Mná a thóg clann le Gaeilge le linn an chéid seo caite á lorg do thogra ealaíne

Tá spéis ar leith ag lucht an togra i máithreacha nach as an nGaeltacht iad ach a shocraigh a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge ‘ainneoin na ndeacrachtaí a bhain leis an gcinneadh sin’

Mná a thóg clann le Gaeilge le linn an chéid seo caite á lorg do thogra ealaíne

Tá an damhsóir Ríonach Ní Néill ar thóir mná a thóg a gclann le Gaeilge le linn an chéid seo caite agus í i mbun togra nua ealaíne i gcomhar le hOireachtas na Gaeilge.

Tá Ní Néill ag iarraidh labhairt leis na mná a thóg a gclann le Gaeilge sna 1960idí, 1970idí agus 1980idí faoina dtaithí agus faoina ndearcadh saoil agus í i mbun an togra seo ina mbreathnófar ar pháirt na mban i “gcruthú agus i gcothú an Stáit le 100 bliain anuas”.

Tá spéis ar leith ag Ní Néill i máithreacha nach as an nGaeltacht iad ach a shocraigh a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge “ainneoin na ndeacrachtaí a bhain leis an gcinneadh sin”.

Casfaidh Ní Néill leis na mná i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath an mhí seo chugainn lena dtaithí a phlé agus cruthóidh sí saothar nua ealaíne a bhunófar ar na comhráite sin. Ócáidí “neamhfhoirmeálta” a bheidh sna cruinnithe seo agus cuirfear sólaistí ar fáil ann.

“Beidh léiriú ilmheán ar siúl faoi dheireadh na bliana, agus braithfidh an cur chuige ar na daoine a thagann chun cinn le linn an taighde agus ar an ábhar a bhíonn ar fáil. Is i réimse an damhsa agus na scannán a bhímse ag plé den chuid is mó ach, d’fhéadfadh agallaimh agus téacs agus eile a bheith i gceist freisin. Seans maith gur meascán a bheidh ann – ní bheidh mé ag iarraidh ar mhná aosta dul ag rince!

“Tá spéis phearsanta agam sa rud mar tógadh mise i gclann Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Rinne mo thuismitheoirí an cinneadh sin agus ba mhaith liom labhairt le daoine eile a rinne an cinneadh sin, tráth a raibh sé deacair a dhéanamh agus na fáthanna agus na cúiseanna a fhiosrú,” a dúirt sí.

Dúirt sí go raibh sí ag súil go mór le bheith ag caint leis na mná “a ndearnadh cinneadh ar a son” maidir lena saol oibre agus tógáil a gclainne i lár an chéid seo caite.

“Níl mórán daoine fós beo a thóg clann sna 1950idí agus tá spéis ar leith agam sna mná a bhí ag tógáil clainne suas go dtús na 1970idí nuair a bhí ar mhná éirí as an obair sa Státseirbhís nuair a phósadh siad. Ní tharlaíonn sé sin sa lá atá inniu ann agus tá an-spéis agam labhairt leis na mná sin – conas a bhí sé nuair a bhíothas ag déanamh cinneadh ar do shon?

“Rinne na mná seo cinneadh rud as an ngnách a dhéanamh, i gcásanna áirithe thiontaigh siad ar theanga eile, bhí spéis acu teanga a athbheochan agus bhí fís acu, ní hamháin dá gclann féin ach fís níos mó don tír, seans,” a dúirt Ní Néill.

Beidh an léiriú beo ar siúl in Oileán Altanach i gcathair na Gaillimhe i dtreo dheireadh na bliana. Is féidir le bean ar bith ar spéis léi a bheith páirteach sa togra teagmháil a dhéanamh le hOireachtas na Gaeilge.