Ag tarrac ar dhá bhliain ó shin d’imigh na hantoiscigh teanga le craobhacha nuair a fógraíodh go raibh Teachta Dála gan Ghaeilge le ceapadh mar Aire Stáit le cúraimí Gaeilge.
Tugadh íde na muc agus na madraí ar Joe McHugh bocht agus é ag dul ar ‘aistear teanga.’ An ‘Taliban Teanga’ ag maíomh go raibh neamhaird á déanamh ar riachtanas na bpobal a raibh an t-aistear déanta acu ón gcliabhán.
Ní raibh an suíomh seo ach tuairim is seachtain ar an saol nuair a chruaigh Joe in aghaidh na hainnise le hagallamh beo a dhéanamh ar TG4 den chéad uair. Bhíomar ag cúbadh chugainn agus sinn ag féachaint air agus níor chabhraigh na deacrachtaí teicniúla a d’fhág nach raibh aon oidhre air ach breac ar an bport.
Bhí a chéad iarracht phoiblí ag Aire Stáit nua, Seán Kyne, Dé Máirt (7 Lá,TG4) agus lena cheart a thabhairt dó chruthaigh sé go maith.
De réir na gcuntas thosaigh Seán Kyne ar a aistear teanga féin nuair a toghadh ina Theachta Dála ar dtús é in 2011, rud a fhágann go bhfuil sé líofa go maith agus ar a chompord.
Nuair a cheistigh Páidí Ó Lionáird é féna spriocanna ní dóigh go raibh aon choinne ag an láithreoir go mbeadh liosta chomh fada agus chomh macánta sin ag fear Mhaigh Cuilinn: breis airgid don Údarás, maoiniú le dealramh don Pholasaí don Oideachas Gaeltachta (nach bhfuil fiú foilsithe fós), borradh de shaghas éigin a chur fén Straitéis Fiche Bliain, féachaint in athuair ar Acht na dTeangacha Oifigiúla (le comhairle an Choimisinéara), comharba a cheapadh ar Mháire Killoran agus pé rud a bheidh agat féin.
Go deimhin tá sé le cruinniú a lorg le Richard Bruton leis an oideachas Gaeltachta a phlé. Fair play dó, ach n’fheadar an bhfuil cloiste ag Richard fé seo, an dtarlóidh sé agus an dtabharfar cluas le héisteacht do mholtaí/éilimh atáthar ag déanamh le blianta.
Luaigh Kyne go raibh cruinniú aige le hArd Rúnaí na Roinne agus státseirbhísigh eile.
N’fheadar an dtógfaidh sé i bhfad ar mandairíní na Ranna éagsúla barrthuisle a bhaint as agus srathair a chur ar a uaillmhian.
Ar a laghad tá sé uaillmhianach agus suim aige sa chúram; murab ionann agus leithéidí Shane Ross arbh fhearr leo a bheith ar an leac is íochtaraí in ifreann ná sna Forbacha.
Earcaíodh Peadar Tóibín (Sinn Féin) le cúpla slais a chaitheamh á rá nach raibh ‘taifead’ rómhaith ag an Rialtas ó thaobh na Gaeilge.
Meabhraíodh ciorruithe substaintiúla ar bhuiséid an Fhorais agus an Údaráis agus gur
gothaí móra ach buillí beaga a bhí ag an Rialtas deireanach maidir leis an nGaeilge.
D’fhógair Peadar gur mhaith leis ‘an Aire nua a chur ar aire’ maidir leis na féidearthachtaí a bheadh ann (idir FF agus SF) a mbillí féin a raideadh os comhair na Dála. Ní haon díobháil an méid sin agus níor chuir an foláireamh an Cadhnach dá bhuille (n’fheadar an bhfuil aon ghaol aige le… á ní fhéadfadh a bheith).
Dúirt Seán féin ná feadar sé cén fhad a bheidh sé san oifig ach bíodh sin mar atá tá sé tar éis an misneach a chothú ábhairín, ar feadh tamaill ar aon nós
Ruairi s. O'Donaill
MA TA SEAN KYNE AG FEIDHMIU MAR BHALL D’FHINE GAEL AGUS MA TA RIALTAS FHINE GAEL MEAITE AR AN NGAEILGE A DHIOTHU DE CHLAR NA CRUINNE ( MAR ATA! ) NI FIU THRAITHNIN A CHUID GEALLTAINIS. DEANFAIDH SE MAR A ORDAIONN A ‘REICHSFUHRER’ FEIN —- O’CIONNAITH!!!!!!!!!!!!!!