Mná á gciapadh as a bheith ag obair seachas a bheith ag tabhairt aire do leanaí

Tá tuairim ann i gcónaí, nach gcuirtear os ard ach ar éigean í, nár chóir do mhná óga a bheith ag obair ar chor ar bith

Mná á gciapadh as a bheith ag obair seachas a bheith ag tabhairt aire do leanaí

Mar is eol d’aon tuismitheoir óg, baineann strus mór le bheith ag obair agus ag tabhairt cúram do leanbh.

Tá costas tromchúiseach ag baint le cúramóirí leanaí, agus b’fhearr le cuid mhór daoine aire a thabhairt dá bpáistí féin in ionad iad a fhágáil faoi chúram daoine eile.

Ach is beag rogha atá ann don mhóramh. Tá billí agus morgáistí le híoc agus caitheann beirt tuismitheoirí dul amach ag obair. Nuair nach bhfuil ach tuismitheoir amháin i gceist, tá an scéal seacht n-uaire níos measa.

Anuas air sin ar fad, tá an baol ann go bhfágfaí mná ar leataobh sa saol oibre má bhíonn siad ar iarraidh nuair a bhíonn na páistí óg.

Tá caint anois ann gur cheart cabhair a thabhairt do thuismitheoirí i dtaca le costas cúram leanaí, ach níl ann ach caint den chuid is mó. Is beag cabhair cheart atá ar fáil go fóill i ndáiríre.

Agus mar bharr ar an donas, tá iarracht nua ar bun le náire a chur ar thuismitheoirí, agus ar mhná go háirithe, nach bhfuil aon dul as acu ach dul amach ag obair.

D’fhoilsigh Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, tuarascáil ar na mallaibh i leith sláinte daoine óga ar scoil. Bhain an tuarascáil le cúrsaí aclaíochta, murtaill, sláinte mheabhrach is eile.

Ach sna ceannlínte a bhain leis an scéal sna nuachtáin cuireadh milleán ar thuismitheoirí toisc go mbíonn siad amuigh ag obair.

Cuireann tuismitheoirí gnóthacha sláinte na leanaí i mbaol toisc go ‘mbíonn siad as láthair’, a scread an Irish Independent. Agus Bíonn tuismitheoirí a bhíonn ag obair róghnóthach le ham fiúntach a chaitheamh le leanaí, a bhéic Breaking News agus an Western People.

Tá scéal an chúraim linbh sách deacair ag tuismitheoirí óga gan a leithéid de bhrú breise a chur orthu, go háirithe nuair a bhain an tuarascáil féin le fadhbanna sláinte leanaí agus nach raibh ach baint fhánach aige le tuismitheoirí.

Maidir leis na tuismitheoirí féin, mhol an tuarascáil gur cheart dóibh gach iarracht a dhéanamh am fiúntach a chaitheamh lena bpáistí, agus gur tábhachtaí fiúntas an ama ná an méad ama a chaitear leo.

Ach tá sé níos éasca tuismitheoirí a bhíonn ag obair, agus mná a bhíonn ag obair go háirithe, a ionsaí ná aird a dhíriú ar neamhoird itheacháin nó ar thuairimí na ndaoine óga féin faoin mbrú a bhíonn orthu.

Níl sé ceart, ar ndóigh go n-aireodh bean ar bith ‘ciontach’ as a bheith ag obair, go háirithe nuair a smaoinítear ar a laghad cúnaimh a bhíonn ar fáil dóibh i dtaca le hairgead, áiseanna is eile.

Is fíor go bhfuil feabhas áirithe ar an scéal agus an dara bliain réamhscolaíochta saor in aisce á cur ar fáil do pháistí na tíre, ach baineann a chuid deacrachtaí féin leis an socrú sin chomh maith mar ní bhíonn i gceist go hiondúil ach timpeall trí huaire a chloig. Caitear na páistí a bhailiú agus a thabhairt áit éicint eile ina dhiaidh sin.

Bíonn a lán, ar ndóigh, ag brath ar thuismitheoirí na dtuismitheoirí, agus deirtear nach bhfuil ach 10% de thuismitheoirí ag brath go hiomlán ar chúram gairmiúil agus iad ag obair. Mar sin féin, tá tuilleadh cúnaimh ag teastáil, cé nach n-aithneofá an méid sin ar na meáin.

Féach arís an Irish Independent agus an chaoi ar phléigh David Quinn, ó Institiúid Iona, an scéal. Chuir sé i gcoinne na tuairime gur chóir go n-aireodh mná ciontach as cúnamh a lorg, ach labhair sé go láidir chomh maith i gcoinne tacaíocht faoi leith a thabhairt i dtaobh chostas an chúnaimh.

Mhol seisean cúnamh a thabhairt do mhná a théann amach ag obair agus do mhná a fhanann sa mbaile – moladh i ndáiríre a chuireann leis an tuairim gurb é an dualgas bunúsach atá ar bhean ná a chinntiú go bhfuil cúram ar fáil dá leanaí seachas a bheith ag obair sa saol mór.

Ach cén chaoi ar tharla sé gur cuireadh mná a bhíonn ag obair ar a dtriail sna meáin bunaithe ar thuarascáil a phléigh fadhbanna itheacháin páistí thar rud ar bith eile?

Cén fáth go raibh an dearcadh aisteach céanna ag na meáin ar fad i dtaobh an scéil seo?

Tharla sé toisc go bhfuil tuairim ann i gcónaí, nach gcuirtear os ard ach ar éigean í, nár chóir do mhná óga a bheith ag obair ar chor ar bith. Is bunaithe ar an gcineál sin smaointeoireachta, a thapaigh na meáin an deis mná a chiapadh as a bheith ag obair.

Fág freagra ar 'Mná á gciapadh as a bheith ag obair seachas a bheith ag tabhairt aire do leanaí'

  • Seán Mac Gearailt

    A Chara,
    Tá mná ann nach bhfuil an dara suí sa bhuaile acu dul amach ag obair. Ach cad déarfá leis an teachta dála atá ag obair mar phoitigéar ch0mh maith le bheith sa Dáil agus go mbíonn uirthi “personal sacrifice” a dhéanamh chun am a chaitheamh lena páistí. Ní bhionn am t-am aici dul go dtí an halla gleacaíochta chomh minic agus ba mhaith leí.

    Is Mise ,
    Seán Mac Gearailt.