Moill bhreise ar fhoilsiú polasaí oideachais don Ghaeltacht

Ní cosúil anois go gcuirfear na moltaí faoi pholasaí oideachais don Ghaeltacht i láthair an Rialtais roimh shaoire an tsamhraidh

An tAire Richard Bruton TD. Pictiúr: RollingNews.ie
An tAire Richard Bruton TD. Pictiúr: RollingNews.ie

Tá leide láidir tugtha sa Dáil go bhféadfadh tuilleadh moille a bheith ar fhoilsiú polasaí oideachais don Ghaeltacht atá geallta le tamall maith anois.

Thug an tAire Oideachas agus Scileanna, Richard Bruton le fios i bhfreagra ar cheist ón Teachta Éamon Ó Cuív (FF) i ndeireadh na seachtaine seo caite gur uair éigin le linn na bliana reatha, 2016, a bheadh an polasaí Gaeltachta “á chur faoi bhráid an Rialtais” aige.

I bhfreagra ar cheist ó Catherine Martin TD i ndeireadh na míosa seo caite, dúirt an tAire Bruton gur roimh bhriseadh an tsamhraidh a chuirfeadh sé an polasaí faoi bhráid an Rialtais . 

Níl aon mhíniú tugtha ag an Aire sa bhfreagra is deireanaí uaidh ar chúis na moille.

Dúirt sé leis an Teachta Dála Ó Cuív go raibh “obair idir lámha faoi láthair chun an polasaí deiridh don oideachas Gaeltachta a thabhairt chun críche” agus torthaí an phróisis chomhairliúcháin a chur san áireamh ann.

“Tá na roghanna polasaí agus poitéinseal na ngníomhaíochtaí éagsúla á scrúdú le hais na gcostas agus na dtairbhí, agus i bhfianaise thorthaí an phróisis chomhairliúcháin ar na moltaí polasaí, ach go háirithe na roghanna polasaí a rachadh chun tairbhe na teanga agus an oideachas Gaeltachta,” a dúirt an tAire Bruton.

Thug an tAire le fios freisin go raibh sé aitheanta ag an Rialtas “go bhfuil bearta acmhainní breise ag teastáil chun cur chuige, de réir mar atá léirithe sna Moltaí Polasaí, a chur i bhfeidhm” agus dúirt sé go raibh “cinneadh le déanamh fós” maidir le líon na n-acmhainní a bheidh i gceist.

Fág freagra ar 'Moill bhreise ar fhoilsiú polasaí oideachais don Ghaeltacht'