFraincis nó i nGearmáinis. Bheadh sé thar a bheith deacair,” a dúirt sé.

    Ar ndóigh tá an ceart ag John Fitzgerald. Go roghnódh stát teanga a bheith mar theaga oifigiúil na tíre san Aontas Eorpach nuair nach dteastaíonn an teanga céanna a bheith ag an Ard Rúnaí atá le bheith fostaithe i gceannas ar an Roinn atá freagrach as an dteanga sin? Sin é scéal na hÉireann.

    Féach an scéal eile ar Thuairisc, faoin gComhdháil mór atá á eagrú i NUIG an chéad mhí eile agus ní féidir leagan Gaeilge den bhfoirm a fháil le clárú don gcomhdháil!

  • Críostóir Ó Faoláin

    Bleadar, ní féidir stádas mar theanga oibre a bhaint ón Béarla ach d’aon guth ag na baillstáit uile, fad is nach dtoilíonn Éireann lena leithéad, níl aon ghá stádas oifigiúil a bhaint ón Gaeilge ar mhaith leis an mBéarla san Aontas Eorpach.

  • Seán Mag Leannáin

    B’fhéidir go dtabharfaidh siad “tréimhse ama réasúnach” do státseirbhísigh agus polaiteoirí s’againne chun an Fhraincis nó an Ghearmáinis a fhoghlaim!

  • Tadhg Ó hIfearnáin

    Níl an ceart ag John FitzGerald. D’fhoilsigh an Coimisiún ráiteas ina thaobh seo i mí an Mheithimh seo caite, i mBéarla, bien entendu: https://ec.europa.eu/ireland/news/statement-on-behalf-of-the-European-Commission-Representation_en

    Ní fheictear cúis ar bith leis an mBéarla a ruaigeadh ó na hInstitiúidí Eorpacha, ach má dhéantar tuilleadh spáis do theangacha eile na hEorpa tar éis don Ríocht Aontaithe imeacht, cén dóchar?

  • Concubhar

    Sa chéad dul síos nior mhaith liom go mbainfí di an stadas atá ag an nGaeilge san Aontas Eorpach agus is cinnte nach n-aontaím le John Fitzgerald, duine de na h-eacnamaithe ‘móra le rá’ a theip orthu go tubaisteach sinn a ullmhú don tubaiste eacnamaíochta a thug polasaithe (a fuair ionchur ó áisinteacht Fitzgerald féin, an ESRI) Rialtas FF dúinn. Tá go leor fimíneacht sa tir, mar a luann Donncha, ach is cinnte gurb é an bua ag an feachtas ‘Stadas’ ceann de na buanna ba shúntasaí a raibh ag an nGaeilge le blianta fada. Níor cheart é sin a ligint le sruth. Ba cheart don Rialtas stadas na Gaeilge san AE a chosaint (beag an bhaol, is dócha) agus stadas ‘sealadach’ de short éigean eile a lorg son Bhéarla.

  • Dáithí

    Teastaíonn comhthoil na mBallstát uile le stádas oifigiúil a bhaint den Bhéarla .i. beidh veto at gach tír, Éire san áireamh.
    Líonfaimid na poist Ghaeilge agus tar éis na Broimeachta, tógfaimid na poist Bhéarla chomh maith!

  • Manus

    Ní chuireann dearcadh FITZGERALD pioc íontais ar aon duine. Nach brúitear síos ár scórnaigh chuile gur ‘liberal tax and English speaking economy” an dá bhuntáiste atá fágtha ag an stáitín seo. Is língua franca na Eorpa anois é an Béarla agus Béarla níos cruinne ag Pólainnigh ná Gearmáinis/Fraincis. Bhí ar an Státchóras géilleadh don bhfeachtas “Stádas” toisc go mbeadh an Stát maslaithe san Eoraip ag an dornán Gael a bhí sásta dul chun Cúirt na hEorpa chun an stádas teanga oibre don Ghaeilge a bhaint amach. Ach níl aon imní ar an Státchóras cearta teanga a dhiúltú sa tír seo toisc nach bhfuil an toil polaitiúil ann cearta teanga a thabhairt dos na GAEIL !

  • Mairéad Holt

    ……is trua an scéil ach sa gcaoi inar thug a leithéid agus an tUasal Fitzgerald droch-chomhairle don rialtas ó thaobh an choras eacnamaíochta,…..níl baol ann nach mbeidh gach rud i mBéarla mar príomh-theanga oibre na hEorpa de cibé , ach is é an teachtaireacht atá ag teacht ón Uasal Fitzgerald do mhuintir na hEorpa ina measc….ní féidir le hEireann feidhmiú gan an Bhreatain. Más fíor nach féidir le Éire an deis seo a thapú mar Tír í féin…tá sé soiléir go mebidh orainne, luath nó ball, éirí as bheith mar bhall na hEorpa muidne féin…ó thaobh an teachtaireachta de, sin an fhirinne glan….tá a leitheid agus muintir Fitzgerald iomlán ag brath ar cur chuige agus inchinn na Breataine chun feidhmiú……..beimid imithe ón Eoraip taobh istigh cúig bliana, níl muidne ina ann feidhmiú gan an Bhreatain de réir an tUasal Fitzgerald

    Is Mise
    Mairéad Holt