Moill ar Phlean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain, ach súil lena fhoilsiú ‘san fhómhar’

Tuigtear do Tuairisc.ie gur leis na Ranna Oideachais agus Leanaí atá an plé is mó á dhéanamh ag Roinn na Gaeltachta i dtaobh an phlean cúig bliana don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Moill ar Phlean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain, ach súil lena fhoilsiú ‘san fhómhar’

Tá súil ag Roinn na Gaeltachta an Plean Gníomhaíochta Straitéis 20 Bliain na Gaeilge don tréimhse 2017-2022, a bhí le foilsiú mí Iúil, a fhoilsiú faoi dheireadh an fhómhair.

Thug urlabhraí de chuid na Roinne le fios do Tuairisc.ie go bhfuil “plé leanúnach” ar bun ag an Roinn le tamall anuas leis na ranna rialtais eile agus le dreamanna eile maidir le “spriocanna sonracha agus amscálaí ina leith” a chur le chéile agus a aontú.

Thug an Roinn le fios go bhfuil “moill bheag” ar fhoilsiú an phlean ach go bhfuiltear “ag súil go mbeidh an Plean Gníomhaíochta don tréimhse 2017-2022 á fhoilsiú san fhómhair”.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur leis na Ranna Oideachais agus Leanaí atá an plé is mó á dhéanamh ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair. Meastar gurb iad iad an dá Roinn sin is tábhachtaí sa Phlean nua.

Níos luaithe i mbliana thug iar-aire stáit na Gaeltachta, Seán Kyne le fios go mbeadh an Plean bunaithe ar na tuairimí agus na moltaí atá ar fáil i dtuairisc Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi dhearcadh an phobail i leith na Straitéise 20 Bliain.

Cuireadh an tuairisc sin faoi bhráid chruinniú de Choiste Comhairleach Straitéis 20 Bliain na Gaeilge san earrach agus dúradh go gcuirfí tuairimí bhaill an choiste ina taobh san áireamh chomh maith agus an Plean Gnímh á dhréachtú.

Tá easpa muiníne an phobail i struchtúir na Straitéise luaite go coitianta sa tuairisc a chuir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i dtoll a chéile do Roinn na Gaeltachta. Tá tuairisc an Acadaimh bunaithe ar thuairimí a léirigh an pobal faoin Straitéis ag sraith cruinnithe poiblí a d’eagraigh Roinn na Gaeltachta agus ar 89 aighneacht a fuarthas ón bpobal.

Tá moltaí maidir leis na tosaíochtaí don Straitéis sa tréimhse amach romhainn le fáil i dtuairisc an Acadaimh chomh maith.

Tuairiscítear i gcáipéis an Acadaimh gur tugadh le fios i roinnt de na haighneachtaí faoin straitéis a cuireadh faoi bhráid na Roinne gur “constaic shuntasach” ar chur i bhfeidhm na straitéise an “easpa maoirseachta agus tuairiscithe” a bhaineann leis an gcúram.

Tugtar le fios sna haighneachtaí céanna go bhfuil “doiléire” i measc an phobail maidir le feidhmiú na straitéise.

“Go deimhin, áirítear i líon suntasach aighneachtaí go seasann an easpa tuairiscithe seo sa bhealach go hiomlán ar aon phróiseas athbhreithnithe a bhaineann leis an Straitéis féin, an díospóireacht oscailte san áireamh,” a deirtear i dtuairisc an Acadaimh.

Maítear chomh maith nach léir don phobal go bhfuil “ionadaíocht” acu féin i “struchtúir” na Straitéise.

Moltar sa tuarascáil go gcuimseodh an córas tuairiscithe “beartais atá curtha i gcrích, dul chun cinn ar spriocanna eile, an obair reatha agus spriocanna gnímh don ghearrthréimhse, don mheántréimhse agus don fhadtréimhse”.

Moltar chomh maith go mbeadh “amscála soiléir agus sprioc ama luaite le gach gníomh”.

Nuair a foilsíodh torthaí Dhaonáireamh 2016 níos luaithe i mbliana, dúirt Seán Kyne nárbh gá “athbhreithniú práinneach” a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ach go raibh sé beartaithe plean nua gníomhaíochta a leagan amach don tréimhse 2017-2022.

“Le foilsiú an phlean seo, beifear ag súil go dtabharfaí aghaidh ar na rudaí is tábhachtaí mar a aithneofar iad sa phlean cúig bliana agus go nglacfaidh gach páirtí go fonnmhar leis an deis a gcionn a dhéanamh ar son na Straitéise,” a dúirt sé.

Dúirt sé ar deireadh go raibh an Rialtas agus Roinn na Gaeltachta “tiomanta agus dáiríre” faoi chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain, ach go bhfuil “ról tábhachtach le himirt” ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta maidir le tacú le spriocanna na Straitéise a bhaint amach.

“Creidim gur ag obair i gcomhar lena chéile is fearr a bhainfimid torthaí dearfacha amach le súil go mbeadh feabhas suntasach ar thorthaí dhaonáireamh 2021 mar a bhaineann sé leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht,” a dúirt Kyne.

Fág freagra ar 'Moill ar Phlean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain, ach súil lena fhoilsiú ‘san fhómhar’'

  • Jamie Ó Tuama

    Beidh 2030 buailte linn sula mbeidh an diabhal plean réidh!