Mol an óige agus tiocfaidh sí, ach an bhfanfaidh sí?

JOHN ALLEN: Tá sé an-soiléir le tamall anois gur eisceacht an t-imreoir a bhíonn ag imirt dá chontae agus é sna tríochaidí

Mol an óige agus tiocfaidh sí, ach an bhfanfaidh sí?

Imreoir óg na Gaillimhe, Conor Walsh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

I rith na seachtaine bhíos faoi bhrú ag bean an tí píosa glantacháin a dhéanamh sa bhaile. Bhí tuairim is leathchéad bliain de stuif a bhaineann le mo shaol ag plé le CLG caite i seomra amháin agus na líonta damhán alla mar chuideachta aige. Ach conas slacht a chur ar an bpraiseach? Tá na céadta clár ar fáil ann, cuid acu a bhailigh mo dhaid agus a théann siar chuig na caogaidí. Níorbh fhada gur thána ar cheann stairiúil ó 2005, an bhliain dheireanach ar thug iománaithe shinsir Chorcaí Corn Mhic Cárthaigh abhaile leo. Ar an lá cinniúnach san ba iad mionúir na Gaillimhe a thug leo corn an Irish Press. Imreoir amháin den chéad chúigear déag a d’imir dóibh an lá sin a bheidh ag tosú arís i gceann seachtaine sa chraobh shinsir. Joe Canning, gan dabht. Bhí Aidan Harte i measc na bhfear ionaid. Díol suime ab ea é nach raibh ach corr-imreoir eile ar an bhfoireann sin a d’imir sinsir don chontae.

Tá sé an-soiléir le tamall anois gur eisceacht an t-imreoir a bhíonn ag imirt don chontae agus é sna tríochaidí. Ach tá craobh na hÉireann buaite ag Gaillimh ag grád na mionúr agus faoi fiche haon rialta go leor ó 2005 (trí cinn de chraobhacha sa dá ghrád ) rud a chiallaíonn go bhfuil imreoirí ag teacht go dtí grád na sinsear acu agus taithí acu ar a bheith ag buachan cluichí móra.

Ní féidir an rud céanna a rá faoi Phort Láirge agus gan ach bua amháin sna mionúir agus bua amháin faoi fiche a haon acu (leis na himreoirí céanna nach mór) sa tréimhse chéanna. Suimiúil go leor níl ach beirt ón dá fhoireann sin ag tosú do shinsir 2017.

Fad is a bhaineann sé le foireann shinsir an chontae, ní chinntíonn bua nó buanna faoi aois aon rud agus is léir nach mbíonn tréimhse imeartha an imreora idirchontae chomh fada sin. I ndiaidh éachtaí chontae an Chláir sa ghrád faoi fiche a haon in 2009, 2012, 2013 agus 2014 cheapamar go raibh ré órga i ndán don chontae ag leibhéal na sinsear. Bhí an chuma sin ar an scéal ceart go leor in 2013, ach is beag cluiche craoibhe atá buaite acu ó bhuaigh siad cluiche ceannais na bliana sin.

I gcoitinne, tá athruithe móra ar shaol an imreora idirchontae. Tá íobairtí móra le déanamh agus ualach oibre thar a bheith trom ag baint leis an gcúram. Tá imreoirí áirithe sásta an praghas a íoc ar feadh tréimhse áirithe, ach níl a bhformhór sásta é a dhéanamh ar bhonn fadtéarmach agus gan mórán seans ann go mbuafaidís aon rud.

Seachtain ó amárach cuirfidh foirne faoi ocht déag (an dream deireanach a dhéanfaidh amhlaidh, is cosúil) chun páirce agus iad thar a bheith bródúil as an deis geansaí ársa a gcontaetha a chaitheamh ar an lá mór i bPáirc an Chrócaigh.

Is deacair léamh agus réamhanailís a dhéanamh ar chluichí mionúir. Bhí ar an nGaillimh bheith an-diongbháilte ina gcluiche leathcheannais i gcoinne Chill Chainnigh. Cúilín fíordhéanach a chinntigh an bua dóibh. Is tosaí speisialta é Jack Canning, nia le Joe, duine de laochra móra na hiomána.

Maidir le Corcaigh bhí an chuma ar an scéal go luath ina gcluiche leathcheannais go rabhadar níos fearr ná Baile Átha Cliath. Tá a dtosaí speisialta acusan freisin – Brian Turnbull (ainm neamhchoitianta sa taobh seo tíre) ó chumann Dhúglais sa chathair.

Ach dar ndóigh is foirne a bhuann cluichí agus i gcás na mionúr ní bhíonn a fhios roimh ré riamh conas mar a bheidh siad an lá is mó agus is tábhachtaí.

Ach is lá ollmhór é dóibh go léir agus déanfaidh siad a ndícheall a n-áit féin a bhaint amach sa stair.

Cé mhéad díobh a bheidh ag imirt sinsir idirchontae in 2027, áfach?

Neosfaidh an aimsir.

Fág freagra ar 'Mol an óige agus tiocfaidh sí, ach an bhfanfaidh sí?'