Míshastácht le heaspa moltóirí le Gaeilge ag Eolaí Óg BT

Míshástacht léirithe ag tuismitheoirí, múinteoirí agus daltaí scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ag comórtas Eolaí Óg na Bliana ag an RDS i mBÁC

9/1/2015 Pictured are general scenes on the last d
Taispeántas an Eolaí Óig BT. Pictiúr: Photocall Irealnd

Tá a míshástacht léirithe ag tuismitheoirí, múinteoirí agus daltaí scoileanna lán-Ghaeilge faoin gcóras moltóireachta a bhí i bhfeidhm ag Taispeántas an Eolaí Óig BT a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath ag tús na míosa.

Bíonn roinnt mhaith scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta i láthair ag an gcomórtas eolaíochta gach uile bhliain.

Thug múinteoirí eolaíochta agus tuismitheoirí le fios do Tuairisc.ie nach bhfuil siad sásta go mbíonn ar dhaltaí a dhéanann tionscnaimh i nGaeilge a gcuid oibre a mhíniú uaireanta i mBéarla do mholtóirí an chomórtais.

Dúirt urlabhraí ó Taispeántas an Eolaí Óig BT go ndéantar gach iarracht moltóir le Gaeilge a chur ar fáil do scoileanna Gaeilge agus go bhfuil gach iarrathóir ar ‘comhchéim’ ó thaobh na moltóireachta de. Dúirt sí, áfach, gurb é an Béarla “teanga idirnáisiúnta na heolaíochta” agus gurb in an fáth a n-iarrtar ar dhaltaí a dtionscnamh a mhíniú i mBéarla “ó am go chéile”.

Mhínigh Fionnuala Nic Giolla Bháin, atá ag múineadh na heolaíochta i nGaelcholáiste an Phiarsaigh, scoil nua i mBaile Átha Cliath, na deacrachtaí a bhíonn ag daltaí scoileanna Gaeilge agus tionscadail á míniú i mBéarla acu, dar léi.

“Tá éagóir éigin á déanamh ar na daltaí i mo thuairimse agus tuigim gurb í an eolaíocht an rud is tábhachtaí agus gurb í an eolaíocht an rud a bhfuiltear ag déanamh moladh air agus is ollúna agus léachtóirí iad na moltóirí den chuid is mó; tuigim go bhfuil sé deacair teacht ar dhaoine le Gaeilge ach níl sé sásúil, tá na daltaí tar éis an-chuid oibre a dhéanamh ar na tionsnaimh go hiomlán as Gaeilge agus tá na téarmaí ar fad as Gaeilge acu.”

Luann Nic Giolla Bháin mar shampla den ‘éagóir’ seo teideal an tionscnaimh ag cailíní a scoile féin.

“An teideal a bhí ar thionscnamh mo chailíní anseo ná ‘Craobh Ginealaigh de Thréithe Feinitíopacha’ agus an Béarla atá air sin ná ‘Pedigree Charts of Phenotypic Traits’. Ní raibh na téarmaí Béarla ar eolas ag mo chailíní, bhí an obair ar fad déanta i nGaeilge, agus bhí orainn cúpla lá a chaitheamh roimh an Eolaí Óg ag foghlaim na dtéarmaí Béarla agus ba thrua é gur chaith muid é sin a dhéanamh.

“Níl se féaráilte ar shlí. Níl ag fhios agam ar fiú tionscnamh Gaeilge a chur ann mura bhfuil na moltóirí in ann iad a mheas i gceart,” a dúirt sí.

Chuir Coláiste Pobail Osraí isteach ar an gcomórtas i mbliana le trí thionsnamh agus iad faoi stiúir an mhúinteora eolaíochta Lughaidh Ó Néill.

“Bhí trí thionscnamh againn agus mar sin bhí deichniúr moltóirí ag breathnú orthu. Bhí trí ghrúpa de mholtóirí ann, ceathrar, triúr agus triúr. Bhí duine amháin le Gaeilge i measc an cheathrair, bhí giota beag Gaeilge ag duine den chéad triúr agus ansin bhí an triúr eile gan éinne acu le Gaeilge,” a mhínigh an Néilleach.

In aineoinn go raibh grúpaí moltóireachta ann agus gan éinne le Gaeilge iontu, níor mheas an Néilleach go raibh a dhaltaí faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar a rogha teanga.

Ba mhó a imní faoin rian a d’fhágfadh a leithéid de chur chuige ar na daltaí dá mbraithfidís go mbeadh orthu ábhar a tionscadail a aistriú go Béarla.

“Tá cuid mhór duaiseanna buaite againn, mar sin ní bheinn róbhuartha faoi sin ach an rud is measa faoi ná na daltaí féin. Bíonn roinnt acu ag iarraidh go mbeadh an rud dátheangach mar gheall go mbíonn siad buartha nach dtuigfí é ach cuireann muid brú orthu é a dhéanamh i nGaeilge. I mbliana, ag teacht ar ais [dóibh], bhí an-díomá orthu.

Bhí díomá ar chuid dá dhaltaí i mbliana, dar leis an múinteoir eolaíochta ó Choláiste Pobail Osraí.

“Chuaigh an t-uafás oibre isteach ann, sa leabhrán, agus mura mbraitheann siad go bhfuil an leabhrán á léamh, bíonn sé díomách dóibh, go háirithe mura mbuann siad tada agus braitheann siad nach ndearnadh ach leathamharc ar an rud.

“Tá a fhios ag an Eolaí Óg ó mhí Mhéan Fómhair nó mí Dheireadh Fómhair go mbeidh togra Gaeilge ag teacht chucu; níl mórán leithscéal acu gan moltóirí a bheith ar fáil le freastal ar na tionscadail Ghaeilge agus bíonn slam mór tograí Gaeilge thuas ann,” a dúirt sé.

Dúirt an Néilleach le Tuairisc.ie nach gceapann sé go bhfuil mórán iarrachta á dhéanamh ag lucht eagair an Eolaí Óig ó thaobh na Gaeilge de.

“Ní bhíonn an fhoirm iarratais i nGaeilge, bíonn an fhoirm iarrtais i mBéarla. Tá bosca ann le ticeáil “an bhfuil an tionscadal i nGaeilge nó i mBéarla” agus is féidir é sin a thiceáil. Cheapfainn nach ndéanann siad mórán iarrachta.

“An deacracht atá ann ná má tá na daltáí féin ag ceapadh go gcaithfeadh siad aistriú go Béarla ar mhaithe le moltóirí, ní sé sin idéalach. Ní bheidis muiníneach nó bródúil as a dteanga. Goilleann sé ar na daltaí nuair a fheiceann siad nach bhfuil moltóirí ar fáil a thuigeann an méid atá déanta acu,” a dúirt sé.

Dheimhnigh urlabhraí an Eolaí Óig le Tuairisc.ie go bhfuil Gaeilgeoirí i measc na moltóirí agus mhaígh sí go mbíonn iarrthóirí Gaeilge ar comhchéim le hiarrthóirí Béarla.

Dúirt sí go ndéantar gach iarracht moltóir le Gaeilge a chur ar fáil do scoileanna Gaeilge. Dúirt sí, áfach, gurb é an Béarla “teanga idirnáisiúnta na heolaíochta” agus gurb in an fáth a n-iarrtar ar dhaltaí a dtionscnamh a mhíniú i mBéarla “ó am go chéile”.

“However, English is the international language of science, so occasionally students will be asked to translate for the judge. All projects are given equal consideration by the judging panel,” a dúirt an t-urlabhraí.

Tá duais speisialta ann, a ndéanann Foras na Gaeilge urraíocht air, don tionscnamh is fearr i nGaeilge. Ba í Aoibhín Ní Fhionnagáin as Coláiste Oiriall i Muineachán a ghnóthaigh an duais sin i mbliana dá tionscnamh “Suirbhé de lámhscríbhneoireacht ag déanamh comparáide idir dochtúirí agus gnáthdhaoine.”

Ní chuirtear aon chúrsa ollscoile san eolaíocht ar fáil trí mheán na Gaeilge. Fágann sé sin go mbíonn ar dhaltaí Gaelscoile agus Gaeltachta iompú ar an mBéarla nuair a thosaíonn siad ar an tríú leibhéal. Dúirt Nic Giolla Bháin nach in le rá gur ceart an teagasc ar fad a dhéanamh trí Bhéarla.

“B’fhéidir nach leanfaidh na daltaí seo ar aghaidh chuig eolaíocht ag an tríú leibhéal. Níor cheart go mbeadh orthu gach rud a fhoghlaim trí Bhéarla. Cinnte, leis an eolaíocht, tugaimse anois is arís an téarma Béarla mar tuigim go dteastóidh sé uathu ach nuair atáthar ag plé leis an Eolaí Óg, táthar dírithe ar an tionscnamh sin amháin agus níor chóir go mbeadh ort é a fhoghlaim i mBéarla. Is obair sa bhreis í,” a dúirt Fionnuala Nic Giolla Bháin.

Tá comórtas an Eolaí Óig á reáchtáil ó bhí 1963 ann. Chuir 4,616 dalta ó 367 scoil 2,077 tionscnamh faoi bhráid na moltóirí i mbliana – an méid is mó riamh i stair an chomórtais – agus is iomaí scoil lán-Ghaeilge a bhí san iomaíocht. Fuarthas iarratas isteach ó gach aon chontae sa tír ach amháin Fear Manach agus Ard Mhacha.

Fág freagra ar 'Míshastácht le heaspa moltóirí le Gaeilge ag Eolaí Óg BT'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    “Ní bhíonn an fhoirm iarratais i nGaeilge, bíonn an fhoirm iarrtais i mBéarla. Tá bosca ann le ticeáil “an bhfuil an tionscadal i nGaeilge nó i mBéarla” agus is féidir é sin a thiceáil. Cheapfainn nach ndéanann siad mórán iarrachta.

    Ní thuigim cén fáth nach bhfuil foirmeacha iarratais dátheangach a dháileadh ag an chomórtas seo ar achan scoil sa tír faoin am seo. Nach bhfuil dhá theanga oifigiúil in Éirinn? Agus, ar ndóigh, nach mbeadh foirmeacha Gaeilge dáilithe go huathoibríoch ar scoltacha Gaeilge/Gaeltachta?

    B’fhéidir go mba cheart do na scoltacha Gaeilge/Gaeltachta uilig gearán oifigiúil d’aonghuth a dhéanamh lena míshástacht a chur in iúl? Ach an bhfuil sé de nós ag múinteoirí scoile gearán oifigiúil a dhéanamh am ar bith faoin neamhaird a thugtar do theanga dúchais na tíre seo? Is linn uilig an teanga, nár cheart d’achan duine í a fheiceáil/úsáid?

  • Eoghan ONeill

    má ghlactar leis an bhéarla mar theanga idirnáisiúnta na heolaíochta is mór é an buntáiste do na
    tíortha Anglo ar fud an domhain agus míbhuntaiste do lucht na dtíortha eile. Dá nglacfaí leis an Esperanto mar theanga idirchulturtha bheadh cothromaíocht i réim ( nó égalité más fearr leat!)