Mná Mhaigh Cuilinn curaidh Chonnacht ach briseadh croí don Rinn agus do Chill na Martra

Thug Maigh Cuilinn Craobh Idirmheánach Peile Ban Chonnacht leo ag an deireadh seachtaine ach buaileadh an Rinn i gCraobh Idirmheánach na Mumhan agus níor éirigh le Cill na Martra i gCraobh Faoi-21 Peile Chorcaí

Mná Mhaigh Cuilinn curaidh Chonnacht ach briseadh croí don Rinn agus do Chill na Martra

Tadhg Ó hUallacháin, An Rinn ag imirt i gcluiche ceannais Idirmheánach Phort Láirge 2017. Pictiúr: Sean Byrne//Deise Sport

An Rinn sáraithe i gCraobh na Mumhan

Tá deireadh tagtha le séasúr iománaithe na Rinne tar éis do Chill Mháille an Chláir an ceann is fearr a fháil orthu i gcluiche leathcheannais Chraobh Idirmheánach na Mumhan Dé Domhnaigh. Bua trí phointe dhéag a bhí ag Cill Mháille i bPáirc Uí Chíosóg, 0-24 in aghaidh 1-8, agus cé nach dtugann an scór deiridh léiriú iomlán ar scéal an chluiche, bhí an bua tuillte go maith ag na Cláirínigh.

Is iad fir na Gaeltachta ab fhearr a chuir tús leis an imirt agus ní raibh ach dhá nóiméad imeartha nuair a d’aimsigh siad cúl. Fearghal Ó Cuirrín a bháigh an liathróid san eangach chun an chéad scór sa chluiche a fháil. Bhí an bhearna trí phointe sin fós idir na foirne agus thart ar dheich nóiméad imeartha ach bhí Cill Mháille ag teacht ar ais buille ar bhuille. Dhá phointe a bhí eatarthu agus 23 nóiméad imeartha ach d’aimsigh Cill Mháille cúig scór as a chéile roimh dheireadh an chéad leatha rud a d’fhág go raibh fir an Chláir trí phointe chun cinn ag leath ama, 0-10 i gcoinne 1-4.

Chuir Cill Mháille ocht n-iarracht amú sa chéad 30 nóiméad sin ach ní dhearnadar na botúin chéanna sa dara leath agus is iad a d’aimsigh an chéad dhá scór i ndiaidh an bhrisidh. 25 nóiméad a bhí fágtha nuair a laghdaigh an Rinn an bhearna idir na foirne, 0-12 in aghaidh 1-6, ach d’éirigh leis na Cláirínigh sé phointe as a chéile a aimsiú chun naoi bpointe a chur idir na foirne agus ba chaol an seans a bhí ag an Rinn teacht ar ais ansin.

Chun a gceart a thabhairt dóibh, rinne na Déisigh a míle dícheall agus rinne Brian O’Loughlin dhá shábháil den scoth do Chill Mháille le stop a chur le hiarrachtaí ar chúil ó Fhearghal Ó Cuirrín. Ní raibh aon chloí ar na buaiteoirí, áfach, agus d’aimsigh siad cúig phointe eile as a chéile roimh dheireadh na himeartha chun barr maise a chur ar chlár na scór.

Mná Mhaigh Cuilinn ag ceiliúradh

Áine McDonagh Mhaigh Cuilinn ag imirt i gcoinne Naomh Abán i gComórtas Peile na Gaeltachta 2016. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá Craobh Idirmheánach Peile Chonnacht buaite ag foireann peile ban Mhaigh Cuilinn agus bua cuimsitheach acu ar churaidh Shligigh, Naomh Muire, inné. Aon chúl déag a scóráladh sa chluiche agus is iad na Gaillimhigh a bhí buacach, 6-23 i gcoinne 5-4.

Chuir Maigh Cuilinn fíor-dhrochthús leis an gcluiche agus bhí siad 1-1 in aghaidh 0-0 chun deiridh agus gan ach ceithre nóiméad imeartha. In ainneoin an drochthúis sin, níor thóg sé i bhfad ar na Gaillimhigh dul chun cinn. D’aimsigh Megan Ní Dhábharáin cic éirice dóibh agus bhí siad chun tosaigh díreach ina dhiaidh sin. Droch-chic amach a bhí ann agus thapaigh Katie Ní Chartúir an deis cúl eile a scóráil.

Chuaigh foireann Sligigh chun cinn arís i ndiaidh 12 nóiméad nuair a fuair Sarah McMoreland cúl eile ach níor scóráil siad arís go dtí go raibh beagnach leathuair an chloig imeartha. Tugadh deis do Mhaigh Cuilinn ceannas a ghlacadh ar an gcluiche sa tréimhse sin, deis a thapaigh siad le fonn.

Ceithre chúl agus sé phointe dhéag as a chéile a d’aimsigh foireann an Bhaile Dóite sular scóráil an freasúra arís. D’aimsigh Áine Nic Dhonncha, Molly Ní Eidhin agus Megan Ní Dhábharáin cúil dóibh roimh dheireadh an chéad leatha. Farasbarr 5-7 i gcoinne 2-2 a bhí acu ag leath ama agus nuair a scóráil Shannon Ní Chéidigh cúl eile do Mhaigh Cuilinn go luath sa dara leath, bhí sé soiléir go mbeadh an lá leo.

Fuair Naomh Muire trí chúl sa deich nóiméad dheireanacha ach ag snámh in aghaidh easa a bhí siad faoin tráth sin agus tabharfaidh Maigh Cuilinn aghaidh faoi cheann coicíse ar Chionn tSáile i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

Dúglas róláidir do Chill na Martra

Imreoir Chill na Martra, Micheál Ó Deasúna. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Is iad Dúglas curaidh Faoi-21 peile Chorcaí i ndiaidh dóibh bua cúig phointe, 2-11 i gcoinne 2-6, a fháil ar Chill na Martra i bPáirc Uí Rinn oíche Dé Sathairn. Is a bhuíochas dá gcuid saothair sa chéad leath a bhuaigh Dúglas agus iad 2-4 in aghaidh 0-3 chun cinn ag leath ama.

Cé go bhfuil duine d’imreoirí Dhúglais, Seán Powter, roghnaithe ar fhoireann na hÉireann don tsraith idirnáisiúnta, fear gur mó a cháil mar iománaí a bhí mar laoch na himeartha sa chluiche ceannais.

Bhí réalta óg Chorcaí, Shane Kingston, ar fheabhas i agus ba é a d’aimsigh an chéad chúl agus gan ach sé nóiméad imeartha. Ba é imreoir lár na páirce Dhúglais Kevin Flahive a chruthaigh an cúl sin agus ba é a chruthaigh an dara ceann chomh maith. Mike Lynch a scóráil an ceann sin.

Mhéadaigh Dúglas an farasbarr a bhí acu go naoi bpointe, 2-7 in aghaidh 0-3, agus gan ach ceathrú uaire fágtha ach níor ghéill Cill na Martra gan troid. D’aimsigh Tadhg Ó Corcora cúl dóibh sna deich nóiméad dheireanacha agus fuair Micheál Ó Deasúna ceann eile agus gan ach cúig nóiméad fágtha.

Ar an líne a stopadh iarracht eile ag Cill na Martra ar chúl agus bhí an bhearna laghdaithe go dtí cúig phointe, 2-5 in aghaidh 2-10, agus gan fágtha ach ceithre nóiméad. B’in deireadh le teacht aniar Chill na Martra, áfach, agus an lá le Dúglas.

Fág freagra ar 'Mná Mhaigh Cuilinn curaidh Chonnacht ach briseadh croí don Rinn agus do Chill na Martra'