MO ROGHA BIA… le Micheál Ó Ciaraidh

Don tsraith seo, ceistíonn Tuairisc.ie daoine aitheanta faoin mbéile speisialta atá acu. An tseachtain seo, Micheál Ó Ciaraidh, láithreoir Cúla4 ar TG4, atá againn.

micheal_o_ciaraidh

B’fhéidir gurb é a réitíonn tú nuair a bhíonn ócáid speisialta agat nó dá mbeadh lá fada agat agus bia suaimhneach uait ina dhiaidh. Fiú mura bhfuil ann ach ceapaire cáise, an bhfuil bealach ar leith agatsa lena réiteach; cén t-arán a theastaíonn, nó an gcaithfidh tú im Kerrygold a bheith agat nó an amhlaidh nach bhfuil aon mhaith ann?

B’fhéidir gur maith leat a bheith ag cócaireacht agus go bhfuil mias ar leith a thaitníonn leat a réiteach, stobhach mairteola mealltach, seans. Pé béile nó mias é, más uasal nó íseal é, tá Tuairisc.ie ag iarraidh do scéal faoin mbéile is deise leat.

An tseachtain seo, roinneann Micheál Ó Ciaraidh a scéal linn.

 

BB: Cén béile speisialta atá agat?

MC: Tá dúil mhór agam i gcúrsaí bia, is ní hé sin sa chócaireacht amháin, caithfidh mé a rá! Má taimse ag iarraidh a bheith folláin is maith liom sailéad úr a bheith agam le sicín istigh ann – neart sicín! Bheadh sé sin agam ag am lóin. Ach um thráthnóna, an béile is mó a thaitníonn liom ná stéig agus sceallóga!

BB: Cén scéal atá agat leis an mbéile, cén fáth a dtaitníonn sé leat?

MC: Má tá an stéig déanta i gceart (tearcbhruite), níl aon rud níos fearr. Tá sé éasca le déanamh agus ní thógann sé an iomarca ama; agus muna n-oibríonn sé amach mar is ceart,  is féidir liom an locht uilig a chur ar an phíosa feoil.

BB: Cén deoch a chuirfeá leis?

MC: Uisce, dar ndóigh! Caithfidh mé a bheith rud beag folláin leis na sceallóga dána sin!

BB: Céard iad na comhábhair?

Mar go bhfuil sé furasta le hullmhú, déanaim iarracht a bheith trialach le luibheanna agus spíosraí éagsúla. Faoi láthair tá mé ag baint úsáid as anlann ‘chimichurri’; d’fhoghlaim mé faoi nuair a bhog mé go Gaillimh. Tá siad iontach ‘posh’ anseo!!

BB: Cén modh déantacháin atá leis? – le gur féidir le léitheoirí Tuairisc.ie é a thriail sa mbaile

MC: Cluasáin orm, ceoil na n-ochtóidí nó na nóchaidí ar an iPod agus, bhuel, sin é.

 

Micheál Ó Ciaraidh. Láithreoir nua Cúla 4 (Luan – Aoine, 4pm – 6pm ar TG4)