Míshástacht mar gheall ar ‘easpa cinnteachta’ faoi scoileanna nua Gaeilge i Straitéis Oideachais

Luaitear mar sprioc sa straitéis go mbunófar 400 scoil ‘il-sainchreidmheach’ nó ‘neamh-shainchreidmheach’ nua faoin mbliain 2030 ach ní dhéantar tagairt ar bith d’aon sprioc i leith scoileanna nua lán-Ghaeilge

Míshástacht mar gheall ar ‘easpa cinnteachta’ faoi scoileanna nua Gaeilge i Straitéis Oideachais

Tá míshástacht curtha in iúl ag an bhForas Pátrúnachta toisc nach bhfuil aon sprioc maidir le scoileanna lán-Ghaeilge luaite sa straitéis oideachais a d’fhoilsigh an tAire Oideachais Richard Bruton inniu.

Dúirt Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, ar an gclár Cormac ag a Cúig  ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné gur chóir “sprioc chinnte a bheith luaite sa straitéis” don líon scoileanna lán-Ghaeilge nua a chuirfí ar fáil amach anseo. 

Luaitear mar sprioc sa straitéis go gcuirfí 400 scoil “il-sainchreidmheach” nó “neamh-shainchreidmheach” nua ar fáil faoin mbliain 2030 ach ní dhéantar tagairt ar bith sa cháipéis d’aon sprioc i leith scoileanna lán-Ghaeilge.

Trí thagairt ar fad a dhéantar don Ghaeilge sa cháipéis a seoladh ar maidin. Baineann an chéad tagairt leis an siollabas don Teastas Sóisearach. Gealltar sa cháipéis go gcuirfear “céim 3” den tsraith nua shóisearach i bhfeidhm roimh thús na scoilbhliana 2017.

Baineann an dara tagairt leis an gcuraclam teanga don Ghaeilge agus don Bhéarla sna bunscoileanna. Beidh an curaclam sin “á rolladh amach” sna bunscoileanna “ar bhonn céimnithe” ón mbliain seo go dtí deireadh thréimhse na straitéise in 2019. Beidh an curaclam á chur i bhfeidhm i ngach rang ó na naíonáin shóisearacha suas go dtí Rang a 6.

Gealltar freisin sa cháipéis go bhfoilseofar “straitéis” chun foghlaim na Gaeilge “a neartú” i limistéir na Gaeltachta. Tá sé i gceist ag an Roinn Oideachais an straitéis sin a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana seo agus a chur i bhfeidhm “ar bhonn céimnithe, de réir mar a cheadaíonn acmhainní” roimh thús na scoilbhliana seo chugainn.