MO ROGHA BIA… le Aindrias de Staic

Don tsraith seo, ceistíonn Tuairisc.ie daoine aitheanta faoin mbéile speisialta atá acu. An tseachtain seo, Aindrias de Staic, láithreoir An Jig Gig ar TG4, Dé Domhnaigh ag 8.30pm.

aindrias_de_staic_mo_rogha_bia

B’fhéidir gurb é a réitíonn tú nuair a bhíonn ócáid speisialta agat nó dá mbeadh lá fada agat agus bia suaimhneach uait ina dhiaidh. Fiú mura bhfuil ann ach ceapaire cáise, an bhfuil bealach ar leith agatsa lena réiteach; cén t-arán a theastaíonn, nó an gcaithfidh tú im Kerrygold a bheith agat nó an amhlaidh nach bhfuil aon mhaith ann?

B’fhéidir gur maith leat a bheith ag cócaireacht agus go bhfuil mias ar leith a thaitníonn leat a réiteach, stobhach mairteola mealltach, seans. Pé béile nó mias é, más uasal nó íseal é, tá Tuairisc.ie ag iarraidh do scéal faoin mbéile is deise leat.

An tseachtain seo, roinneann Aindrias de Staic a scéal linn.

Bridget Bhreathnach: Cén béile speisialta atá agat?

Aindrias de Staic: Ceviche Ronnach.

Is é an Ronnach (nó ‘murlis’ mar a ghlaoitear air i dtuaisceart Mhaigh Eo) an t-iasc is fearr liom go mórmhór.

BB: Cén scéal atá agat leis an mbéile, cén fáth a dtaitníonn sé leat?

AdS: Is breá liom i gcónaí bia amh agus an bhliain seo caite thíos sa Spáinn, bhí ceviche agam.

Béile traidisiúnta ó Perú le hiasc úr, amh, atá ann.

BB: Cén deoch a chuirfeá leis?

AdS: Deoch ar bith. B’fhéidir cupán tae uair a’ chloig ina dhiaidh.

BB: Céard iad na comhábhair?

AdS: Ronnach! Ronnach úr is deise. Caithfidh sé a bheith gearrtha suas i bpíosaí beaga deasa. Na comhábhair eile:

  • Líomóid, teile
  • Gairleog
  • Oinniún
  • Salann
  • Coriander
  • Agus ensalata deas leis.

BB: Cén modh déantacháin atá leis? – le gur féidir le léitheoirí Tuairisc.ie é a thriáil sa mbaile!

AdS: Cuir sú cúig teile agus cúig líomóid sa bpota.

Leis an dá ronnach úr, gearr suas iad i bpíosaí beaga. Cuir an t-iasc isteach sa bpota.

Anois gairleog, salann, coriander is rudaí eile den chineál sin a chur isteach.

Feicfidh tú go n-athraíonn dath an éisc.

Tar éis dhá uair a’ cloig, tá an t-iasc réidh le n-ithe!