MO ROGHA BIA…le Anna Heussaf

MO ROGHA BIA: Don tsraith seo ceistíonn Tuairisc.ie daoine aitheanta faoin mbéile speisialta atá acu. An tseachtain seo, an scríbhneoir, Anna Heussaf.

Anna-Heussaff-2014

B’fhéidir gurb é a réitíonn tú nuair a bhíonn ócáid speisialta agat nó dá mbeadh lá fada agat agus bia suaimhneach uait ina dhiaidh. Fiú mura bhfuil ann ach ceapaire cáise, an bhfuil bealach ar leith agatsa lena réiteach; cén t-arán a theastaíonn, nó an gcaithfidh tú im Kerrygold a bheith agat nó an amhlaidh nach bhfuil aon mhaith ann?

B’fhéidir gur maith leat a bheith ag cócaireacht agus go bhfuil mias ar leith a thaitníonn leat a réiteach, stobhach mairteola mealltach, seans. Pé béile nó mias é, más uasal nó íseal é, tá Tuairisc.ie ag iarraidh do scéal faoin mbéile is deise leat.

An tseachtain seo roinneann an scríbhneoir Anna Heussaff a scéal linn.

Bridget Bhreathnach: Cén béile speisialta atá agat?

Anna Heussaff: Gearg rósta

BB: Cén scéal a bhaineann leis?

AH: Is breá linn bia blasta sa teach s’againne. Is cócaire den scoth é m’fhear céile, tá mé féin cleachtaithe le fada sa chistin agus tá ár mac ag cur spéise áirithe sa cheird le tamall. Laethanta na seachtaine, ithimid béilí simplí: pasta, prátaí bácáilte le liamhás agus cáis leáite, iasc, ispíní agus brúitín, casaróil a réitímid sa gheimhreadh le coimeád sa reoiteoir. Ach ag an deireadh seachtaine, bainimid an-sásamh as béilí ar leith a ithe, mar aon le cúpla gloine fíona ar ndóigh.

Ceann de na béilí is deise liom ná gearg rósta, nó ‘quail’, a ithimid tráthnóna Shathairn b’fhéidir uair sa mhí. Éinín é seo a thógtar ar roinnt feirmeacha in Éirinn, agus a iompórtáltar ón bhFrainc freisin. Áirítear mar ghéim é, mar a dhéantar le feoil colúir, piasúin agus fianna – feolta eile a mholaim a thriail. Maidir le gearg, tá an fheoil mín, geal agus éadrom, mar a bheadh sicín ach é beagán níos boige; agus tá an blas níos iomláine ná blas sicín, ach gan é róláidir ag an am céanna.

Gearg amháin an duine a ithimid, ach don té a mbeadh goile an-mhór aige, seans gur ghá péire. Le brúitín prátaí is fearr a théann si, mar aon le hanlann; agus is féidir sailéad glas a chur léi, nó glasraí simplí ar nós brocailí nó píseanna.

BB: Cén deoch a chuirfeá leis?

AH: Oireann fíon geal nó dearg léi, ach fíon dearg a ólaimidne – agus ná bac an stuif tréan corcra a thagann trasna na n-aigéan ó Mheiriceá Theas nó ón Astráil, agus blas Ribena ar a fhormhór. Tá fíonta iontacha go gach blas agus sparán ar fáil ón bhFrainc, ón Iodáil, ón bPortaingéil agus – cineál atá á thriail againn faoi láthair, tráthúil go leor sna cúinsí polaitiúla – ón gCatalóin.

 

Cómhábhair

  • Sorn te ag 200 céim.
  • Ceangail cosa an éin le chéile trasna ar an mbrollach le cipín manglaim
  • Leag slisín nó dhó bagúin nó prosciutto trasna ar an mbrollach, ionas nach dtriomóidh an fheoil le linn róstála.
  • Cuir na gearga i mias róstála. Níl aon ghá le hola sa mhias.
  • Fág ag róstáil iad ar feadh 20 nóiméad agus sin agat iad réidh le hithe.

 

BB: Cén chaoi a réitíonn tú é – le gur féidir le léitheoirí Tuairisc.ie é a thriáil sa mbaile!

AH: Anlann a dhéanamh le stoc sicín (ach é a bheith go maith – an t-ádh ormsa go mbíonn soláthar sa reoiteoir a réitíonn m’fhear céile go rialta ó shicín úr), agus tiubhú a dhéanamh air le meascán nó roux de bheagán plúir agus ime; cuir stealladh fíona agus caora juniper leis agus sin agat anlann den scoth. Nó mar mhalairt ar an anlann, ceannaigh glóthach cuiríní dearga i searóg agus cuir spúnóg nó dhó ar an bpláta. Murar bhlais tú gearg riamh cheana, molaim go mór í a thriail. D’fhéadfá iarraidh ar ollmhargadh nó ar bhúistéir cinn a ordú más gá; agus i gcás léitheoirí BhÁC, beidh fáil i gcónaí orthu sa siopa iontach sin Fallon & Byrne, gan róchostas orthu mar a bhíonn ar chuid den bhia sa siopa. Bainigí géim as an dinnéar!

 

Tá leagan Béarla dá húrscéal bleachtaireachta Buille Marfach (CIC 2010) scríofa ag Anna Heussaff faoina hainm cleite Anna Sweeney: Deadly Intent (Severn House 2014), atá ar fáil ar líne agus ó shiopaí leabhar.

Ag an Dublin Books Festival, labhróidh sí faoi aistriúcháin ficsin ag ócáid dhátheangach Idir Teangacha, ar an Satharn 15 Samhain ag 2pm, i Smock Alley ar Ché an Adhmaid, BÁC 2.

 

 

 

Fág freagra ar 'MO ROGHA BIA…le Anna Heussaf'

  • Áine Ryan

    Ceapaim go bhfuil na nósanna agus na traidisiúin bianna atá ag daoine thar a bheith suimiúil. Tá nasc mór idir an bia agus an teaghlach, dar liom. B’fhéidir gur cheart díobh sraith eile a dhéanamh do mhic léinn ag tabhairt comhairle dúinn conas bia tapa, sláintúla, blasta a dhéanamh gan mórán costais. Is mac léann mé agus uaireannta bíonn sé deacair dom na bia den chineál thuas luaite a réteach.