Mná iad 98% de dhaoine atá i mbun chúram an teaghlaigh – léargas nua ar shaol na mban agus na bhfear in Éirinn

Tugtar léargas nua sa taighde is déanaí atá eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ar shaol na bhfear agus na mban in Éirinn

Mná iad 98% de dhaoine atá i mbun chúram an teaghlaigh – léargas nua ar shaol na mban agus na bhfear in Éirinn

Is mná iad beagnach gach duine sa stát a bhíonn i mbun cúram teaghlaigh de réir figiúirí nua ó Dhaonáireamh 2016. De réir na bhfigiúirí nua, a foilsíodh inniu, ba mhná iad 98% de na daoine a bhí i mbun cúram baile sa stát anuraidh.

Bhí á dhá oiread fear i mbun cúram teaghlaigh, áfach, in 2016 ná mar a bhí in 2006 agus 9,200 fear ag fanacht sa bhaile in 2016 le hais an 4,900 fear in 2006.

Léirítear sna figiúirí nua faoi shaol na mban agus na bhfear in Éirinn go bhfuil mná na hÉireann ‘níos oilte’ ná mar atá fir na hÉireann agus cáilíocht tríú leibhéal ag breis agus leathchuid de mhná a bhí idir 25 agus 34 bliain d’aois, i gcomparáid le 42.9% d’fhir san aoisghrúpa céanna.

Ag leibhéal na hArdteiste, rinne níos mó cailíní ná buachaillí na teangacha Gaeilge, Béarla agus Fraincis ag an ardleibhéal. Rinne 45% de chailíní Gaeilge ag an Ardleibhéal in 2016 agus 27% de bhuachaillí. D’éirigh níos fearr leis na cailíní sa scrúdú sin freisin agus grád A nó B faighte ag 25% acu le hais an 12% de bhuachaillí a fuair na grádanna arda céanna.

De réir na bhfigiúirí, oibríonn fir ar feadh níos mó uaireanta ná mná i bhfostaíocht le pá. In 2016, d’oibrigh fir ar feadh 39.7 uaire in aghaidh na seachtaine i bhfostaíocht íoctha, i gcomparáid le 31.7 uaire i gcás na mban. Tá níos mó fir ná mná i bhfostaíocht, agus ráta fostaíochta na bhfear (69.9%) breis is 10 bpointe céatadáin níos airde ná ráta na mban (59.5%) in 2016. Tá an ráta fostaíochta do mhná ag ardú de réir a chéile ó 2012.

Is mná iad formhór na bhfostaithe i réimsí éagsúla fostaíochta: 57% sa réimse ‘proifisiúnaithe’, 80% sa réimse ‘rúnaithe agus riarthóirí’, 84% sa réimse ‘cúram, fóillíocht agus seirbhísí eile, agus 63% sa réimse ‘díolachán agus seirbhís chustaiméirí’. Ba mhná iad níos lú ná an ceathrú cuid (22.2%) de Theachtaí Dála i nDáil Éireann in 2016.

Tá fir sa tromlach i réimsí eile, ar nós réimse na mbainisteoirí, stiúrthóirí agus na n-oifigeach sinsearach, réimse na gceardaithe, agus réimse na n-oibrithe monarchan.

Ba mhná iad formhór na dtuismitheoirí aonair in 2016 freisin agus níl aon athrú tagtha ar an scéal sin ó 2006. Ba mhná iad 92% de thuismitheoirí aonair in 2006 agus ba mhná iad 91% díobh in 2016.

Tá níos mó mná ná fir sa stát, agus 98 fear ann do gach 100 bean. Bhí 2,407,437 bean sa stát in 2016 agus 2,354,428 fear.  Mar sin féin, saolaítear níos mó buachaillí ná cailíní agus tá níos mó buachaillí idir 0-24 bliain d’aois ná mar atá cailíní san aoisghrúpa céanna.

Is í an mheánaois a mbíonn a céad  pháiste ag bean ná 30 bliain d’aois. Tá an aois sin níos airde do mhná atá pósta, 32.7 bliain d’aois, ná mar atá sé do mhná nach bhfuil pósta, 28 bliain d’aois.

Is fir den chuid is mó a chiontaítear as coireanna sa stát. In 2016, b’fhir iad 79% de na daoine a cuireadh chun príosúin. Is do choireanna bóthair agus tráchta den chuid is mó a chiontaítear idir fhir agus mhná. Is fir den chuid is mó freisin, áfach, a bhíonn thíos le coireanna foréigneacha, cé is moite d’ionsaithe gnéis. B’fhir iad 81% de na daoine a maraíodh sa stát in 2016 agus 70% de na daoine a ionsaíodh go tromchúiseach. Ba mhná iad 67% de na daoine a d’fhulaing ionsaí gnéis in 2016.

Maireann mná níos faide ná mar a mhaireann fir, agus an t-ionchas ardaithe don dá dhream ó bhí an daonáireamh deiridh ann in 2011. 83.4 bliain an t-ionchas atá ag mná na hÉireann anois agus 79.6 ag fir, ardú beag ó 82.8 do mhná agus 78.4 d’fhir in 2011.

Fág freagra ar 'Mná iad 98% de dhaoine atá i mbun chúram an teaghlaigh – léargas nua ar shaol na mban agus na bhfear in Éirinn'